+Airteagal 14 Saoráidí aisghabhála réamhthoilithe
---+Airteagal 14 1.
---+Airteagal 14 2.
---+Airteagal 14 3.
---+Airteagal 14 4.
---+Airteagal 14 5.
---+Airteagal 14 6.
---+Airteagal 14 7.
---+Airteagal 14 8.
---+Airteagal 14 9.
---+Airteagal 14 10.
---+Airteagal 14 11.
---+Airteagal 14 12.
---+Airteagal 14 13.
---+Airteagal 14 14.
---+Airteagal 14 15.
---+Airteagal 14 16.
|
Airteagal 14 Saoráidí aisghabhála réamhthoilithe
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 14 1.
|
Féadfaidh duine dlítheanach nó duine nádúrtha ar leis saoráid aisghabhála nó atá ag feidhmiú rialú ar an tsaoráid sin iarraidh a chur isteach chun an tsaoráid sin a bheith réamhthoilithe chuig an údarás inniúil lena bhfuil dlínse aige ar an tsaoráid, mar a ainmnítear de bhun Airteagal 75. Ní bheidh saoráidí nach ndéanann ach oibríocht R13 incháilithe chun iarraidh a chur isteach dá dtagraítear sa chéad fhomhír.
|
|
Airteagal 14 2.
|
Áireofar an fhaisnéis seo a leanas san iarraidh dá dtagraítear i mír 1:
(a)
ainm, uimhir chlárúcháin agus seoladh na saoráide aisghabhála;
(b)
cóipeanna de cheadanna a eisíodh chuig an tsaoráid aisghabhála chun aisghabháil dramhaíola a dhéanamh de bhun Airteagal 23 de Threoir 2008/98/CE, chomh maith leis na caighdeáin agus na deimhnithe lena gcomhlíonann an tsaoráid, i gcás inarb ábhartha;
(c)
tuairisc ar an teicneolaíocht a úsáidtear chun aisghabháil dramhaíola sa tsaoráid aisghabhála a áirithiú ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, a n-iarrtar an réamhthoiliú ina leith, lena n-áirítear teicneolaíocht atá ceaptha chun fuinneamh a shábháil nó astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann le gníomhaíochtaí na saoráide a theorannú;
(d)
an R-chód nó na R-chóid dá dtagraítear in Iarscríbhinn II de Threoir 2008/98/CE maidir leis an oibríocht aisghabhála nó na hoibríochtaí aisghabhála a n-iarrtar an réamhthoiliú ina leith;
(e)
ainmniú agus comhdhéanamh na dramhaíola, na saintréithe fisiceacha agus an cód sainaitheanta dramhaíola nó na cóid sainaitheanta dramhaíola le haghaidh na ndramhaíolacha a n-iarrtar an réamhthoiliú ina leith, mar a liostaítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo nó sa liosta dramhaíola dá dtagraítear in Airteagal 7 de Threoir 2008/98/CE;
(f)
cainníocht iomlán gach cineáil dramhaíola a n-iarrtar an réamhthoiliú ina leith, i gcomparáid leis an toilleadh aisghabhála a gceadaítear don tsaoráid aisghabháil dramhaíola a dhéanamh ina leith de bhun Airteagal 23 de Threoir 2008/98/CE;
(g)
cainníocht na dramhaíola iarmharaí arna giniúint trí aisghabháil na dramhaíola i ndáil le cainníocht an ábhair a aisghabhadh, agus an modh aisghabhála nó diúscartha atá beartaithe le haghaidh na dramhaíola iarmharaí;
(h)
taifid maidir le gníomhaíochtaí na saoráide atá nasctha le haisghabháil dramhaíola, lena gcumhdaítear, go háirithe, cainníocht agus cineálacha na dramhaíola a cóireáladh sna 3 bliana roimhe sin, i gcás inarb ábhartha;
(i)
fianaise nó fianú nár ciontaíodh an duine dlítheanach nó nádúrtha ar leis an tsaoráid nó a fheidhmíonn rialú ar an tsaoráid as loingsiú neamhdhleathach nó aon ghníomh neamhdhleathach eile a dhéanamh i ndáil le bainistiú dramhaíola sna 5 bliana roimh an iarraidh, go háirithe maidir le cosaint an chomhshaoil nó sláinte an duine.
|
|
Airteagal 14 3.
|
Tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 80 chun mír 2 den Airteagal seo a leasú a mhéid a bhaineann le faisnéis atá le háireamh san iarraidh.
|
|
Airteagal 14 4.
|
Beidh feidhm ag an nós imeachta dá dtagraítear i míreanna 5 go 10 den Airteagal seo maidir le saoráid ar cuireadh iarraidh isteach ina leith a réamhthoiliú i gcomhréir le mír 1.
|
|
Airteagal 14 5.
|
Laistigh de 55 lá tar éis don údarás inniúil iarraidh a fháil arna cur isteach de bhun mhír 1 agus ina mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2, déanfaidh sé an iarraidh a mheasúnú agus déanfaidh sé cinneadh i dtaobh an ndéanfaidh sé an iarraidh a fhormheas.
|
|
Airteagal 14 6.
|
I gcás ina mbeidh gach faisnéis dá dtagraítear i mír 2 soláthraithe ag an duine dlítheanach nó an duine nádúrtha dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an t-údarás inniúil an iarraidh a fhormheas agus eiseoidh sé réamhthoiliú maidir leis an tsaoráid lena mbaineann. Féadfar coinníollacha a bheith sa réamhthoiliú a bhaineann le fad an réamhthoilithe, cineálacha agus cainníochtaí na dramhaíola a chumhdaítear leis an réamhthoiliú, an teicneolaíocht a úsáidtear nó coinníollacha eile atá ag teastáil chun a áirithiú go ndéantar an dramhaíl a bhainistiú ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol.
|
|
Airteagal 14 7.
|
De mhaolú ar mhír 6, féadfaidh an t-údarás inniúil diúltú an iarraidh ar réamhthoiliú a fhormheas mura deimhin leis go n-áiritheofar le heisiúint an réamhthoilithe go ndéanfar an dramhaíl a bhainistiú i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola agus le ceanglais eile a leagtar síos i dTreoir 2008/98/CE nó, i gcás inarb ábhartha, go gcuirfear na teicnící is fearr atá ar fáil i bhfeidhm i gcomhréir leis na conclúidí arna mbunú faoi Threoir 2010/75/AE.
|
|
Airteagal 14 8.
|
Cuirfear in iúl an cinneadh chun an iarraidh maidir le réamhthoiliú a dhiúltú nó a fhormheas don duine dlítheanach nó don duine nádúrtha a chuir an iarraidh isteach a luaithe a dhéanfaidh an t-údarás inniúil é agus beidh sé réasúnaithe go cuí.
|
|
Airteagal 14 9.
|
Beidh réamhthoiliú ó shaoráid aisghabhála bailí ar feadh 10 mbliana, mura sonraítear a mhalairt sa chinneadh an iarraidh ar réamhthoiliú a fhormheas. Le linn na tréimhse sin, déanfaidh an t-údarás inniúil cigireacht amháin ar a laghad i gcomhréir le hAirteagal 60. Déanfar cigireachtaí breise más gá ar bhonn an chur chuige measúnaithe rioscabhunaithe dá dtagraítear in Airteagal 62.
|
|
Airteagal 14 10.
|
Féadfaidh an t-údarás inniúil réamhthoiliú saoráide aisghabhála a chúlghairm tráth ar bith, má bhíonn faisnéis ar fáil a léiríonn go bhfuil an fhaisnéis a soláthraíodh i gcomhréir le mír 2 bréagach nó nach bhfuil na coinníollacha i mír 6 á gcomhlíonadh a thuilleadh. Beidh cinneadh chun réamhthoiliú a chúlghairm réasúnaithe go cuí agus cuirfear in iúl é don tsaoráid lena mbaineann.
|
|
Airteagal 14 11.
|
Déanfaidh an duine dlítheanach nó an duine nádúrtha dá dtagraítear i mír 1 aon athrú san fhaisnéis arna cur isteach i gcomhréir le mír 2 a chur in iúl don údarás inniúil láithreach. Déanfaidh an t-údarás inniúil lena mbaineann measúnú cuí ar na hathruithe sin agus, más gá, déanfaidh sé an réamhthoiliú a nuashonrú nó a chúlghairm.
|
|
Airteagal 14 12.
|
I gcás fógra ginearálta a chuirtear isteach i gcomhréir le hAirteagal 13 a bhaineann le loingsithe atá ceaptha dul chuig saoráid réamhthoilithe, déanfar an tréimhse bhailíochta maidir leis an toiliú dá dtagraítear in Airteagal 9(4) a fhadú go 3 bliana. De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann a chinneadh, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, fadú a chur leis an tréimhse bhailíochta ar feadh tréimhse níos giorra ná 3 bliana.
|
|
Airteagal 14 13.
|
Déanfaidh na húdaráis inniúla a d’eisigh réamhthoiliú maidir le saoráid i gcomhréir leis an Airteagal seo, tríd an bhfoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn VI a úsáid, an méid seo a leanas a chur in iúl don Choimisiún agus, i gcás inarb iomchuí, do Rúnaíocht ECFE:
(a)
ainm, uimhir chlárúcháin agus seoladh na saoráide aisghabhála;
(b)
tuairisc ar an teicneolaíocht a úsáideadh, agus an R-chód nó na R-chóid dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2008/98/CE;
(c)
an cód sainaitheanta dramhaíola nó na cóid sainaitheanta dramhaíola le haghaidh na ndramhaíolacha a bhfuil feidhm ag an réamhthoiliú ina leith;
(d)
an chainníocht fhoriomlán réamhthoilithe;
(e)
tréimhse bhailíochta an réamhthoilithe;
(f)
aon athrú sa réamhthoiliú;
(g)
aon athrú san fhaisnéis a fógraíodh;
(h)
aon chúlghairm maidir leis an réamhthoiliú.
|
|
Airteagal 14 14.
|
De mhaolú ar Airteagail 9, 10 agus 12, beidh an toiliú arna thabhairt i gcomhréir le hAirteagal 9(1), na coinníollacha arna bhforchur i gcomhréir le hAirteagal 10 nó na hagóidí arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 12 ag gach údarás inniúil lena mbaineann i leith fógra maidir le loingsiú atá beartaithe lena sheoladh chuig saoráid réamhthoilithe faoi réir teorainn ama de 7 lá oibre tar éis an dáta ar cuireadh an fógróir ar an eolas i gcomhréir le hAirteagal 8(12) go raibh an fógra comhlánaithe mar is ceart.
|
|
Airteagal 14 15.
|
Más mian le húdarás inniúil amháin nó níos mó faisnéis bhreise a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 8(2), (4), (7) nó (9), i ndáil le fógra maidir le loingsithe chuig saoráid réamhthoilithe, déanfar na tréimhsí a luaitear sna míreanna sin, agus in Airteagal 8(3) agus (8), a ghiorrú go:
(a)
5 lá oibre i gcás Airteagal 8(2), (3), (7) agus (8); agus
(b)
3 lá oibre i gcás Airteagal 8(4) agus (9).
|
|
Airteagal 14 16.
|
D’ainneoin mhír 14, féadfaidh údarás inniúil cinn scríbe lena mbaineann a chinneadh go bhfuil tuilleadh ama ag teastáil chun faisnéis nó doiciméadacht bhreise a fháil ón bhfógróir. I gcásanna den sórt sin, déanfaidh an t-údarás inniúil sin, laistigh de 7 lá oibre ón dáta tar éis a cuireadh in iúl don fhógróir i gcomhréir le hAirteagal 8(12) go bhfuil an fógra comhlánaithe mar is ceart, an méid sin a chur in iúl don fhógróir agus do na húdaráis inniúla eile lena mbaineann. Ní bheidh an t-am iomlán atá ag teastáil chun ceann de na cinntí dá dtagraítear in Airteagal 9(1) a dhéanamh níos mó ná 30 lá ón dáta a cuireadh in iúl don fhógróir i gcomhréir le hAirteagal 8(12) go bhfuil an fógra comhlánaithe mar is ceart.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|