+Airteagal 15 Forálacha breise maidir le aisghabháil eatramhach agus diúscairt eatramhach
---+Airteagal 15 1.
---+Airteagal 15 2.
---+Airteagal 15 3.
---+Airteagal 15 4.
---+Airteagal 15 5.
---+Airteagal 15 6.
---+Airteagal 15 7.
---+Airteagal 15 8.

Airteagal 15 Forálacha breise maidir le aisghabháil eatramhach agus diúscairt eatramhach

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 15 1.
I gcás ina bhfuil loingsiú beartaithe le haghaidh aisghabháil eatramhach nó diúscairt eatramhach, léireofar freisin sa doiciméad fógartha na saoráidí uile ina bhfuil sé beartaithe aisghabháil eatramhach nó neamheatramhach í nó diúscairt eatramhach nó neamheatramhach a dhéanamh ina dhiaidh sin, sa bhreis ar an aisghabháil eatramhach tosaigh nó an diúscairt eatramhach tosaigh.
Airteagal 15 2.
Ní thabharfaidh na húdaráis inniúla seolta agus na húdaráis inniúla cinn scríbe a dtoiliú do loingsiú dramhaíola atá beartaithe le haghaidh oibríocht aisghabhála eatramhaí nó oibríocht diúscartha eatramhaí ach amháin má mheasann siad go bhfuil na coinníollacha in Airteagal 11 á gcomhlíonadh nó nach bhfuil aon chúis acu le hagóid a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 12, maidir leis an loingsiú nó na loingsithe chuig na saoráidí a dhéanann aon aisghabháil eatramhach nó neamheatramhach nó diúscairt eatramhach nó neamheatramhach ina dhiaidh sin.
Airteagal 15 3.
Laistigh de dhá lá oibre tar éis don tsaoráid ina ndéantar oibríocht aisghabhála eatramhaí nó oibríocht diúscartha eatramhaí an dramhaíl a fháil, soláthróidh an tsaoráid sin deimhniú chuig an bhfógróir agus do na húdaráis inniúla lena mbaineann go bhfuarthas an dramhaíl. Déanfar an deimhniú sin a sholáthar sa doiciméad gluaiseachta nó a chur i gceangal leis.
Airteagal 15 4.
A luaithe is féidir, ach tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis chur i gcrích oibríocht aisghabhála eatramhaí nó oibríocht diúscartha eatramhaí, agus tráth nach déanaí ná 1 bhliain, nó an tréimhse níos giorra dá dtagraítear in Airteagal 9(6), tar éis an dramhaíl a fháil, déanfaidh an tsaoráid a dhéanfaidh an oibríocht sin, faoina freagracht, deimhniú a sholáthar don fhógróir agus do na húdaráis inniúla lena mbaineann gur cuireadh an oibríocht i gcrích. Déanfar an deimhniú sin a sholáthar sa doiciméad gluaiseachta nó a chur i gceangal leis.
Airteagal 15 5.
I gcás ina ndéanfaidh saoráid aisghabhála nó saoráid diúscartha a dhéanann oibríocht aisghabhála eatramhaí nó oibríocht diúscartha eatramhaí an dramhaíl a sholáthar le haghaidh aon oibríocht aisghabhála eatramhaí nó neamheatramhaí ina dhiaidh sin nó aon oibríocht diúscartha eatramhaí nó neamheatramhaí ina dhiaidh sin chuig saoráid atá sa tír cinn scríbe, gheobhaidh an chéad saoráid a luaithe is féidir ach tráth nach déanaí ná 1 bhliain, nó an tréimhse níos giorra dá dtagraítear in Airteagal 9(6), tar éis an dramhaíl a sheachadadh, deimhniú ón tsaoráid sin gur cuireadh an oibríocht diúscartha eatramhaí nó neamheatramhaí agus an oibríocht diúscartha eatramhaí nó neamheatramhaí i gcrích.

Déanfaidh an tsaoráid a chuirfidh i gcrích oibríocht aisghabhála eatramhaí nó oibríocht diúscartha eatramhaí dá dtagraítear i mír 3 na deimhnithe ábhartha a tharchur go pras chuig an bhfógróir agus chuig na húdaráis inniúla lena mbaineann, lena sainaithneofar na loingsithe lena mbaineann na deimhnithe.

Airteagal 15 6.
Chun comhsheasmhacht inneachar an deimhnithe sa chéad fhomhír de mhír 5 a áirithiú ar fud an Aontais, déanfaidh an Coimisiún, in am trátha sula nglacfaidh sé an gníomh cur chun feidhme de bhun Airteagal 27(5), agus tráth nach déanaí ná an 21 Bealtaine 2025, gníomh tarmligthe a ghlacadh lena bhforlíontar an tAirteagal seo lena mbunófar an fhaisnéis atá le soláthar i ndeimhniú den sórt sin. Déanfar an gníomh tarmligthe sin a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 80.
Airteagal 15 7.
I gcás ina ndéantar seachadadh dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo chuig saoráid atá suite sa tír seolta tosaigh nó i mBallstát eile agus ina mbaineann sé le loingsithe dramhaíola dá dtagraítear in Airteagal 4(1), (2) nó (3) éileofar fógra nua i gcomhréir leis an Rialachán seo.
Airteagal 15 8.
I gcás ina ndéantar seachadadh dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo chuig saoráid atá lonnaithe i dtríú tír agus ina mbaineann sé le loingsithe dá dtagraítear in Airteagal 4(1), (2) nó (3), éileofar fógra nua i gcomhréir leis an Rialachán seo agus beidh feidhm ag na forálacha maidir le húdaráis inniúla lena mbaineann freisin maidir le húdarás inniúil bunaidh na tíre seolta bunaidh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas