+Airteagal 18 Ceanglais ghinearálta faisnéise
---+Airteagal 18 1.
---+Airteagal 18 2.
---+Airteagal 18 3.
---+Airteagal 18 4.
---+Airteagal 18 5.
---+Airteagal 18 6.
---+Airteagal 18 7.
---+Airteagal 18 8.
---+Airteagal 18 9.
---+Airteagal 18 10.
---+Airteagal 18 11.
---+Airteagal 18 12.
---+Airteagal 18 13.
---+Airteagal 18 14.
---+Airteagal 18 15.
|
Airteagal 18 Ceanglais ghinearálta faisnéise
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 18 1.
|
Loingsithe dramhaíola dá dtagraítear in Airteagal 4(4) agus (5), beidh siad faoi réir na gceanglas ginearálta faisnéise a leagtar amach i míreanna 2 go 10 den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 18 2.
|
Ní fhéadfaidh an duine a shocraíonn loingsiú dá dtagraítear in Airteagal 3, pointí (7)(ii), (iii) agus (iv), loingsiú dá dtagraítear i mír 1 a shocrú ach amháin tar éis cead a bheith faighte ag an duine sin nó tar éis don duine sin a bheith cláraithe i gcomhréir le Caibidil IV de Threoir 2008/98/CE.
|
|
Airteagal 18 3.
|
Ní dhéanfaidh an duine a shocraíonn an loingsiú dramhaíl a loingsiú ach amháin chuig saoráid aisghabhála dramhaíola a bhfuil cead nó clárú faighte aici i gcomhréir le Caibidil IV de Threoir 2008/98/CE. Cuirfidh an tsaoráid an cead nó cruthúnas ar chlárú faoi bhráid an duine a shocraíonn an loingsiú sula dtarlóidh an loingsiú.
|
|
Airteagal 18 4.
|
Comhlánóidh gach gnóthas a bhfuil baint aige leis an loingsiú an fhoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn VII leis an bhfaisnéis ábhartha ag na pointí a luaitear agus áiritheoidh siad go gcuirfear an fhaisnéis ar fáil go leictreonach i gcomhréir le hAirteagal 27, lena n-áirítear le linn an iompair dramhaíola, do na daoine eile a bhfuil baint acu leis an loingsiú, do na húdaráis inniúla lena mbaineann agus do na húdaráis a bhfuil baint acu le cigireacht. I gcás nach é an duine a shocraíonn an loingsiú táirgeoir bunaidh na dramhaíola dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (7)(i), áiritheoidh an duine a shocraíonn an loingsiú go síneoidh táirgeoir bunaidh na dramhaíola nó duine de na daoine a luaitear in Airteagal 3, pointe (7)(ii), (iii) nó (v), i gcás inarb indéanta, an doiciméad in Iarscríbhinn VII freisin.
|
|
Airteagal 18 5.
|
Déanfaidh an duine a shocraíonn an loingsiú an fhoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn VII a chomhlánú leis an bhfaisnéis ábhartha a mhéid is féidir, tráth nach déanaí ná 2 lá oibre sula gcuirfear tús leis an loingsiú. Mar sin féin, féadfar faisnéis maidir le cainníocht iarbhír na dramhaíola, an t-iompróir nó na hiompróirí agus, i gcás inarb infheidhme, uimhir aitheantais an choimeádáin a chur isteach, ar a dhéanaí, sula gcuirfear tús leis an loingsiú.
|
|
Airteagal 18 6.
|
Mura féidir an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 4 agus 5 a chur ar fáil ar líne le linn an iompair dramhaíola, áiritheoidh an duine a shocraíonn an loingsiú agus an t-iompróir nó na hiompróirí go gcuirfear an fhaisnéis ar fáil ar mhodh eile san fheithicil iompair, ar choinníoll go mbeidh an fhaisnéis comhsheasmhach leis an bhfaisnéis a chuirfear ar fáil go leictreonach i gcomhréir le mír 4 agus mír 5. I gcásanna den sórt sin, áiritheoidh an duine a shocraíonn an loingsiú go ndéanfar aon athrú nó aon bhreisiú ar na doiciméid le linn an iompair dramhaíola a thíolacadh trí chóras dá dtagraítear in Airteagal 27.
|
|
Airteagal 18 7.
|
I gcás ina bhfuil loingsiú beartaithe le haghaidh aisghabháil eatramhach, déanfar an tsaoráid ina bhfuil sé beartaithe aisghabháil eatramhach nó neamheatramhach a chur i gcrích díreach tar éis na haisghabhála eatramhaí tosaigh, agus R-chóid na n-oibríochtaí sin, a léiriú freisin i ndoiciméad Iarscríbhinn VII chomh maith leis an aisghabháil eatramhach tosaigh, agus, i gcás inarb indéanta, léireofar na saoráidí ina bhfuil sé beartaithe aisghabháil a dhéanamh ina dhiaidh sin ar an aisghabháil eatramhach nó neamheatramhach agus R-chóid na n-oibríochtaí aisghabhála gaolmhara sin.
|
|
Airteagal 18 8.
|
Déanfaidh an tsaoráid aisghabhála nó an tsaotharlann, laistigh de dhá lá oibre tar éis an dramhaíl a fháil, deimhniú a sholáthar don duine a shocraíonn an loingsiú go bhfuarthas an dramhaíl tríd an bhfaisnéis ábhartha atá in Iarscríbhinn VII a chomhlánú. I gcás nach bhfuil rochtain ag an tsaoráid aisghabhála nó ag an tsaotharlann ar chóras dá dtagraítear in Airteagal 27, soláthróidh sí an deimhniú tríd an duine a shocraíonn an loingsiú.
|
|
Airteagal 18 9.
|
Soláthróidh an tsaoráid aisghabhála deimhniú, faoina freagracht féin, a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis chur i gcrích na hoibríochta aisghabhála, agus tráth nach déanaí ná 1 bhliain tar éis fháil na dramhaíola, gur cuireadh an aisghabháil i gcrích tríd an bhfaisnéis ábhartha a chuimsítear in Iarscríbhinn VII a líonadh isteach. I gcás nach bhfuil rochtain ag an tsaoráid aisghabhála ar chóras dá dtagraítear in Airteagal 27, soláthróidh sí an deimhniú tríd an duine a shocraíonn an loingsiú.
|
|
Airteagal 18 10.
|
Beidh gach loingsiú dramhaíola dá dtagraítear in Airteagal 4(4) agus (5) faoi réir an cheanglais maidir le conradh a thabhairt i gcrích idir an duine a shocraíonn an loingsiú dramhaíola agus an coinsíní chun an dramhaíl a aisghabháil. Murab é an coinsíní oibreoir na saoráide, síneoidh oibreoir na saoráide an conradh freisin. Tabharfar an conradh dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcrích agus beidh éifeacht leis ar a dhéanaí faoin tráth a chomhlánófar doiciméad Iarscríbhinn VII i gcomhréir le mír 5 agus leanfaidh sé d’éifeacht a bheith leis ar feadh thréimhse an loingsithe go dtí go n-eiseofar deimhniú i gcomhréir le mír 9. Beidh an conradh comhsheasmhach leis an doiciméad nó na doiciméid chomhfhreagracha in Iarscríbhinn VII agus, ar a laghad, beidh faisnéis ann faoin duine a shocraíonn an loingsiú dramhaíola, faoin gcoinsíní agus faoin tsaoráid, faoi chéannacht na ndaoine a dhéanann ionadaíocht ar gach páirtí, an tuairisc ar an dramhaíl, na cóid sainaitheanta dramhaíola, cainníocht na dramhaíola a chumhdaítear leis an gconradh, an oibríocht aisghabhála agus tréimhse bhailíochta an chonartha. I gcás nach féidir loingsiú dramhaíola ná aisghabháil na dramhaíola sin a chur i gcrích mar a bhí beartaithe nó i gcás ina ndearnadh an loingsiú mar loingsiú neamhdhleathach, áireofar sa chonradh oibleagáid go bhfuil ar an duine a shocraíonn an loingsiú nó, i gcás nach féidir leis an duine sin chur i gcrích an loingsiú dramhaíola ná aisghabháil na dramhaíola sin a áirithiú, ar an gcoinsíní í a ghlacadh ar ais nó a áirithiú go ndéanfar í a aisghabháil ar bhealach malartach, agus, más gá, go stórálfar í idir an dá linn.
|
|
Airteagal 18 11.
|
Soláthróidh an duine a shocraíonn an loingsiú nó an coinsíní cóip den chonradh dá dtagraítear i mír 10 agus cóip d’aon chomhaontú de bhun Airteagal 4(5) do na húdaráis a bhfuil baint acu le cigireachtaí arna iarraidh sin dóibh.
|
|
Airteagal 18 12.
|
An fhaisnéis a éilítear in Iarscríbhinn VII, beidh fáil uirthi chun críoch cigireachta, forfheidhmithe, pleanála agus staidrimh ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 27 agus leis an reachtaíocht náisiúnta.
|
|
Airteagal 18 13.
|
An fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 2 go 9, caithfear léi mar fhaisnéis rúnda i gcás ina bhfuil gá leis sin de réir reachtaíocht an Aontais nó na reachtaíochta náisiúnta.
|
|
Airteagal 18 14.
|
I gcás ina loingsítear an dramhaíl idir dhá bhunaíocht faoi rialú an eintitis dhlítheanaigh chéanna, féadfar dearbhú arna dhéanamh ag an eintiteas dlítheanach sin a chur in ionad an chonartha dá dtagraítear i mír 10. Cumhdóidh an dearbhú sin mutatis mutandis na hoibleagáidí dá dtagraítear i mír 10.
|
|
Airteagal 18 15.
|
Faoin 21 Bealtaine 2026, glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 80 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí threoracha a leagan amach maidir le conas doiciméad Iarscríbhinn VII a chomhlánú.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|