+Airteagal 24 Costais a bhaineann le glacadh ar ais nuair nach féidir loingsiú a chur i gcrích mar a bhí beartaithe
---+Airteagal 24 1.
---+Airteagal 24 2.
---+Airteagal 24 3.
---+Airteagal 24 4.

Airteagal 24 Costais a bhaineann le glacadh ar ais nuair nach féidir loingsiú a chur i gcrích mar a bhí beartaithe

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 24 1.

Costais a eascraíonn as glacadh ar ais nó aisghabháil nó diúscairt ar bhealach malartach dramhaíola ó loingsiú nach féidir a chur i gcrích mar a bhí beartaithe, lena n-áirítear costais a bhaineann le hiompar dramhaíola, aisghabháil nó diúscairt de bhun Airteagal 22(2) nó (3), agus, amhail ón dáta a fhaigheann an t-údarás inniúil seolta amach nach féidir loingsiú dramhaíola ná an aisghabháil ná an diúscairt a chur i gcrích mar a bhí beartaithe, gearrfar costais stórála de bhun Airteagal 22(10) de réir an oird seo a leanas:

(a) 

an fógróir tosaigh nó, más dodhéanta é sin, i gcomhréir le pointe (b);

(b) 

duine nádúrtha nó dlítheanach a meastar gurb é an fógróir é i gcomhréir le hAirteagal 22(11) nó (12), i gcás inarb ábhartha nó, más dodhéanta é sin, i gcomhréir le pointe (c);

(c) 

daoine nádúrtha nó dlítheanacha eile de réir mar is iomchuí; nó más dodhéanta é sin, i gcomhréir le pointe (d);

(d) 

an t-údarás inniúil seolta; nó, más dodhéanta é sin freisin i gcomhréir le pointe (e);

(e) 

faoi mar a chomhaontaítear idir na húdaráis inniúla lena mbaineann.

Airteagal 24 2.
Sula ngearrfar costais ar dhuine eile seachas an fógróir tosaigh, úsáidfear an ráthaíocht airgeadais nó an t-árachas coibhéiseach dá dtagraítear in Airteagal 7. Mura bhfuil aon ráthaíocht airgeadais nó árachas coibhéiseach ann nó más mó na costais ná méid chumhdach na ráthaíochta airgeadais nó an árachais choibhéisigh, gearrfar na costais i gcomhréir leis an ord a léirítear i mír 1.
Airteagal 24 3.
Beidh feidhm mutatis mutandis ag an Airteagal seo maidir le costais a eascraíonn as dramhaíl a ghlacadh ar ais nó a aisghabháil ar bhealach malartach i gcomhréir le hAirteagal 23.
Airteagal 24 4.
Beidh an tAirteagal seo gan dochar do dhlí an Aontais agus don dlí náisiúnta a bhaineann le dliteanas.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas