+Airteagal 24 1.

Airteagal 24 1.

Costais a eascraíonn as glacadh ar ais nó aisghabháil nó diúscairt ar bhealach malartach dramhaíola ó loingsiú nach féidir a chur i gcrích mar a bhí beartaithe, lena n-áirítear costais a bhaineann le hiompar dramhaíola, aisghabháil nó diúscairt de bhun Airteagal 22(2) nó (3), agus, amhail ón dáta a fhaigheann an t-údarás inniúil seolta amach nach féidir loingsiú dramhaíola ná an aisghabháil ná an diúscairt a chur i gcrích mar a bhí beartaithe, gearrfar costais stórála de bhun Airteagal 22(10) de réir an oird seo a leanas:

(a) 

an fógróir tosaigh nó, más dodhéanta é sin, i gcomhréir le pointe (b);

(b) 

duine nádúrtha nó dlítheanach a meastar gurb é an fógróir é i gcomhréir le hAirteagal 22(11) nó (12), i gcás inarb ábhartha nó, más dodhéanta é sin, i gcomhréir le pointe (c);

(c) 

daoine nádúrtha nó dlítheanacha eile de réir mar is iomchuí; nó más dodhéanta é sin, i gcomhréir le pointe (d);

(d) 

an t-údarás inniúil seolta; nó, más dodhéanta é sin freisin i gcomhréir le pointe (e);

(e) 

faoi mar a chomhaontaítear idir na húdaráis inniúla lena mbaineann.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas