+Airteagal 41 Liosta tíortha a bhfuil sé údaraithe dramhaíl neamhghuaiseach ón Aontas a onnmhairiú chucu lena haisghabháil
---+Airteagal 41 1.
---+Airteagal 41 2.
---+Airteagal 41 3.
---+Airteagal 41 4.
---+Airteagal 41 5.
---+Airteagal 41 6.
---+Airteagal 41 7.
---+Airteagal 41 8.
|
Airteagal 41 Liosta tíortha a bhfuil sé údaraithe dramhaíl neamhghuaiseach ón Aontas a onnmhairiú chucu lena haisghabháil
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 41 1.
|
Tá de chumhacht ag an gCoimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 80 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí liosta tíortha a bhunú nach bhfuil feidhm ag Cinneadh ECFE maidir leo agus a bhfuil sé údaraithe dramhaíolacha neamhghuaiseacha agus meascáin de dhramhaíolacha neamhghuaiseacha ón Aontas a onnmhairiú chucu lena haisghabháil (‘liosta tíortha a bhfuil sé údaraithe onnmhairiú chucu’). Áireofar sa liosta sin tíortha a chuir iarraidh isteach de bhun Airteagal 42(1) agus a léirigh go gcomhlíonann siad na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 42(3), ar bhonn measúnú arna dhéanamh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 43, agus a d’aontaigh Airteagal 42(5) a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 41 2.
|
Áireofar an fhaisnéis seo a leanas sa liosta dá dtagraítear i mír 1:
(a)
ainm na dtíortha a bhfuil sé údaraithe dramhaíolacha neamhghuaiseacha agus meascáin de dhramhaíolacha neamhghuaiseacha ón Aontas a onnmhairiú chucu lena n-aisghabháil;
(b)
dramhaíolacha sonracha neamhghuaiseacha agus na meascáin shonracha de dhramhaíolacha neamhghuaiseacha a údaraítear lena n-onnmhairiú ón Aontas chuig gach tír dá dtagraítear i bpointe (a);
(c)
faisnéis amhail seoladh idirlín, a chumasóidh rochtain ar liosta saoráidí atá ceadúnaithe faoi reachtaíocht intíre gach tíre dá dtagraítear i bpointe (a) chun aisghabháil na dramhaíola agus na meascán dramhaíolacha dá dtagraítear i bpointe dá dtagraítear i bpointe (b) a dhéanamh;
(d)
faisnéis faoin nós imeachta sonrach um rialú, más ann dó, a bhfuil feidhm aige faoi reachtaíocht intíre gach tíre dá dtagraítear i bpointe (a) maidir le hallmhairiú na ndramhaíolacha dá dtagraítear i bpointe (b), lena n-áirítear léiriú ar cé acu an bhfuil allmhairiú na ndramhaíolacha a liostaítear in Iarscríbhinn IX a ghabhann le Coinbhinsiún Basel faoi réir an nós imeachta um réamhfhógra agus réamhthoiliú i scríbhinn dá dtagraítear in Airteagal 38 nó nach bhfuil.
|
|
Airteagal 41 3.
|
Glacfar an liosta dá dtagraítear i mír 1 faoin 21 Samhain 2024, ach amháin i gcás nach gcuireann aon tír iarraidh isteach de bhun Airteagal 42(1) nó i gcás nach gcomhlíonann aon tír na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 42(3) amhail an tráth sin. Faoin 21 Lúnasa 2026, rachaidh an Coimisiún i dteagmháil le gach tír nach bhfuil feidhm ag Cinneadh ECFE maidir léi, chun an fhaisnéis riachtanach a sholáthar dóibh maidir le conas is féidir leo a bheith san áireamh ar an liosta tíortha a bhfuil sé údaraithe onnmhairiú chucu. Chun a bheith san áireamh ar an liosta tíortha a bhfuil sé údaraithe onnmhairiú chucu arna ghlacadh faoin 21 Samhain 2026, cuirfidh na tíortha nach bhfuil feidhm ag Cinneadh ECFE maidir leo a n-iarraidh isteach de bhun Airteagal 42(1) faoin 21 Feabhra 2025.
|
|
Airteagal 41 4.
|
Déanfaidh an Coimisiún an liosta tíortha a bhfuil sé údaraithe onnmhairiú chucu a thabhairt cothrom le dáta go rialta, agus gach 2 bhliain ar a laghad tar éis bhunú an liosta, chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)
tír a chur leis an liosta ar tír í a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 42;
(b)
tír a bhaint den liosta a scoireann de na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 42 a chomhlíonadh;
(c)
an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 a thabhairt cothrom le dáta, ar bhonn iarraidh arna fáil ón tír lena mbaineann agus, má bhaineann an iarraidh sin le dramhaíolacha nua nó meascáin de dhramhaíolacha nua a chur leis an liosta, ar choinníoll gur léirigh an tír lena mbaineann go gcomhlíonann sí na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 42 i ndáil leis na dramhaíolacha nua nó na meascáin de dhramhaíolacha nua i dtracht;
(d)
aon eilimint eile a áireamh ar an liosta nó a bhaint de, atá ábhartha maidir lena áirithiú go bhfuil faisnéis chruinn nuashonraithe ar an liosta.
|
|
Airteagal 41 5.
|
Tar éis dó an fhaisnéis agus an fhianaise dá dtagraítear in Airteagal 42(5) a fháil, féadfaidh an Coimisiún faisnéis bhreise a iarraidh ar an tír lena mbaineann chun léiriú a fháil go bhfuil na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 42(3)fós á gcomhlíonadh aici.
|
|
Airteagal 41 6.
|
I gcás ina dtagann faisnéis chun cinn a léiríonn ar bhealach inchreidte nach bhfuil na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 42 á gcomhlíonadh a thuilleadh i gcás tír atá san áireamh cheana ar an liosta dá dtagraítear i mír 1, iarrfaidh an Coimisiún ar an tír sin a tuairimí faoin bhfaisnéis sin a sholáthar, laistigh de thréimhse 2 mhí ar a mhéad ón iarraidh sin, chomh maith le fianaise thacaíochta ábhartha ina léirítear go bhfuil na ceanglais sin fós á gcomhlíonadh. Féadfar tréimhse bhreise 2 mhí a chur leis an tréimhse sin i gcás ina ndéanann an tír lena mbaineann iarraidh réasúnaithe ar an síneadh sin.
|
|
Airteagal 41 7.
|
I gcás nach soláthraíonn an tír lena mbaineann a tuairimí agus an fhianaise thacaíochta arna hiarraidh laistigh den teorainn ama dá dtagraítear i mír 6, nó i gcás nach leordhóthanach an fhianaise arna soláthar chun a léiriú go bhfuil na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 42 fós á gcomhlíonadh, bainfidh an Coimisiún an tír sin den liosta gan moill mhíchuí.
|
|
Airteagal 41 8.
|
Féadfaidh an Coimisiún dul i dteagmháil tráth ar bith le tír atá san áireamh ar an liosta dá dtagraítear i mír 1 chun faisnéis a fháil atá ábhartha maidir lena áirithiú go mbeidh na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 42 fós á gcomhlíonadh ag an tír sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|