+Airteagal 44 Córas ginearálta maidir le honnmhairí dramhaíola
---+Airteagal 44 1.
---+Airteagal 44 2.
---+Airteagal 44 3.
---+Airteagal 44 4.
---+Airteagal 44 5.
---+Airteagal 44 6.
---+Airteagal 44 7.
---+Airteagal 44 8.

Airteagal 44 Córas ginearálta maidir le honnmhairí dramhaíola

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 44 1.
I gcás ina ndéantar dramhaíl dá dtagraítear in Airteagal 4(2) go (5) a onnmhairiú ón Aontas agus í beartaithe lena haisghabháil i dtíortha a bhfuil feidhm ag Cinneadh ECFE maidir leo, le hidirthuras nó gan idirthuras trí thíortha a bhfuil feidhm ag Cinneadh ECFE maidir leo, beidh feidhm mutatis mutandis ag forálacha Theideal II, agus ag na hoiriúnuithe agus na forálacha breise a liostaítear i míreanna 2, 3, 4 agus 6.
Airteagal 44 2.

Beidh feidhm ag na hoiriúnuithe seo a leanas:

(a) 

soláthróidh an fógróir, i gceangal leis an doiciméad fógartha, fianaise dhoiciméadach go ndearnadh iniúchadh dá dtagraítear in Airteagal 46(3) sa tsaoráid a bhfuil an dramhaíl á honnmhairiú chuici, ach amháin má tá feidhm ag an díolúine in Airteagal 46(11);

(b) 

meascáin de dhramhaíolacha a liostaítear in Iarscríbhinn IIIA atá beartaithe le haghaidh oibríocht eatramhach, beidh siad faoi réir an nós imeachta um réamhfhógra agus réamhthoiliú i scríbhinn má tá aon oibríocht aisghabhála eatramhaí nó neamheatramhaí ina dhiaidh sin nó aon oibríocht diúscartha neamheatramhaí ina dhiaidh sin le bheith ann i dtír nach bhfuil feidhm ag Cinneadh ECFE maidir léi;

(c) 

beidh dramhaíl a aicmítear faoi iontráil B3011 faoi réir an nós imeachta um réamhfhógra agus réamhthoiliú i scríbhinn;

(d) 

beidh dramhaíl a liostaítear in Iarscríbhinn IIIB agus loingsithe dramhaíola a bhfuil sé beartaithe trialacha cóireála turgnamhacha a dhéanamh orthu dá dtagraítear in Airteagal 4(5) faoi réir an nós imeachta um réamhfhógra agus réamhthoiliú i scríbhinn;

(e) 

beidh loingsithe dramhaíola a bhfuil sé beartaithe anailís saotharlainne a dhéanamh orthu dá dtagraítear in Airteagal 4(5) faoi réir an nós imeachta um réamhfhógra agus réamhthoiliú i scríbhinn, mura rud é gur cinneadh cainníocht na dramhaíola sin bunaithe ar an íoschainníocht is gá go réasúnach chun an anailís a dhéanamh go leordhóthanach i ngach cás ar leith, agus nach mó í ná 25 kg, agus sa chás sin beidh feidhm ag ceanglais nós imeachta Airteagal 18;

▼M2

(f) 

beidh toirmeasc ar an dramhaíl dá dtagraítear in Airteagal 4(3) a onnmhairiú, seachas i gcás ina n-onnmhairítear chuig an Eilvéis í;

▼B

(g) 

féadfar an toiliú de réir mar a cheanglaítear i gcomhréir le hAirteagal 9 a sholáthar i bhfoirm toiliú intuigthe ón údarás inniúil cinn scríbe lasmuigh den Aontas;

(h) 

déanfaidh an t-údarás inniúil seolta an toiliú maidir le loingsiú dramhaíola áirithe i gcomhréir le hAirteagal 9 a tharraingt siar nuair a tháinig gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 45(6) i bhfeidhm lena dtoirmisctear onnmhairiú dramhaíola den sórt sin chuig an tír lena mbaineann;

(i) 

soláthróidh an tsaoráid a luaitear in Airteagail 15(3) agus 16(5) an dearbhú faoi seach laistigh de 3 lá oibre ón dramhaíl a fháil.

Airteagal 44 3.
A mhéid a bhaineann le honnmhairí dramhaíola dá dtagraítear in Airteagal 4(2), beidh feidhm ag na hoiriúnuithe agus na forálacha breise a liostaítear in Airteagal 38(2), pointí (a) go (e), agus Airteagal 38(3), pointí (b) go (g).
Airteagal 44 4.
Maidir le honnmhairí dramhaíola a liostaítear dá dtagraítear in Airteagal 4(4), áiritheoidh an duine a shocraíonn an loingsiú dramhaíola go n-áireofar an fhaisnéis atá le soláthar ag an tsaoráid i gcomhréir le hAirteagal 18(8) agus (9) i gcóras dá dtagraítear in Airteagal 27, ach amháin má tá na saoráidí sin nasctha le córas dá dtagraítear in Airteagal 27.
Airteagal 44 5.

Ní féidir loingsiú dramhaíola atá faoi réir réamhfhógra agus réamhthoiliú i scríbhinn a dhéanamh go dtí go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

go bhfuil toiliú i scríbhinn faighte ag an bhfógróir ó na húdaráis inniúla seolta, cinn scríbe agus, i gcás inarb iomchuí, idirthurais, nó go bhfuil toiliú intuigthe soláthartha ag na húdaráis inniúla cinn scríbe agus idirthurais lasmuigh den Aontas nó is féidir glacadh leis go bhfuil an toiliú intuigthe sin ann agus go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos sna toilithe sin nó sna hiarscríbhinní a ghabhann leo;

(b) 

go gcomhlíontar Airteagal 38(4), pointe (b).

Airteagal 44 6.

I gcás ina bhfuil onnmhairiú dramhaíola dá dtagraítear i mír 1 de dhramhaíl dá dtagraítear in Airteagal 4(2) ar idirthuras trí thír nach bhfuil feidhm ag Cinneadh ECFE maidir léi, beidh feidhm ag na hoiriúnuithe seo a leanas:

(a) 

údarás inniúil idirthurais na tíre nach bhfuil feidhm ag Cinneadh ECFE maidir léi, beidh 60 lá aige ó dháta tharchur a admhála go bhfuair sé an fógra atá comhlánaithe i gceart, chun toiliú intuigthe a sholáthar nó chun toiliú i scríbhinn a thabhairt le coinníollacha nó gan choinníollacha, i gcás ina bhfuil cinneadh déanta ag an tír lena mbaineann nach n-éileoidh sí réamhfhógra agus réamhthoiliú i scríbhinn agus i gcás inar chuir an tír na Páirtithe i gCoinbhinsiún Basel ar an eolas faoin méid sin i gcomhréir le hAirteagal 6(4) den Choinbhinsiún sin;

(b) 

an t-údarás inniúil seolta san Aontas, ní dhéanfaidh sé cinneadh toiliú leis an loingsiú dá dtagraítear in Airteagal 9 ach tar éis dó toiliú intuigthe nó i scríbhinn a fháil údarás inniúil idirthurais na tíre nach bhfuil feidhm ag Cinneadh ECFE maidir léi, agus tráth nach luaithe ná 61 lá tar éis an dáta a sheoltar admháil fála fógra atá comhlánaithe i gceart ag údarás inniúil idirthurais lasmuigh den Aontas, ach amháin má tá toiliú i scríbhinn na n-údarás inniúil eile lena mbaineann faighte ag an údarás inniúil seolta, agus sa chás sin, féadfaidh sé an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 9 a dhéanamh roimh an teorainn ama sin.

Airteagal 44 7.
I gcás ina ndéanfar dramhaíl a onnmhairiú, beidh sí beartaithe le haghaidh oibríochtaí aisghabhála laistigh de shaoráid atá ag oibriú, nó a bhfuil údarú aici oibriú, faoin dlí náisiúnta is infheidhme sa tír cinn scríbe.
Airteagal 44 8.
Beidh feidhm ag Airteagal 38(6).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas