|
+Airteagal 52 1. |
Airteagal 52 1.Beidh toirmeasc ar dhramhaíl atá beartaithe lena haisghabháil a allmhairiú isteach san Aontas, seachas allmhairí a thagann ó na háiteanna seo a leanas:
(a)
tíortha a bhfuil feidhm ag Cinneadh ECFE maidir leo;
(b)
tíortha eile atá ina bPáirtithe i gCoinbhinsiún Basel;
(c)
tíortha lenar thug an tAontas, nó an tAontas agus a Bhallstáit comhaontuithe nó socruithe déthaobhacha nó iltaobhacha a luíonn le dlí an Aontais agus i gcomhréir le hAirteagal 11 de Choinbhinsiún Basel i gcrích;
(d)
tíortha eile lenar thug Ballstáit aonair comhaontuithe nó socruithe déthaobhacha i gcomhréir le mír 2 i gcrích; nó
(e)
limistéir eile i gcás nach féidir comhaontuithe nó socruithe déthaobhacha de bhun phointe (c) nó (d) a thabhairt i gcrích, ar fhorais eisceachtúla le linn cásanna géarchéime, síochánaíochta nó oibríochtaí síochánaíochta, nó cogaidh, nó i gcás nár ainmníodh údarás inniúil sa tír seolta nó nach bhfuil an t-údarás inniúil in ann gníomhú. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|