+Airteagal 58 Idirthuras tríd an Aontas maidir le dramhaíl atá beartaithe lena haisghabháil
---+Airteagal 58 1.
---+Airteagal 58 2.
---+Airteagal 58 3.
|
Airteagal 58 Idirthuras tríd an Aontas maidir le dramhaíl atá beartaithe lena haisghabháil
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 58 1.
|
I gcás ina ndéantar dramhaíl atá beartaithe lena haisghabháil a loingsiú trí na Ballstáit ó thír nach bhfuil feidhm ag Cinneadh ECFE ina leith agus chuig an tír sin, beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 57.
|
|
Airteagal 58 2.
|
I gcás ina ndéantar dramhaíl atá beartaithe lena haisghabháil a loingsiú trí na Ballstáit ó thír a bhfuil feidhm ag Cinneadh ECFE ina leith nó chuig an tír sin, beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 53, lena ngabhann na hoiriúnuithe agus na forálacha breise seo a leanas:
(a)
déanfaidh an chéad údarás inniúil idirthurais agus an t-údarás inniúil deireanach idirthurais san Aontas, i gcás inarb iomchuí, an oifig custam iontrála agus an oifig custam imeachta a chur ar an eolas faoina gcinntí faoi seach chun toiliú leis an loingsiú nó, má thug siad toiliú intuigthe, maidir leis an admháil i gcomhréir le hAirteagal 51(3), pointe (b);
(b)
déanfaidh an oifig custam imeachta, a luaithe a fhágann an dramhaíl an tAontas, na húdaráis inniúla idirthurais san Aontas a chur ar an eolas gur fhág an dramhaíl an tAontas;
(c)
féadfaidh údarás inniúil idirthurais san Aontas, más gá, ráthaíocht airgeadais nó árachas coibhéiseach, nó ráthaíocht airgeadais nó árachas coibhéiseach sa bhreis a cheangal, tar éis dóibh athbhreithniú a dhéanamh ar mhéid cumhdaigh aon ráthaíochta airgeadais nó árachais choibhéisigh a dhéanann an fógróir a bhunú.
|
|
Airteagal 58 3.
|
I gcás ina ndéantar dramhaíl atá beartaithe lena haisghabháil a loingsiú trí na Ballstáit ó thír nach bhfuil feidhm ag Cinneadh ECFE ina leith chuig tír a bhfuil feidhm ag Cinneadh ECFE ina leith nó a mhalairt, beidh feidhm ag mír 1 maidir leis an tír nach bhfuil feidhm ag Cinneadh ECFE ina leith agus beidh feidhm ag mír 2 maidir leis an tír a bhfuil feidhm ag Cinneadh ECFE ina leith.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|