+Airteagal 58 2.

Airteagal 58 2.

I gcás ina ndéantar dramhaíl atá beartaithe lena haisghabháil a loingsiú trí na Ballstáit ó thír a bhfuil feidhm ag Cinneadh ECFE ina leith nó chuig an tír sin, beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 53, lena ngabhann na hoiriúnuithe agus na forálacha breise seo a leanas:

(a) 

déanfaidh an chéad údarás inniúil idirthurais agus an t-údarás inniúil deireanach idirthurais san Aontas, i gcás inarb iomchuí, an oifig custam iontrála agus an oifig custam imeachta a chur ar an eolas faoina gcinntí faoi seach chun toiliú leis an loingsiú nó, má thug siad toiliú intuigthe, maidir leis an admháil i gcomhréir le hAirteagal 51(3), pointe (b);

(b) 

déanfaidh an oifig custam imeachta, a luaithe a fhágann an dramhaíl an tAontas, na húdaráis inniúla idirthurais san Aontas a chur ar an eolas gur fhág an dramhaíl an tAontas;

(c) 

féadfaidh údarás inniúil idirthurais san Aontas, más gá, ráthaíocht airgeadais nó árachas coibhéiseach, nó ráthaíocht airgeadais nó árachas coibhéiseach sa bhreis a cheangal, tar éis dóibh athbhreithniú a dhéanamh ar mhéid cumhdaigh aon ráthaíochta airgeadais nó árachais choibhéisigh a dhéanann an fógróir a bhunú.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas