+Airteagal 66 An grúpa forfheidhmiúcháin um loingsiú dramhaíola
---+Airteagal 66 1.
---+Airteagal 66 2.
---+Airteagal 66 3.
---+Airteagal 66 4.
---+Airteagal 66 5.

Airteagal 66 An grúpa forfheidhmiúcháin um loingsiú dramhaíola

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 66 1.
Bunófar grúpa forfheidhmiúcháin chun comhar agus comhordú idir na Ballstáit a éascú agus a fheabhsú chun loingsithe dramhaíola neamhdhleathacha a chosc agus a bhrath (‘an grúpa forfheidhmiúcháin um loingsiú dramhaíola’).
Airteagal 66 2.
Beidh suas le triúr ionadaithe in aghaidh an Bhallstáit sa ghrúpa forfheidhmiúcháin um loingsiú dramhaíola, a roghnaítear ón mbuanfhoireann ainmnithe atá freagrach as an gcomhar dá dtagraítear in Airteagal 65(2) nó ó bhuanfhoireann údarás ábhartha eile a bhfuil baint acu le forfheidhmiú an Rialacháin seo, atá le hainmniú ag na Ballstáit, a chuirfidh an Coimisiún ar an eolas. Beidh ionadaí nó ionadaithe ón gCoimisiún agus ionadaí ó Bhallstát a bheidh tofa ag an ngrúpa ina gcomhchathaoirligh air.
Airteagal 66 3.
Beidh an grúpa forfheidhmiúcháin um loingsiú dramhaíola ina fhóram chun faisnéis a chomhroinnt atá ábhartha i gcás loingsithe neamhdhleathacha a chosc agus a bhrath, lena n-áirítear faisnéis agus eolas faoi threochtaí ginearálta a bhaineann le loingsithe neamhdhleathacha dramhaíola, measúnuithe rioscabhunaithe arna ndéanamh ag údaráis na mBallstát, agus taithí agus eolas ar bhearta forfheidhmiúcháin, chomh maith le tuairimí maidir le dea-chleachtais a mhalartú agus chun comhar agus comhordú a éascú idir na húdaráis ábhartha. Féadfaidh an grúpa forfheidhmiúcháin um loingsiú dramhaíola scrúdú a dhéanamh ar aon cheist theicniúil a bhaineann le forfheidhmiú an Rialacháin seo a ardóidh na cathaoirligh, ar a thionscnamh nó ar a tionscnamh féin nó arna iarraidh sin do chomhaltaí an ghrúpa nó an choiste dá dtagraítear in Airteagal 81.
Airteagal 66 4.
Tiocfaidh an grúpa forfheidhmiúcháin um loingsiú dramhaíola le chéile go rialta, uair sa bhliain ar a laghad. I dteannta na gcomhaltaí dá dtagraítear i mír 2, féadfaidh na cathaoirligh cuireadh chuig na cruinnithe nó chuig codanna de na cruinnithe a thabhairt, i gcás inarb iomchuí, d’ionadaithe institiúidí, comhlachtaí, oifigí, gníomhaireachtaí, líonraí nó do gheallsealbhóirí ábhartha eile.
Airteagal 66 5.
Cuirfidh an Coimisiún na tuairimí a léirítear sa ghrúpa forfheidhmiúcháin um loingsiú dramhaíola in iúl don choiste dá dtagraítear in Airteagal 81.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas