+Airteagal 69 Iarrataí ar fhaisnéis
---+Airteagal 69 1.
---+Airteagal 69 2.
---+Airteagal 69 3.
---+Airteagal 69 4.
---+Airteagal 69 5.

Airteagal 69 Iarrataí ar fhaisnéis

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 69 1.
Féadfaidh an Coimisiún agallamh a chur ar aon duine nádúrtha nó dlítheanach a thoilíonn go gcuirfí agallamh air chun gach faisnéis is gá a bhaineann leis na loingsithe dramhaíola ábhartha a bhailiú.
Airteagal 69 2.
I gcás ina ndéantar an t-agallamh sin in áitreabh de chuid bunaíochta, gnóthais, bróicéara nó déileálaí, cuirfidh an Coimisiún an bhuanfhoireann atá freagrach as comhar nó na pointí fócasacha dá dtagraítear in Airteagal 65(2) ar an eolas sa Bhallstát lena mbaineann ar ina chríoch a dhéantar an t-agallamh. Má dhéanann údarás an Bhallstáit sin cúnamh a iarraidh, féadfaidh oifigigh an Bhallstáit cúnamh a thabhairt d’fhoireann an Choimisiúin chun an t-agallamh a dhéanamh.

Cuirfear an cuireadh chun agallaimh chuig an duine i dtrácht agus beidh fógra 10 lá oibre ar a laghad ag gabháil leis. Féadfar an tréimhse fógra sin a ghiorrú le toiliú sainráite an duine lena mbaineann nó ar fhorais phráinne chuí-réasúnaithe a bhaineann leis an gcigireacht.

Sa chás deiridh ní bheidh an tréimhse fógra níos giorra ná 24 uair an chloig. Áireofar ar an gcuireadh liosta de chearta an duine lena mbaineann, go háirithe an ceart cúnamh a fháil ó dhuine a roghnóidh sé nó sí.

Airteagal 69 3.
Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar na daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá freagrach as bunaíocht nó gnóthas, nó ar aon bhróicéir nó déileálaí, an fhaisnéis uile is gá a bhaineann leis na loingsithe dramhaíola ábhartha a sholáthar. Luafaidh an Coimisiún bunús dlí agus cuspóir na hiarrata, sonróidh sé an fhaisnéis atá ag teastáil agus socróidh sé an teorainn ama ar laistigh de atá an fhaisnéis le soláthar.
Airteagal 69 4.
Cuirfidh an Coimisiún an iarraidh ar fáil gan mhoill d’údaráis ábhartha an Bhallstáit a bhfuil suíomh na bunaíochta, an ghnóthais, an bhróicéara nó an déileálaí suite ina chríoch agus d’údaráis an Bhallstáit a ndéantar difear dá chríoch.
Airteagal 69 5.
I gcás nach soláthraíonn an bhunaíocht, gnóthas, bróicéir nó déileálaí an fhaisnéis a iarradh, nó i gcás ina gcinneann an Coimisiún nach leor an fhaisnéis a fuair sé chun teacht ar thátal, beidh feidhm mutatis mutandis ag an dara habairt d’Airteagal 61(6).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas