|
+Airteagal 84 Athbhreithniú |
Airteagal 84 AthbhreithniúAirteagal 84 Athbhreithniú Faoin 31 Nollaig 2035, agus na tuarascálacha arna dtarraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 73, agus an t-athbhreithniú dá dtagraítear in Airteagal 62(5), inter alia, á gcur i gcuntas aige, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Rialachán seo agus cuirfidh sé tuarascáil ar thorthaí an athbhreithnithe faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, agus beidh togra reachtach ag gabháil léi, má mheasann an Coimisiún gurb iomchuí sin. Déanfaidh an Coimisiún, le linn a athbhreithnithe agus mar chuid dá thuarascáil, measúnú ar an méid seo a leanas go háirithe:
(a)
éifeachtúlacht an nós imeachta maidir le réamhfhógra agus réamhthoiliú i scríbhinn a leagtar síos i gCaibidil 1 de Theideal II, agus go háirithe na hamlínte gaolmhara in Airteagail 8, 14, 15 agus 16, inter alia, trí anailís a dhéanamh ar ghnéithe amhail líon na n-agóidí agus na dtoilithe, agus an t-am idir fógra a thíolacadh agus cinneadh a dhéanamh ina leith. Féadfaidh an Coimisiún sonraí atá stóráilte sna córais dá dtagraítear in Airteagal 27 a úsáid chun na críche sin;
(b)
má sholáthraítear trédhearcacht leormhaith trí shonraí maidir le loingsithe dramhaíola a fhoilsiú i gcomhréir le hAirteagal 21, go háirithe trí anailís a dhéanamh i dtaobh má mheas agus cén fáth ar mheas na húdaráis inniúla nó na daoine a shocraíonn na loingsithe ainmneacha na saoráidí ag an gceann scríbe a bheith rúnda i ngeall ar reachtaíocht an Aontais agus ar an reachtaíocht náisiúnta;
(c)
má rannchuidigh an Rialachán seo go leordhóthanach leis an aeráidneodracht, leis an ngeilleagar ciorclach agus le truailliú nialasach a bhaint amach, agus na tuarascálacha agus na sonraí arna bhfoilsiú ag gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais á gcur i gcuntas. Déanfaidh an Coimisiún, le linn a athbhreithnithe agus mar chuid dá thuarascáil, measúnú ina theannta sin i dtaobh ar urramaíodh prionsabal an chomhionannais i ndlí an Aontais, déanfaidh sé meastóireacht sa chomhthéacs sin ar na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ann ar iomaíochas aon Bhallstáit, agus déanfaidh sé bearta ceartaitheacha i gcás ina meastar gur gá sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|