+TEIDEAL VIII FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
---+Airteagal 72 Formáid na cumarsáide
---+Airteagal 73 Tuairisciú
------+Airteagal 73 1.
------+Airteagal 73 2.
------+Airteagal 73 3.
------+Airteagal 73 4.
------+Airteagal 73 5.
---+Airteagal 74 Comhar idirnáisiúnta
---+Airteagal 75 Údaráis inniúla a ainmniú
---+Airteagal 76 Comhfhreagraithe a ainmniú
---+Airteagal 77 Oifigí custam iontrála agus oifigí custam imeachta a ainmniú
---+Airteagal 78 Fógra agus faisnéis maidir le hainmniúcháin
------+Airteagal 78 1.
------+Airteagal 78 2.
------+Airteagal 78 3.
------+Airteagal 78 4.
------+Airteagal 78 5.
---+Airteagal 79 Leasú ar Iarscríbhinní I go X agus XII
------+Airteagal 79 1.
------+Airteagal 79 2.
------+Airteagal 79 3.
------+Airteagal 79 4.
------+Airteagal 79 5.
------+Airteagal 79 6.
------+Airteagal 79 7.
------+Airteagal 79 8.
---+Airteagal 80 An tarmligean a fheidhmiú
------+Airteagal 80 1.
------+Airteagal 80 2.
------+Airteagal 80 3.
------+Airteagal 80 4.
------+Airteagal 80 5.
------+Airteagal 80 6.
---+Airteagal 81 Nós imeachta coiste
------+Airteagal 81 1.
------+Airteagal 81 2.
---+Airteagal 82 Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013
---+Airteagal 83 Leasú ar Rialachán (AE) 2020/1056
---+Airteagal 84 Athbhreithniú
---+Airteagal 85 Aisghairm agus forálacha idirthréimhseacha
------+Airteagal 85 1.
------+Airteagal 85 2.
------+Airteagal 85 3.
------+Airteagal 85 4.
------+Airteagal 85 5.
------+Airteagal 85 6.
------+Airteagal 85 7.
------+Airteagal 85 8.
---+Airteagal 86 Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
------+Airteagal 86 1.
------+Airteagal 86 2.
------+Airteagal 86 3.
|
TEIDEAL VIII FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
TEIDEAL VIII FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 72 Formáid na cumarsáide
|
Airteagal 72
I gcás nach bhfuil feidhm ag na forálacha in Airteagal 27 nó i gcás nach bhfuil gníomhaithe atá lasmuigh den Aontas nasctha leis an lárchóras dá dtagraítear in Airteagal 27(3), féadfaidh na gníomhaithe ábhartha faisnéis agus doiciméid dá dtagraítear sa Rialachán seo a chur isteach agus a mhalartú tríd an bpost, trí fhacs, trí ríomhphost le síniú digiteach, trí ríomhphost gan síniú digiteach agus tríd an bpost ina dhiaidh sin nó, i gcás ina ndéantar comhaontú idir na gníomhaithe lena mbaineann, trí ríomhphost gan síniú digiteach. I gcás ríomhphost le síniú digiteach, cuirfear an síniú digiteach in ionad aon stampa nó síniú a cheanglaítear.
|
|
Airteagal 73 Tuairisciú
|
|
|
Airteagal 74 Comhar idirnáisiúnta
|
Airteagal 74
Comhoibreoidh na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí agus inar gá i gcuibhreann leis an gCoimisiún, le Páirtithe eile i gCoinbhinsiún Basel agus le heagraíochtaí idirstáit, inter alia, trí fhaisnéis a mhalartú nó a roinnt, teicneolaíocht atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a chur chun cinn agus cóid iomchuí dea-chleachtais a fhorbairt.
|
|
Airteagal 75 Údaráis inniúla a ainmniú
|
Airteagal 75
Údaráis inniúla a ainmniú
Ainmneoidh na Ballstáit an t-údarás inniúil nó na húdaráis inniúla a bheidh freagrach as an Rialachán seo a chur chun feidhme. Ní ainmneoidh gach Ballstát ach údarás inniúil idirthurais aonair amháin.
|
|
Airteagal 76 Comhfhreagraithe a ainmniú
|
Airteagal 76
Comhfhreagraithe a ainmniú
Déanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún araon aon chomhfhreagraí amháin nó níos mó ná sin a ainmniú a bheidh freagrach as daoine nó gnóthais a dhéanann fiosruithe maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo a chur ar an eolas nó comhairle a chur orthu. Déanfaidh comhfhreagraí an Choimisiúin aon cheist a chuirtear air a bhaineann leis na Ballstáit a chur ar aghaidh chuig comhfhreagraithe na mBallstát, agus vice versa.
|
|
Airteagal 77 Oifigí custam iontrála agus oifigí custam imeachta a ainmniú
|
Airteagal 77
Oifigí custam iontrála agus oifigí custam imeachta a ainmniú
Féadfaidh na Ballstáit oifigí custam iontrála sonracha agus oifigí custam imeachta sonracha a ainmniú le haghaidh loingsithe dramhaíola ag teacht isteach san Aontas agus ag imeacht uaidh. I gcás ina gcinneann Ballstát oifigí custam den sórt sin a ainmniú, ní úsáidfear aon phointí trasnaithe teorann eile laistigh den Bhallstát sin chun críoch loingsithe ag teacht isteach san Aontas nó ag imeacht uaidh.
|
|
Airteagal 78 Fógra agus faisnéis maidir le hainmniúcháin
|
|
|
Airteagal 79 Leasú ar Iarscríbhinní I go X agus XII
|
|
|
Airteagal 80 An tarmligean a fheidhmiú
|
|
|
Airteagal 81 Nós imeachta coiste
|
|
|
Airteagal 82 Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013
|
Airteagal 82
Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 mar a leanas:
(1)
in Airteagal 3(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:
‘Chun críocha Airteagal 6(2)(a), Airteagal 7(2)(d) agus Airteagail 13, 15 agus 16,’;
(2)
in Airteagal 6(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):
‘(a)
nach ndéantar iad a athchúrsáil ach amháin i saoráidí athchúrsála long a áirítear sa Liosta Eorpach agus, i gcás longa a meastar gur dramhaíl ghuaiseach iad, atá lonnaithe i limistéar atá faoi dhlínse náisiúnta Ballstáit agus a onnmhairítear ón Aontas, ag na saoráidí sin amháin a áirítear ar an Liosta Eorpach atá lonnaithe i dtíortha a liostaítear in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Coinbhinsiún Basel.’.
|
|
Airteagal 83 Leasú ar Rialachán (AE) 2020/1056
|
Airteagal 83
Leasú ar Rialachán (AE) 2020/1056
Leasaítear Rialachán (AE) 2020/1056 mar a leanas:’
(1)
in Airteagal 2(1)(a), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (iv):
‘(iv)
Airteagal 9(2), Airteagal 16(1) agus Airteagal 18(4) de Rialachán (AE) 2024/1157 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
*1
); ní dochar an Rialachán seo do rialuithe a dhéanann oifigí custam dá bhforáiltear i bhforálacha ábhartha de ghníomhartha dlí an Aontais.
(2)
in Airteagal 5, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:
‘1a.
De mhaolú ar mhír 1, glacfaidh údaráis inniúla faisnéis rialála, lena n-áirítear faisnéis bhreise, de bhun Rialachán (AE)2024/1157 amhail ón 21 Bealtaine 2026.’;
(3)
in Airteagal 5, scriostar mír 2;
(4)
in Airteagal 7, cuirtear an mhír seo a leanas leis:
‘4.
De mhaolú ar mhír 3, déanfar eilimintí dá dtagraítear i mír 1 a bhaineann le ceanglais faisnéise a leagtar amach sna forálacha dá dtagraítear i bpointe (iv) d’Airteagal 2(1)(a) a ghlacadh tráth nach déanaí ná an dáta dá dtagraítear in Airteagal 27(5) de Rialachán (AE) 2024/1157.’;
(5)
in Airteagal 8, cuirtear an mhír seo a leanas leis:
‘4.
De mhaolú ar mhír 3, déanfar eilimintí dá dtagraítear i mír 1 a bhaineann go sonrach le rochtain agus próiseáil faisnéise rialála ag na húdaráis i ndáil le ceanglais a leagtar amach sna forálacha dá dtagraítear i bpointe (iv) d’Airteagal 2(1)(a), lena n-áirítear an chumarsáid leis na hoibreoirí eacnamaíocha i ndáil leis an bhfaisnéis sin, a ghlacadh tráth nach déanaí ná an dáta dá dtagraítear in Airteagal 27(5) de Rialachán (AE) 2024/1157.’;
(6)
in Airteagal 9, cuirtear an mhír seo a leanas leis:
‘3.
De mhaolú ar mhír 2, déanfar eilimintí dá dtagraítear i mír 1 a bhaineann go sonrach le próiseáil faisnéise rialála i ndáil le ceanglais a leagtar amach sna forálacha dá dtagraítear i bpointe (iv) d’Airteagal 2(1)(a) a ghlacadh tráth nach déanaí ná an dáta dá dtagraítear in Airteagal 27(5) de Rialachán (AE) 2024/1157.’.
|
|
Airteagal 84 Athbhreithniú
|
Airteagal 84
Faoin 31 Nollaig 2035, agus na tuarascálacha arna dtarraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 73, agus an t-athbhreithniú dá dtagraítear in Airteagal 62(5), inter alia, á gcur i gcuntas aige, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Rialachán seo agus cuirfidh sé tuarascáil ar thorthaí an athbhreithnithe faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, agus beidh togra reachtach ag gabháil léi, má mheasann an Coimisiún gurb iomchuí sin.
Déanfaidh an Coimisiún, le linn a athbhreithnithe agus mar chuid dá thuarascáil, measúnú ar an méid seo a leanas go háirithe:
(a)
éifeachtúlacht an nós imeachta maidir le réamhfhógra agus réamhthoiliú i scríbhinn a leagtar síos i gCaibidil 1 de Theideal II, agus go háirithe na hamlínte gaolmhara in Airteagail 8, 14, 15 agus 16, inter alia, trí anailís a dhéanamh ar ghnéithe amhail líon na n-agóidí agus na dtoilithe, agus an t-am idir fógra a thíolacadh agus cinneadh a dhéanamh ina leith. Féadfaidh an Coimisiún sonraí atá stóráilte sna córais dá dtagraítear in Airteagal 27 a úsáid chun na críche sin;
(b)
má sholáthraítear trédhearcacht leormhaith trí shonraí maidir le loingsithe dramhaíola a fhoilsiú i gcomhréir le hAirteagal 21, go háirithe trí anailís a dhéanamh i dtaobh má mheas agus cén fáth ar mheas na húdaráis inniúla nó na daoine a shocraíonn na loingsithe ainmneacha na saoráidí ag an gceann scríbe a bheith rúnda i ngeall ar reachtaíocht an Aontais agus ar an reachtaíocht náisiúnta;
(c)
má rannchuidigh an Rialachán seo go leordhóthanach leis an aeráidneodracht, leis an ngeilleagar ciorclach agus le truailliú nialasach a bhaint amach, agus na tuarascálacha agus na sonraí arna bhfoilsiú ag gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais á gcur i gcuntas.
Déanfaidh an Coimisiún, le linn a athbhreithnithe agus mar chuid dá thuarascáil, measúnú ina theannta sin i dtaobh ar urramaíodh prionsabal an chomhionannais i ndlí an Aontais, déanfaidh sé meastóireacht sa chomhthéacs sin ar na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ann ar iomaíochas aon Bhallstáit, agus déanfaidh sé bearta ceartaitheacha i gcás ina meastar gur gá sin.
|
|
Airteagal 85 Aisghairm agus forálacha idirthréimhseacha
|
|
|
Airteagal 86 Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
|
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|