+Roinn 6 Slándáil gréasáin
---+Airteagal 13 Bainistiú slándála gréasáin
---+Airteagal 14 Faisnéis faoi bhealach a dhaingniú
------+Airteagal 14 1.
------+Airteagal 14 2.
|
Roinn 6 Slándáil gréasáin
Roinn 6 Slándáil gréasáin
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 13 Bainistiú slándála gréasáin
|
Airteagal 13
Bainistiú slándála gréasáin
Mar chuid de na coimircí lena n-áirithítear slándáil gréasán in aghaidh ionraí agus mí-úsáid sonraí, déanfaidh eintitis airgeadais beartais, nósanna imeachta, prótacail agus uirlisí bainistithe slándála gréasáin a fhorbairt, a dhoiciméadú agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear na nithe uile seo a leanas:
(a)
córais agus gréasáin TFC a leithscaradh agus a dheighilt, agus na nithe seo a leanas á gcur san áireamh:
(i)
criticiúlacht nó tábhacht na feidhme a dtacaíonn na córais agus na gréasáin TFC sin léi;
(ii)
an t-aicmiú a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 8(1) de Rialachán (AE) 2022/2554;
(iii)
próifíl riosca fhoriomlán sócmhainní TFC a úsáideann na córais agus na gréasáin TFC sin;
(b)
naisc ghréasáin agus sreabha sonraí uile an eintitis airgeadais a dhoiciméadú;
(c)
gréasán scartha tiomnaithe a úsáid chun sócmhainní TFC a riar;
(d)
rialuithe rochtana gréasáin a shainaithint agus a chur chun feidhme chun naisc a dhéanfaidh aon ghaireas nó córas neamhúdaraithe le gréasán an eintitis airgeadais, nó a dhéanfaidh aon chríochphointe nach gcomhlíonann ceanglais slándála an eintitis airgeadais, a chosc agus a bhrath;
(e)
criptiú a dhéanamh ar naisc ghréasáin a théann trí ghréasáin chorparáide, gréasáin phoiblí, gréasáin tí, gréasáin tríú páirtí agus gréasáin gan sreang, le haghaidh na bprótacal cumarsáide a úsáidtear, agus torthaí an aicmithe sonraí fhormheasta, torthaí an mheasúnaithe riosca TFC agus an criptiú ar naisc ghréasáin dá dtagraítear in Airteagal 6(2) á gcur san áireamh;
(f)
gréasáin a dhearadh i gcomhréir leis na ceanglais slándála TFC arna leagan síos ag an eintiteas airgeadais, agus cleachtais atá chun tosaigh á gcur san áireamh chun rúndacht, sláine agus infhaighteacht an ghréasáin a áirithiú;
(g)
trácht gréasáin idir na gréasáin inmheánacha agus an t-idirlíon agus naisc sheachtracha eile a dhaingniú;
(h)
na róil, na freagrachtaí agus na céimeanna a shainaithint chun rialacha maidir le balla dóiteáin agus scagairí nasc a shonrú, a chur chun feidhme, a fhormheas, a athrú agus a athbhreithniú;
(i)
athbhreithnithe a dhéanamh uair amháin sa bhliain, agus go tréimhsiúil i gcás micrifhiontar, ar ailtireacht líonraí agus ar an dearadh slándála gréasáin chun leochaileachtaí féideartha a bhrath;
(j)
na bearta chun fo-ghréasáin, agus comhpháirteanna agus gairis ghréasáin, a leithlisiú go sealadach i gcás inar gá;
(k)
bunlíne cumraíochta sláine gach comhpháirte gréasáin a chur chun feidhme, agus an gréasán agus gairis ghréasáin a chruachan i gcomhréir le haon treoir ón díoltóir agus, i gcás inarb infheidhme, le caighdeáin a shainítear in Airteagal 2, pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, agus le cleachtais atá chun tosaigh;
(l)
na nósanna imeachta chun seisiúin chórais agus chianda a theorannú, a ghlasáil agus a chríochnú tar éis tréimhse shonraithe neamhghníomhaíochta;
(m)
i gcás comhaontuithe seirbhísí gréasáin:
(i)
bearta slándála faisnéise agus TFC, leibhéil seirbhíse agus ceanglais bhainistíochta na seirbhísí gréasáin uile a shainaithint agus a shonrú;
(ii)
cé acu soláthraí seirbhísí TFC inghrúpa nó soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí a sholáthraíonn na seirbhísí sin.
Chun críocha phointe (h), déanfaidh eintitis airgeadais an t-athbhreithniú ar rialacha maidir le balla dóiteáin agus scagairí nasc ar bhonn tráthrialta i gcomhréir leis an aicmiú a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 8(1) de Rialachán (AE) 2022/2554 agus le próifíl riosca fhoriomlán na gcóras TFC lena mbaineann. I gcás córais TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha, fíoróidh eintitis airgeadais gach 6 mhí ar a laghad go bhfuil na rialacha atá ann cheana maidir le balla dóiteáin agus scagairí nasc leordhóthanach.
|
|
Airteagal 14 Faisnéis faoi bhealach a dhaingniú
|
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|