|
+Airteagal 18 2. |
Airteagal 18 2.Sa bheartas slándála fisiciúla agus comhshaoil dá dtagraítear i mír 1 beidh na nithe uile seo a leanas:
(a)
tagairt don roinn den bheartas maidir le rialú ar chearta bainistithe rochtana dá dtagraítear in Airteagal 21 an chéad mhír, pointe (g);
(b)
bearta chun áitreabh agus lárionaid sonraí an eintitis airgeadais, agus limistéir ainmnithe íogaire arna sainaithint ag an eintiteas airgeadais, ina bhfuil sócmhainní TFC agus sócmhainní faisnéise lonnaithe, a chosaint ar ionsaithe, ar thimpistí agus ar bhagairtí agus guaiseacha comhshaoil;
(c)
bearta chun sócmhainní TFC a dhaingniú, laistigh agus lasmuigh d’áitreabh an eintitis airgeadais, agus torthaí an mheasúnaithe riosca TFC a bhaineann leis na sócmhainní TFC ábhartha á gcur san áireamh;
(d)
bearta chun infhaighteacht, barántúlacht, sláine agus rúndacht shócmhainní TFC, shócmhainní faisnéise agus ghairis rialaithe rochtana fisiciúla an eintitis airgeadais a áirithiú tríd an gcothabháil iomchuí;
(e)
bearta chun infhaighteacht, barántúlacht, sláine agus rúndacht sonraí a chaomhnú, lena n-áirítear:
(i)
beartas deisce glaine i ndáil le páipéir;
(ii)
beartas scáileáin shoiléir i ndáil le saoráidí próiseála faisnéise. Chun críocha phointe (b), beidh na bearta chun áitreabh, lárionaid sonraí agus limistéir ainmnithe íogaire a chosaint ar bhagairtí agus guaiseacha comhshaoil i gcomhréir lena dtábhacht agus le criticiúlacht na n-oibríochtaí nó na gcóras TFC atá lonnaithe iontu. Chun críocha phointe (c), sa bheartas slándála fisiciúla agus comhshaoil dá dtagraítear i mír 1 beidh bearta chun an chosaint iomchuí a sholáthar do shócmhainní TFC neamhfhreastalaithe. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|