2. Ceanglófar leis an mbeartas go ndéanfar measúnú riosca ar leibhéal an eintitis airgeadais agus, i gcás inarb infheidhme, ar an leibhéal comhdhlúite agus fo-chomhdhlúite sula dtabharfar socrú conarthach i gcrích.
Cuirfear san áireamh sa mheasúnú riosca na ceanglais ábhartha uile a leagtar síos i Rialachán (AE) 2022/2554 agus reachtaíocht earnála de chuid an Aontais is infheidhme. Déanfar na nithe seo a leanas a bhreithniú, go háirithe, tionchar sholáthar na seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha agus a sholáthraíonn soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí ar an eintiteas airgeadais agus na rioscaí uile a bhaineann le soláthar na seirbhísí TFC sin lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha agus a sholáthraíonn soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí, lena n-áirítear na nithe seo a leanas:
|
(d)
|
rioscaí i ndáil le clú;
|
|
(e)
|
rioscaí a bhaineann le cosaint sonraí rúnda nó sonraí pearsanta;
|
|
(f)
|
rioscaí a bhaineann le hinfhaighteacht sonraí;
|
|
(g)
|
riosca a bhaineann leis an suíomh ina bpróiseáiltear agus ina stóráiltear na sonraí;
|
|
(h)
|
rioscaí a bhaineann le suíomh an tsoláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí;
|
|
(i)
|
rioscaí TFC maidir le comhchruinniú ar an leibhéal eintitis.
|