+Airteagal 6 Dícheall cuí
---+Airteagal 6 1
---+Airteagal 6 2
---+Airteagal 6 3
---+Airteagal 6 4
|
Airteagal 6 Dícheall cuí
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 6 1
|
1. Leagfar amach sa bheartas próiseas iomchuí agus comhréireach chun na soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí ionchasacha a roghnú agus measúnú a dhéanamh orthu fad a chuirtear san áireamh cé acu atá nó nach bhfuil an soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí ina sholáthraí seirbhíse TFC inghrúpa, agus ceanglófar leis go ndéanfaidh an t-eintiteas airgeadais measúnú, sula ndéanfaidh sé socrú conarthach, ar cé acu atá nó nach bhfuil na nithe seo a leanas fíor i gcás an tsoláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí:
|
(a)
|
tá an clú gnó, cumais leordhóthanacha, saineolas agus acmhainní leordhóthanacha airgeadais, daonna agus teicniúla, caighdeáin slándála faisnéise, struchtúr eagraíochtúil, rialuithe bainistíochta riosca agus inmheánacha, más infheidhme, na húdaruithe nó clárúcháin a bhfuil gá leo aige chun na seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhm chriticiúil nó thábhachtach a sholáthar ar bhealach iontaofa agus gairmiúil;
|
|
(b)
|
tá an cumas aige faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí teicneolaíochta ábhartha agus na mórchleachtais slándála TFC a shainaithint agus iad a chur chun feidhme i gcás inarb iomchuí chun go mbeidh creat athléimneachta digití oibríochtúla éifeachtach agus fónta ann;
|
|
(c)
|
úsáideann sé nó tá sé beartaithe aige fochonraitheoirí a úsáid chun seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha nó codanna ábharacha díobh a dhéanamh;
|
|
(d)
|
tá sé suite, nó próiseálann sé nó stórálann sé na sonraí i dtríú tír agus, más amhlaidh atá, cé acu a dhéanann nó nach ndéanann an cleachtas sin difear don leibhéal rioscaí oibríochtúla nó rioscaí maidir le clú nó an riosca a bhaineann le bheith thíos le bearta sriantacha, lena n-áirítear trádbhaic agus smachtbhannaí, a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar chumas an tsoláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí seirbhísí TFC a sholáthar nó cumas an eintitis airgeadais chun na seirbhísí TFC sin a fháil;
|
|
(e)
|
toilíonn sé do na socruithe conarthacha lena n-áirithítear gur féidir leis an eintiteas airgeadais féin, tríú páirtithe ceaptha, agus údaráis inniúla iniúchtaí éifeachtúla a dhéanamh ar an soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí, lena n-áirítear ar an láthair;
|
|
(f)
|
gníomhaíonn sé ar bhealach eiticiúil agus atá freagrach go sóisialta, urramaíonn sé cearta an duine agus cearta leanaí, lena n-áirítear cosc ar shaothar leanaí, urramaíonn sé na prionsabail is infheidhme maidir le cosaint an chomhshaoil, agus áirithíonn sé dálaí oibre iomchuí.
|
|
|
Airteagal 6 2
|
2. Sonrófar sa bheartas an leibhéal dearbhúcháin a bhfuil gá leis i ndáil le héifeachtúlacht chreat bainistíochta riosca na soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí do na seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha atá le soláthar ag soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí. Ceanglófar leis an mbeartas go n-áireofar sa phróiseas díchill chuí measúnú ar bhearta maolaithe riosca agus leanúnachais gnó agus ar an mbealach a n-áirithítear a bhfeidhmiú laistigh den soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí.
|
|
Airteagal 6 3
|
3. Cinnteofar leis an mbeartas an próiseas díchill chuí chun soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí a roghnú agus measúnú a dhéanamh orthu agus léireofar ann cé acu de na heilimintí seo a leanas a bheidh le húsáid don leibhéal dearbhúcháin a bhfuil gá leis maidir le feidhmíocht an tsoláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí:
|
(a)
|
iniúchtaí nó measúnuithe neamhspleácha arna ndéanamh ag an eintiteas airgeadais féin nó thar a cheann;
|
|
(b)
|
úsáid tuarascálacha iniúchóireachta neamhspleáiche arna ndéanamh ar iarraidh ón soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí;
|
|
(c)
|
úsáid tuarascálacha iniúchóireachta arna ndéanamh ag an bhfeidhm iniúchóireachta inmheánaí den soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí;
|
|
(d)
|
úsáid deimhnithe tríú páirtí iomchuí;
|
|
(e)
|
úsáid faisnéise ábhartha eile atá ar fáil don eintiteas airgeadais nó faisnéis eile arna soláthar ag an soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí.
|
|
|
Airteagal 6 4
|
4. Áiritheoidh eintitis airgeadais leibhéal iomchuí dearbhúcháin maidir le feidhmíocht an tsoláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí, agus na heilimintí a liostaítear i mír 3, pointí (a) go (e) á gcur san áireamh. I gcás inarb iomchuí, úsáidfear breis agus eilimint amháin a liostaítear sna pointí sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|