+Airteagal 6 1
English - European Union -

Airteagal 6 1

1.   Leagfar amach sa bheartas próiseas iomchuí agus comhréireach chun na soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí ionchasacha a roghnú agus measúnú a dhéanamh orthu fad a chuirtear san áireamh cé acu atá nó nach bhfuil an soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí ina sholáthraí seirbhíse TFC inghrúpa, agus ceanglófar leis go ndéanfaidh an t-eintiteas airgeadais measúnú, sula ndéanfaidh sé socrú conarthach, ar cé acu atá nó nach bhfuil na nithe seo a leanas fíor i gcás an tsoláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí:

(a)

tá an clú gnó, cumais leordhóthanacha, saineolas agus acmhainní leordhóthanacha airgeadais, daonna agus teicniúla, caighdeáin slándála faisnéise, struchtúr eagraíochtúil, rialuithe bainistíochta riosca agus inmheánacha, más infheidhme, na húdaruithe nó clárúcháin a bhfuil gá leo aige chun na seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhm chriticiúil nó thábhachtach a sholáthar ar bhealach iontaofa agus gairmiúil;

(b)

tá an cumas aige faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí teicneolaíochta ábhartha agus na mórchleachtais slándála TFC a shainaithint agus iad a chur chun feidhme i gcás inarb iomchuí chun go mbeidh creat athléimneachta digití oibríochtúla éifeachtach agus fónta ann;

(c)

úsáideann sé nó tá sé beartaithe aige fochonraitheoirí a úsáid chun seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha nó codanna ábharacha díobh a dhéanamh;

(d)

tá sé suite, nó próiseálann sé nó stórálann sé na sonraí i dtríú tír agus, más amhlaidh atá, cé acu a dhéanann nó nach ndéanann an cleachtas sin difear don leibhéal rioscaí oibríochtúla nó rioscaí maidir le clú nó an riosca a bhaineann le bheith thíos le bearta sriantacha, lena n-áirítear trádbhaic agus smachtbhannaí, a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar chumas an tsoláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí seirbhísí TFC a sholáthar nó cumas an eintitis airgeadais chun na seirbhísí TFC sin a fháil;

(e)

toilíonn sé do na socruithe conarthacha lena n-áirithítear gur féidir leis an eintiteas airgeadais féin, tríú páirtithe ceaptha, agus údaráis inniúla iniúchtaí éifeachtúla a dhéanamh ar an soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí, lena n-áirítear ar an láthair;

(f)

gníomhaíonn sé ar bhealach eiticiúil agus atá freagrach go sóisialta, urramaíonn sé cearta an duine agus cearta leanaí, lena n-áirítear cosc ar shaothar leanaí, urramaíonn sé na prionsabail is infheidhme maidir le cosaint an chomhshaoil, agus áirithíonn sé dálaí oibre iomchuí.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas