+Airteagal 8 Clásail chonarthacha
---+Airteagal 8 1
---+Airteagal 8 2
---+Airteagal 8 3
---+Airteagal 8 4
|
Airteagal 8 Clásail chonarthacha
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 8 1
|
1. Sonrófar sa bheartas go mbeidh an socrú conarthach ábhartha i scríbhinn agus gur cheart a áireamh ann na heilimintí uile dá dtagraítear in Airteagal 30(2) agus (3) de Rialachán (AE) 2022/2554. Áireofar sa bheartas freisin eilimintí a bhaineann le ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (a) de Rialachán (AE) 2022/2554, chomh maith le dlí ábhartha eile de chuid an Aontais nó dlí ábhartha náisiúnta eile de réir mar is iomchuí.
|
|
Airteagal 8 2
|
2. Sonrófar sa bheartas go n-áireofar sna socruithe conarthacha ábhartha an ceart don eintiteas airgeadais rochtain a fháil ar fhaisnéis, cigireachtaí agus iniúchtaí a dhéanamh agus tástálacha a dhéanamh ar TFC. Chun na críche sin, ceanglófar leis an mbeartas go n-úsáideann an t-eintiteas airgeadais na modhanna seo a leanas, gan dochar do fhreagracht deiridh an eintitis airgeadais:
|
(a)
|
a iniúchadh inmheánach féin nó iniúchadh arna dhéanamh ag tríú páirtí ceaptha;
|
|
(b)
|
i gcás inarb iomchuí, iniúchtaí comhthiomsaithe agus tástáil TFC chomhthiomsaithe, lena n-áirítear tástáil treáite bunaithe ar bhagairtí, a eagraítear go comhpháirteach le heintitis airgeadais nó gnóthais chonarthacha eile a úsáideann seirbhísí TFC ón soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí céanna agus a ndéanann na heintitis airgeadais nó gnóthais chonarthacha sin nó tríú páirtí ceaptha iad;
|
|
(c)
|
i gcás inarb iomchuí, deimhnithe tríú páirtí;
|
|
(d)
|
i gcás inarb iomchuí, tuarascálacha iniúchóireachta inmheánaí nó tríú páirtí arna gcur ar fáil ag an soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí.
|
|
|
Airteagal 8 3
|
3. Ní bhraithfidh an t-eintiteas airgeadais le himeacht ama ar dheimhnithe dá dtagraítear i mír 2, pointe (c) nó tuarascálacha iniúchóireachta dá dtagraítear i bpointe (d) den mhír sin. Ní cheadófar leis an mbeartas ach úsáid na modhanna dá dtagraítear i mír 2, pointí (c) agus (d) i gcás ina bhfuil an méid seo a leanas maidir leis an eintiteas airgeadais fíor:
|
(a)
|
tá sé sásta le plean iniúchta an tsoláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí le haghaidh na socruithe conarthacha ábhartha;
|
|
(b)
|
áirithíonn sé go gcumhdaítear le raon feidhme na ndeimhnithe nó na dtuarascálacha iniúchóireachta na córais agus na príomhrialuithe arna sainaithint aige agus áirithíonn sé comhlíonadh na gceanglas rialála ábhartha;
|
|
(c)
|
déanann sé measúnú cuimsitheach ar ábhar na ndeimhnithe nó na dtuarascála iniúchóireachta ar bhonn leanúnach agus deimhníonn sé nach bhfuil na tuarascálacha nó na deimhnithe imithe i léig;
|
|
(d)
|
áirithíonn sé go bhfuil na príomhchórais agus príomhrialuithe cumhdaithe i leaganacha den deimhniú nó den tuarascáil iniúchóireachta;
|
|
(e)
|
tá sé sásta le hinniúlacht an pháirtí deimhniúcháin nó iniúchóireachta;
|
|
(f)
|
tá sé sásta go n-eisítear na deimhnithe agus go ndéantar na hiniúchtaí i gcomhréir le caighdeáin ghairmiúla ábhartha a aithnítear go forleathan agus go n-áirítear leo tástáil ar éifeachtacht oibríochtúil na bpríomhrialuithe atá i bhfeidhm;
|
|
(g)
|
tá an ceart conarthach aige, a mhinice atá réasúnach agus dlisteanach ó thaobh na bainistíochta riosca de, modhnuithe ar raon feidhme na ndeimhnithe nó na dtuarascálacha iniúchóireachta a iarraidh ar chórais agus rialuithe ábhartha eile;
|
|
(h)
|
tá an ceart conarthach aige chun iniúchtaí aonair agus comhthiomsaithe a dhéanamh de réir mar a shocraíonn sé i ndáil leis na socruithe conarthacha agus na cearta sin a fhorghníomhú i gcomhréir leis an minicíocht chomhaontaithe.
|
|
|
Airteagal 8 4
|
4. Áiritheofar leis an mbeartas go ndéanfar athruithe ábharacha ar an gcomhaontú conarthach foirmeálta i ndoiciméad scríofa arna dhátú agus arna shíniú ag na páirtithe uile agus sonrófar leis an próiseas athnuachana le haghaidh na socruithe conarthacha.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|