3. Ní bhraithfidh an t-eintiteas airgeadais le himeacht ama ar dheimhnithe dá dtagraítear i mír 2, pointe (c) nó tuarascálacha iniúchóireachta dá dtagraítear i bpointe (d) den mhír sin. Ní cheadófar leis an mbeartas ach úsáid na modhanna dá dtagraítear i mír 2, pointí (c) agus (d) i gcás ina bhfuil an méid seo a leanas maidir leis an eintiteas airgeadais fíor:
|
(a)
|
tá sé sásta le plean iniúchta an tsoláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí le haghaidh na socruithe conarthacha ábhartha;
|
|
(b)
|
áirithíonn sé go gcumhdaítear le raon feidhme na ndeimhnithe nó na dtuarascálacha iniúchóireachta na córais agus na príomhrialuithe arna sainaithint aige agus áirithíonn sé comhlíonadh na gceanglas rialála ábhartha;
|
|
(c)
|
déanann sé measúnú cuimsitheach ar ábhar na ndeimhnithe nó na dtuarascála iniúchóireachta ar bhonn leanúnach agus deimhníonn sé nach bhfuil na tuarascálacha nó na deimhnithe imithe i léig;
|
|
(d)
|
áirithíonn sé go bhfuil na príomhchórais agus príomhrialuithe cumhdaithe i leaganacha den deimhniú nó den tuarascáil iniúchóireachta;
|
|
(e)
|
tá sé sásta le hinniúlacht an pháirtí deimhniúcháin nó iniúchóireachta;
|
|
(f)
|
tá sé sásta go n-eisítear na deimhnithe agus go ndéantar na hiniúchtaí i gcomhréir le caighdeáin ghairmiúla ábhartha a aithnítear go forleathan agus go n-áirítear leo tástáil ar éifeachtacht oibríochtúil na bpríomhrialuithe atá i bhfeidhm;
|
|
(g)
|
tá an ceart conarthach aige, a mhinice atá réasúnach agus dlisteanach ó thaobh na bainistíochta riosca de, modhnuithe ar raon feidhme na ndeimhnithe nó na dtuarascálacha iniúchóireachta a iarraidh ar chórais agus rialuithe ábhartha eile;
|
|
(h)
|
tá an ceart conarthach aige chun iniúchtaí aonair agus comhthiomsaithe a dhéanamh de réir mar a shocraíonn sé i ndáil leis na socruithe conarthacha agus na cearta sin a fhorghníomhú i gcomhréir leis an minicíocht chomhaontaithe.
|