+Airteagal 5 Teorainneacha ama don fhógra tosaigh, agus do na tuarascálacha idirmheánacha agus críochnaitheacha
---+Airteagal 5 1
---+Airteagal 5 2
---+Airteagal 5 3
---+Airteagal 5 4
---+Airteagal 5 5
---+Airteagal 5 6
|
Airteagal 5 Teorainneacha ama don fhógra tosaigh, agus do na tuarascálacha idirmheánacha agus críochnaitheacha
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 5 1
|
1. Cuirfidh eintitis airgeadais an fógra tosaigh agus na tuarascálacha idirmheánacha agus críochnaitheacha dá dtagraítear in Airteagal 19(4), pointí (a), (b) agus (c), de Rialachán (AE) 2022/2554 isteach laistigh de na teorainneacha ama seo a leanas:
|
(a)
|
maidir leis an tuarascáil tosaigh: a luaithe is féidir, ach in aon chás, laistigh de 4 uair an chloig ón uair a aicmíodh an teagmhas a bhaineann le TFC mar mhórtheagmhas a bhaineann le TFC agus tráth nach déanaí ná 24 uair an chloig ón uair a fuair an t-eintiteas airgeadais amach faoin teagmhas a bhaineann le TFC;
|
|
(b)
|
maidir leis an tuarascáil idirmheánach: laistigh de 72 uair an chloig ar a dhéanaí ó cuireadh isteach an fógra tosaigh, fiú i gcás nach bhfuil athrú tagtha ar stádas ná ar láimhseáil an teagmhais dá dtagraítear in Airteagal 19(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2022/2554. Cuirfidh eintitis airgeadais tuarascáil idirmheánach nuashonraithe gan moill mhíchuí isteach, agus in aon chás ina n-athshlánaítear gníomhaíochtaí rialta;
|
|
(c)
|
maidir leis an tuarascáil chríochnaitheach: tráth nach déanaí ná mí amháin ó cuireadh isteach an tuarascáil idirmheánach nó, i gcás inarb infheidhme, ó cuireadh isteach an tuarascáil idirmheánach nuashonraithe is déanaí.
|
|
|
Airteagal 5 2
|
2. I gcás nár aicmigh an t-eintiteas airgeadais teagmhas a bhaineann le TFC mar mhórtheagmhas laistigh de 24 uair an chloig ón nóiméad a tháinig an t-eintiteas airgeadais ar an eolas faoin teagmhas a bhaineann le TFC ach go n-aicmíonn sé an teagmhas sin a bhaineann le TFC mar mhórtheagmhas ag céim níos déanaí, cuirfidh an t-eintiteas airgeadais an fógra tosaigh isteach laistigh de 4 uair an chloig ón uair a aicmíodh an teagmhas a bhaineann le TFC mar mhórtheagmhas.
|
|
Airteagal 5 3
|
3. Eintitis airgeadais nach bhfuil in ann an fógra tosaigh, an tuarascáil idirmheánach nó an tuarascáil chríochnaitheach a chur isteach laistigh de na teorainneacha ama a leagtar amach i mír 1, cuirfidh siad an t-údarás inniúil ar an eolas faoi sin gan moill mhíchuí, ach tráth nach déanaí ná na teorainneacha ama faoi seach maidir leis an bhfógra nó an tuarascáil a chur isteach, agus míneoidh siad na cúiseanna atá leis an moill.
|
|
Airteagal 5 4
|
4. I gcás ina dtiteann an teorainn ama chun fógra tosaigh, tuarascáil idirmheánach, nó tuarascáil chríochnaitheach a chur isteach ar lá deireadh seachtaine nó saoire bainc i mBallstát an eintitis airgeadais tuairiscithe, féadfaidh an t-eintiteas airgeadais an fógra tosaigh, na tuarascálacha idirmheánacha nó na tuarascálacha críochnaitheacha a chur isteach faoi mheán lae an chéad lá oibre eile.
|
|
Airteagal 5 5
|
5. Ní bheidh feidhm ag mír 4 maidir le fógra tosaigh ná tuarascáil idirmheánach a chur isteach ag institiúidí creidmheasa, contrapháirtithe lárnacha, oibreoirí ionad trádála, agus eintitis airgeadais eile arna sainaithint mar eintitis fhíor-riachtanacha nó thábhachtacha de bhun Airteagal 3 de Threoir (AE) 2022/2555.
|
|
Airteagal 5 6
|
6. Féadfaidh na húdaráis inniúla a chinneadh nach mbeidh feidhm ag mír 4 maidir le heintitis airgeadais i ndáil le fógra tosaigh a thabhairt nó tuarascáil idirmheánach a chur isteach, seachas na heintitis sin dá dtagraítear i mír 5, atá suntasach nó a bhfuil saintréith shistéamach ag baint leo don earnáil airgeadais ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal an Aontais. Tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra faoina gcinneadh do na heintitis airgeadais shainaitheanta. Ní bheidh feidhm ag cinneadh an údaráis inniúil ach amháin maidir le teagmhais a thuairiscítear tar éis an dáta a thugann an t-údarás inniúil fógra faoin gcinneadh do na heintitis airgeadais shainaitheanta.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|