6. Féadfaidh na húdaráis inniúla a chinneadh nach mbeidh feidhm ag mír 4 maidir le heintitis airgeadais i ndáil le fógra tosaigh a thabhairt nó tuarascáil idirmheánach a chur isteach, seachas na heintitis sin dá dtagraítear i mír 5, atá suntasach nó a bhfuil saintréith shistéamach ag baint leo don earnáil airgeadais ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal an Aontais. Tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra faoina gcinneadh do na heintitis airgeadais shainaitheanta. Ní bheidh feidhm ag cinneadh an údaráis inniúil ach amháin maidir le teagmhais a thuairiscítear tar éis an dáta a thugann an t-údarás inniúil fógra faoin gcinneadh do na heintitis airgeadais shainaitheanta.