|
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:
“3. Coinneoidh agus oibreoidh contrapháirtí lárnach struchtúr eagraíochtúil a áirithíonn leanúnachas agus feidhmiú ordúil i gcomhlíonadh a sheirbhísí agus a ghníomhaíochtaí. Bainfidh sé leas as córais, acmhainní agus nósanna imeachta atá iomchuí agus comhréireach, lena n-áirítear córais TFC arna mbainistiú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2) .
(*2) Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009, (AE) Uimh. 648/2011, (AE) Uimh. 600/2014, (AE) Uimh. 909/2014 agus (AE) 2016/1011 (IO L 333, 27.12.2022, lch. 1).”;"
|