+Airteagal 60 Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012
---+Airteagal 60 (1)
---+Airteagal 60 (2)
---+Airteagal 60 (3)
---+Airteagal 60 (4)
---+Airteagal 60 (5)
---+Airteagal 60 (6)
---+Airteagal 60 (7)

Airteagal 60 Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 mar a leanas:

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 60 (1)

leasaítear Airteagal 26 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Coinneoidh agus oibreoidh contrapháirtí lárnach struchtúr eagraíochtúil a áirithíonn leanúnachas agus feidhmiú ordúil i gcomhlíonadh a sheirbhísí agus a ghníomhaíochtaí. Bainfidh sé leas as córais, acmhainní agus nósanna imeachta atá iomchuí agus comhréireach, lena n-áirítear córais TFC arna mbainistiú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2) .

(*2)  Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009, (AE) Uimh. 648/2011, (AE) Uimh. 600/2014, (AE) Uimh. 909/2014 agus (AE) 2016/1011 (IO L 333, 27.12.2022, lch. 1).”;"

(b)

scriostar mír 6;

Airteagal 60 (2)

leasaítear Airteagal 34 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Déanfaidh contrapháirtí lárnach beartas leordhóthanach um leanúnachas gnó agus plean athshlánaithe ó thubaiste a bhunú, a chur chun feidhme agus a choinneáil, ina mbeidh beartas leanúnachais gnó TFC agus pleananna freagartha agus athshlánaithe TFC a chuirtear ar bun agus a chuirtear chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/2554 san áireamh, arb é is aidhm dóibh a chuid feidhmeanna a choinneáil slán, oibríochtaí a athshlánú go tráthúil agus oibleagáidí an chontrapháirtí lárnaigh a chomhlíonadh.”;

(b)

i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“3.   Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, déanfaidh an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus MargaíÚEUM, tar éis dul i gcomhairle le comhaltaí CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonraítear ábhar agus ceanglais íosta an bheartais leanúnachais gnó agus an phlean athshlánaithe ó thubaiste, seachas beartas leanúnachais gnó TFC agus pleananna athshlánaithe ó thubaiste.”;

Airteagal 60 (3)

in Airteagal 56(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“3.   Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar, seachas i gcás na gceanglas i ndáil le bainistíocht rioscaí TFC, mionsonraí an iarratais ar chlárú dá dtagraítear i mír 1.”;

Airteagal 60 (4)

in Airteagal 79, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:

“1.   Sainaithneoidh stór trádála na foinsí riosca oibríochtúil go léir agus déanfaidh sé iad a íoslaghdú trí chórais, rialuithe agus nósanna imeachta iomchuí a fhorbairt, lena n-áirítear córais TFC arna mbainistiú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/2554 .

2.   Déanfaidh stór trádála beartas leordhóthanach um leanúnachas gnó agus plean athshlánaithe ó thubaiste a bhunú, a chur chun feidhme agus a choinneáil, lena n-áirítear beartas leanúnachais gnó TFC agus pleananna freagartha agus athshlánaithe TFC a chuirtear ar bun i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/2554, arb é is aidhm dóibh a áirithiú go ndéantar a chuid feidhmeanna a choinneáil slán, oibríochtaí a athshlánú go tráthúil agus oibleagáidí an chontrapháirtí lárnaigh a chomhlíonadh.”;

Airteagal 60 (5)

in Airteagal 80, scriostar mír 1.

Airteagal 60 (6)

in Iarscríbhinn I, leasaítear Roinn II mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a) agus (b):

“(a)

sáraíonn stór trádála Airteagal 79(1) más rud é nach sainaithníonn sé foinsí riosca oibríochtúil nó nach ndéanann sé iad a íoslaghdú trí chórais, rialuithe agus nósanna imeachta atá iomchuí a fhorbairt, lena n-áirítear córais TFC arna mbainistiú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/2554. ;

(b)

sáraíonn stór trádála Airteagal 79(2) mura ndéanann sé beartas leordhóthanach um leanúnachas gnó agus plean athshlánaithe i gcás tubaiste arna mbunú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/2554, a bhunú, a chur chun feidhme agus a choinneáil, arb é is aidhm dóibh a áirithiú go ndéantar a chuid feidhmeanna a choinneáil slán, oibríochtaí a athshlánú go tráthúil, agus oibleagáidí an stóir trádála a chomhlíonadh;”;

(b)

scriostar pointe (c).

Airteagal 60 (7)

leasaítear Iarscríbhinn III mar seo a leanas:

(a)

leasaítear Roinn II mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c)

sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 26(3) mura ndéanann sé struchtúr eagraíochtúil a chothabháil nó a oibriú lena n-áirithítear leanúnachas agus feidhmiú ordúil i bhfeidhmiú a sheirbhísí agus a ghníomhaíochtaí nó mura mbaineann sé úsáid as córais, acmhainní nó nósanna imeachta atá iomchuí agus comhréireach, lena n-áirítear córais TFC arna mbainistiú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/2554 .”;

(ii)

scriostar pointe (f).

(b)

i Roinn III, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

sáraíonn CPL Leibhéal 2 Airteagal 34(1) mura ndéanann sé beartas leordhóthanach um leanúnachas gnó agus plean freagartha agus athshlánaithe i gcás tubaiste arna gcur ar bun i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/2554, a bhunú, a chur chun feidhme nó a choinneáil, arb é is aidhm dóibh a áirithiú go ndéantar a chuid feidhmeanna a choinneáil slán, oibríochtaí a athshlánú go tráthúil agus oibleagáidí CPL a chomhlíonadh, lena gceadaítear ar a laghad na hidirbhearta ar fad a athshlánú tráth an bhriste de dhroim an phlean sin ionas gur féidir leis an CPL leanúint ag oibriú faoi chinnteacht agus socraíocht a dhéanamh ar an dáta sceidealta;”.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas