6. Tuairisceoidh an bainisteoir um chomhlíonadh go tráthrialta don chomhlacht bainistíochta maidir le cur chun feidhme bheartais, nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha an eintitis faoi oibleagáid. Cuirfidh an bainisteoir um chomhlíonadh, go háirithe, tuarascáil faoi bhráid an chomhlachta bainistíochta uair amháin in aghaidh na bliana nó, i gcás inarb iomchuí, níos minice de réir mar is iomchuí, maidir le cur chun feidhme bheartais, nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha an eintitis faoi oibleagáid a dhréachtaíonn an t-oifigeach um chomhlíonadh, agus coinneoidh sé an comhlacht sin ar an eolas faoi thoradh aon athbhreithnithe. Glacfaidh an bainisteoir um chomhlíonadh na gníomhaíochtaí is gá chun aon easnaimh a shainaithnítear ar bhealach tráthúil a leigheas.