+Airteagal 11 Feidhmeanna maidir le comhlíonadh
---+Airteagal 11 1
---+Airteagal 11 2
---+Airteagal 11 3
---+Airteagal 11 4
---+Airteagal 11 5
---+Airteagal 11 6
---+Airteagal 11 7
|
Airteagal 11 Feidhmeanna maidir le comhlíonadh
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 11 1
|
1. Ceapfaidh na heintitis faoi oibleagáid ball amháin den chomhlacht bainistíochta i gcáil a fheidhme bainistíochta a bheidh freagrach as a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo, Rialachán (AE) 2023/1113 agus aon ghníomh riaracháin arna eisiúint ag aon mhaoirseoir (‘an bainisteoir um chomhlíonadh’).
Áiritheoidh an bainisteoir um chomhlíonadh go mbeidh beartais inmheánacha, nósanna imeachta agus rialuithe an eintitis faoi oibleagáid comhsheasmhach le neamhchosaint an eintitis faoi oibleagáid ar riosca agus go gcuirfear chun feidhme iad. Áiritheoidh an bainisteoir um chomhlíonadh freisin go leithdháilfear acmhainní daonna agus ábharacha leordhóthanacha chun na críche sin. Beidh an bainisteoir um chomhlíonadh freagrach as faisnéis a fháil faoi laigí suntasacha nó ábharacha sna beartais, sna nósanna imeachta agus sna rialuithe sin.
I gcás inar comhlacht é an comhlacht bainistíochta i gcáil a fheidhme bainistíochta atá freagrach, i dteannta a chéile, as a chinntí, beidh an bainisteoir um chomhlíonadh freagrach as cúnamh agus comhairle a thabhairt dó agus as na cinntí dá dtagraítear san Airteagal seo a ullmhú.
|
|
Airteagal 11 2
|
2. Beidh oifigeach um chomhlíonadh ag na heintitis faoi oibleagáid, a cheapfaidh an comhlacht bainistíochta i gcáil a fheidhme bainistíochta agus a mbeidh stádas ordlathach ard go leor aige, a bheidh freagrach as na beartais, na nósanna imeachta agus na rialuithe i bhfeidhmiú laethúil cheanglais AML/CFT an eintitis faoi oibleagáid, lena n-áirítear i ndáil le cur chun feidhme na smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe, agus beidh sé ina phointe teagmhála i gcomhair na n-údarás inniúil. Beidh an t-oifigeach um chomhlíonadh freagrach freisin as idirbhearta amhrasacha a thuairisciú chuig an FIU i gcomhréir le hAirteagal 69(6).
I gcás eintitis faoi oibleagáid a chuirtear faoi réir seiceálacha ar a mbainistíocht shinsearach nó a n-úinéirí tairbhiúla de bhun Airteagal 6 de Threoir (AE) 2024/1640 nó faoi ghníomhartha dlí eile de chuid an Aontais, cuirfear oifigigh um chomhlíonadh faoi réir fíoraithe go gcomhlíonann siad na ceanglais sin.
I gcás ina bhfuil údar leis de bharr mhéid an eintitis faoi oibleagáid agus de bharr riosca íseal a ghníomhaíochtaí, féadfaidh eintiteas faoi oibleagáid atá i ngrúpa duine aonair a cheapadh mar a oifigeach um chomhlíonadh a chomhlíonann an fheidhm sin in eintiteas eile laistigh den ghrúpa sin.
Ní fhéadfar an t-oifigeach um chomhlíonadh a chur as oifig ach amháin tar éis fógra a thabhairt roimh ré don chomhlacht bainistíochta i gcáil a fheidhme bainistíochta. Tabharfaidh an t-eintiteas faoi oibleagáid fógra don mhaoirseoir faoi chur as oifig an oifigigh um chomhlíonadh, agus sonróidh sé cibé acu a bhaineann nó nach mbaineann an cinneadh leis na cúraimí a shanntar faoin Rialachán seo a dhéanamh. Féadfaidh an t-oifigeach um chomhlíonadh, ar a thionscnamh nó a tionscnamh féin nó arna iarraidh sin, faisnéis a sholáthar don mhaoirseoir maidir leis an gcur as oifig. Féadfaidh an maoirseoir an fhaisnéis sin a úsáid chun a chúraimí a dhéanamh faoin dara fomhír den mhír seo agus faoi Airteagal 37(4) de Threoir (AE) 2024/1640.
|
|
Airteagal 11 3
|
3. Tabharfaidh na heintitis faoi oibleagáid acmhainní leordhóthanacha, lena n-áirítear an fhoireann agus an teicneolaíocht, do na feidhmeanna um chomhlíonadh, atá comhréireach le méid, cineál agus rioscaí an eintitis faoi oibleagáid chun a gcúraimí a dhéanamh go héifeachtach, agus áiritheoidh siad go dtugtar na cumhachtaí do na daoine atá freagrach as na feidhmeanna sin lenar féidir leo aon bhearta a mholadh is gá chun éifeachtacht bheartais, nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha an eintitis faoi oibleagáid a áirithiú.
|
|
Airteagal 11 4
|
4. Déanfaidh na heintitis faoi oibleagáid bearta chun a áirithiú go gcosnófar an t-oifigeach um chomhlíonadh ar fhrithbheart, ar idirdhealú agus ar aon chóir éagórach eile, agus nach mbainfear an bonn de chinntí an oifigigh um chomhlíonadh nó nach mbeidh tionchar míchuí ag leasanna tráchtála an eintitis faoi oibleagáid orthu.
|
|
Airteagal 11 5
|
5. Áiritheoidh na heintitis faoi oibleagáid gur féidir leis an oifigeach um chomhlíonadh nó an duine atá freagrach as an bhfeidhm iniúchóireachta dá dtagraítear in Airteagal 9(2), pointe (b), tuairisciú go díreach don chomhlacht bainistíochta i gcáil a fheidhme bainistíochta agus, i gcás inar ann don chomhlacht sin, don chomhlacht bainistíochta i gcáil a fheidhme maoirseachta go neamhspleách, agus gur féidir leo ábhair imní a chur in iúl agus rabhadh a thabhairt don chomhlacht bainistíochta, i gcás ina ndéanfaidh forbairtí riosca sonracha difear don eintiteas nó ina bhféadfadh siad difear a dhéanamh don eintiteas faoi oibleagáid.
Áiritheoidh na heintitis faoi oibleagáid go mbeidh rochtain ag na daoine a bhaineann go díreach nó go hindíreach le cur chun feidhme an Rialacháin seo, Rialachán (AE) 2023/1113 agus aon ghníomh riaracháin arna eisiúint ag aon mhaoirseoir, ar an bhfaisnéis agus na sonraí uile is gá chun a gcúraimí a dhéanamh.
|
|
Airteagal 11 6
|
6. Tuairisceoidh an bainisteoir um chomhlíonadh go tráthrialta don chomhlacht bainistíochta maidir le cur chun feidhme bheartais, nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha an eintitis faoi oibleagáid. Cuirfidh an bainisteoir um chomhlíonadh, go háirithe, tuarascáil faoi bhráid an chomhlachta bainistíochta uair amháin in aghaidh na bliana nó, i gcás inarb iomchuí, níos minice de réir mar is iomchuí, maidir le cur chun feidhme bheartais, nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha an eintitis faoi oibleagáid a dhréachtaíonn an t-oifigeach um chomhlíonadh, agus coinneoidh sé an comhlacht sin ar an eolas faoi thoradh aon athbhreithnithe. Glacfaidh an bainisteoir um chomhlíonadh na gníomhaíochtaí is gá chun aon easnaimh a shainaithnítear ar bhealach tráthúil a leigheas.
|
|
Airteagal 11 7
|
7. I gcás ina bhfuil údar cuí leis mar thoradh ar chineál ghnó an eintitis faoi oibleagáid, lena n-áirítear a rioscaí, a chasta atá sé agus a mhéid, féadfaidh an duine nádúrtha céanna feidhmeanna an oifigigh um chomhlíonadh agus an bhainisteora um chomhlíonadh a dhéanamh. Féadfar na feidhmeanna sin a charnadh le feidhmeanna eile.
I gcás inar duine nádúrtha nó duine dlítheanach é an t-eintiteas faoi oibleagáid nach ndéanann ach duine nádúrtha amháin a ghníomhaíochtaí, beidh an duine sin freagrach as feidhmiú na gcúraimí faoin Airteagal seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|