4. Sa bhreis ar mhír 3, féadfar rialú ar an eintiteas dlítheanach a fheidhmiú trí mhodhanna eile. Ag brath ar chás ar leith an eintitis dhlítheanaigh agus ar a struchtúr, d’fhéadfadh sé go n-áireofaí an méid seo a leanas ar na modhanna rialaithe eile:
|
(a)
|
comhaontuithe foirmiúla nó neamhfhoirmiúla le húinéirí, comhaltaí nó na heintitis dhlítheanacha, forálacha sna hairteagail chomhlachais, comhaontuithe comhpháirtíochta, comhaontuithe cuibhreannais, nó doiciméid choibhéiseacha nó comhaontuithe coibhéiseacha, ag brath ar shaintréithe sonracha an eintitis dhlítheanaigh, chomh maith le socruithe vótála;
|
|
(b)
|
gaolmhaireachtaí idir baill teaghlaigh;
|
|
(c)
|
úsáid a bhaint as socruithe foirmiúla nó neamhfhoirmiúla i gcás ainmnitheach.
|
Chun críche na míre seo, ciallaíonn ‘socrú foirmiúil ainmnitheach’ conradh nó socrú coibhéiseach idir ainmneoir agus ainmnitheach, i gcás inarb eintiteas dlítheanach nó duine nádúrtha é an t-ainmneoir a eisíonn treoracha d’ainmnitheach chun gníomhú thar a cheann i gcáil ar leith, lena n-áirítear mar stiúrthóir nó mar scairshealbhóir nó mar shocraitheoir, agus i gcás inarb eintiteas dlítheanach nó duine nádúrtha é an t-ainmnitheach a fhaigheann ordú ón ainmneoir gníomhú thar a cheann;