+Airteagal 53 Úinéireacht thairbhiúil trí rialú
---+Airteagal 53 1
---+Airteagal 53 2
---+Airteagal 53 3
---+Airteagal 53 4
|
Airteagal 53 Úinéireacht thairbhiúil trí rialú
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 53 1
|
1. Déanfar rialú ar eintiteas corparáideach nó eintiteas dlítheanach eile a fheidhmiú trí leas úinéireachta nó trí mhodhanna eile.
|
|
Airteagal 53 2
|
2. Chun críocha na Caibidle seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(a)
|
ciallaíonn ‘rialú ar an eintiteas dlítheanach’ an fhéidearthacht tionchar suntasach a fheidhmiú, go díreach nó go hindíreach, agus cinntí ábhartha a fhorchur laistigh den eintiteas dlítheanach;
|
|
(b)
|
ciallaíonn ‘rialú indíreach ar eintiteas dlítheanach’ rialú ar eintitis dhlítheanacha idirmheánacha sa struchtúr úinéireachta nó i slabhraí éagsúla den struchtúr úinéireachta, i gcás ina sainaithnítear an rialú díreach ar gach leibhéal den struchtúr;
|
|
(c)
|
ciallaíonn ‘rialú trí leas úinéireachta an eintitis chorparáidigh’ úinéireacht dhíreach nó indíreach de 50 % móide ceann amháin de na scaireanna nó de na cearta vótála nó de leas úinéireachta eile san eintiteas corparáideach.
|
|
|
Airteagal 53 3
|
3. Le rialú ar an eintiteas dlítheanach trí mhodhanna eile, áireofar in aon chás an fhéidearthacht an méid seo a leanas a fheidhmiú:
|
(a)
|
i gcás eintiteas corparáideach, tromlach na gceart vótála san eintiteas corparáideach, bídís á gcomhroinnt ag daoine atá ag gníomhú de chomhbheart nó ná bíodh;
|
|
(b)
|
an ceart tromlach chomhaltaí an bhoird nó an chomhlachta riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta nó tromlach na n-oifigeach comhchosúil de chuid an eintitis dhlítheanaigh a cheapadh nó a bhaint;
|
|
(c)
|
cearta crosta nó cearta cinnteoireachta ábhartha a ghabhann le sciar an eintitis chorparáidigh;
|
|
(d)
|
cinntí maidir le dáileadh bhrabúis an eintitis dhlítheanaigh nó as a n-eascraíonn aistriú sócmhainní san eintiteas dlítheanach.
|
|
|
Airteagal 53 4
|
4. Sa bhreis ar mhír 3, féadfar rialú ar an eintiteas dlítheanach a fheidhmiú trí mhodhanna eile. Ag brath ar chás ar leith an eintitis dhlítheanaigh agus ar a struchtúr, d’fhéadfadh sé go n-áireofaí an méid seo a leanas ar na modhanna rialaithe eile:
|
(a)
|
comhaontuithe foirmiúla nó neamhfhoirmiúla le húinéirí, comhaltaí nó na heintitis dhlítheanacha, forálacha sna hairteagail chomhlachais, comhaontuithe comhpháirtíochta, comhaontuithe cuibhreannais, nó doiciméid choibhéiseacha nó comhaontuithe coibhéiseacha, ag brath ar shaintréithe sonracha an eintitis dhlítheanaigh, chomh maith le socruithe vótála;
|
|
(b)
|
gaolmhaireachtaí idir baill teaghlaigh;
|
|
(c)
|
úsáid a bhaint as socruithe foirmiúla nó neamhfhoirmiúla i gcás ainmnitheach.
|
Chun críche na míre seo, ciallaíonn ‘socrú foirmiúil ainmnitheach’ conradh nó socrú coibhéiseach idir ainmneoir agus ainmnitheach, i gcás inarb eintiteas dlítheanach nó duine nádúrtha é an t-ainmneoir a eisíonn treoracha d’ainmnitheach chun gníomhú thar a cheann i gcáil ar leith, lena n-áirítear mar stiúrthóir nó mar scairshealbhóir nó mar shocraitheoir, agus i gcás inarb eintiteas dlítheanach nó duine nádúrtha é an t-ainmnitheach a fhaigheann ordú ón ainmneoir gníomhú thar a cheann;
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|