2. Faoin 10 Iúil 2026, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 85 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an méid seo a leanas a shainiú:
|
(a)
|
na catagóirí sáruithe atá faoi réir pionós agus na daoine atá faoi dhliteanas i leith na sáruithe sin;
|
|
(b)
|
táscairí chun leibhéal tromchúise sáruithe atá faoi réir pionós a aicmiú;
|
|
(c)
|
na critéir atá le cur san áireamh agus leibhéal na bpionós á shocrú.
|
Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú tráthrialta ar an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír chun a áirithiú go sainaithnítear leis na catagóirí ábhartha sáruithe agus go bhfuil na pionóis ghaolmhara éifeachtach, athchomhairleach agus comhréireach.