1. Ní nochtfaidh eintitis faoi oibleagáid, a stiúrthóirí, a gcuid fostaithe, nó daoine i bpoist inchomparáide, lena n-áirítear gníomhairí agus dáileoirí, don chustaiméir lena mbaineann nó d’aon tríú duine go bhfuil measúnú á dhéanamh, nó go bhfuil sé déanta, ar idirbhearta nó ar ghníomhaíochtaí i gcomhréir le hAirteagal 69, go bhfuil an fhaisnéis á tarchur, go mbeidh sí á tarchur nó go bhfuil sí tarchurtha i gcomhréir le hAirteagal 69 nó le hAirteagal 70 nó go bhfuil anailís ar sciúradh airgid nó ar mhaoiniú sceimhlitheoireachta á déanamh nó go bhféadfar í a dhéanamh.