+Airteagal 73 Toirmeasc ar nochtadh
---+Airteagal 73 1
---+Airteagal 73 2
---+Airteagal 73 3
---+Airteagal 73 4
---+Airteagal 73 5
---+Airteagal 73 6
|
Airteagal 73 Toirmeasc ar nochtadh
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 73 1
|
1. Ní nochtfaidh eintitis faoi oibleagáid, a stiúrthóirí, a gcuid fostaithe, nó daoine i bpoist inchomparáide, lena n-áirítear gníomhairí agus dáileoirí, don chustaiméir lena mbaineann nó d’aon tríú duine go bhfuil measúnú á dhéanamh, nó go bhfuil sé déanta, ar idirbhearta nó ar ghníomhaíochtaí i gcomhréir le hAirteagal 69, go bhfuil an fhaisnéis á tarchur, go mbeidh sí á tarchur nó go bhfuil sí tarchurtha i gcomhréir le hAirteagal 69 nó le hAirteagal 70 nó go bhfuil anailís ar sciúradh airgid nó ar mhaoiniú sceimhlitheoireachta á déanamh nó go bhféadfar í a dhéanamh.
|
|
Airteagal 73 2
|
2. Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le nochtaí d’údaráis inniúla agus do chomhlachtaí féinrialála i gcás ina ndéanann siad feidhmeanna maoirseachta, nó maidir le nochtadh chun críocha sciúradh airgid, maoiniú na sceimhlitheoireachta agus gníomhaíocht choiriúil eile a imscrúdú agus a ionchúiseamh.
|
|
Airteagal 73 3
|
3. De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, is féidir nochtadh a dhéanamh idir eintitis faoi oibleagáid ar den ghrúpa céanna iad, nó idir eintitis den sórt sin agus a mbrainsí agus a bhfochuideachtaí arna mbunú i dtríú tíortha, ar choinníoll go ndéanfaidh na brainsí agus na fochuideachtaí sin na beartais agus na nósanna imeachta uileghrúpa a chomhlíonadh go hiomlán, lena n-áirítear nósanna imeachta chun faisnéis a chomhroinnt laistigh den ghrúpa, i gcomhréir le hAirteagal 16, agus go ndéanfaidh na beartais agus na nósanna imeachta uileghrúpa na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 73 4
|
4. De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, is féidir nochtadh a dhéanamh idir eintitis faoi oibleagáid dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe 3(a) agus (b), nó idir eintitis ó thríú tíortha a fhorchuireann ceanglais atá coibhéiseach leis na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, a chomhlíonfaidh a gcuid dualgas gairmiúil, bíodh siad ina bhfostaithe nó ná bíodh, laistigh den duine dlítheanach céanna nó struchtúr níos mó a mbaineann an duine leis agus a chomhroinneann úinéireacht choiteann, bainistíocht choiteann nó rialú coiteanna maidir le comhlíonadh, lena n-áirítear líonraí nó comhpháirtíochtaí.
|
|
Airteagal 73 5
|
5. Maidir le heintitis faoi oibleagáid dá dtagraítear in Airteagal 3, pointí (1), (2), (3)(a) agus (b), i gcásanna a bhaineann leis an idirbheart céanna lena mbaineann dhá eintiteas faoi oibleagáid nó níos mó, agus de mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, is féidir nochtadh a dhéanamh idir na heintitis ábhartha faoi oibleagáid ar choinníoll go bhfuil siad lonnaithe san Aontas, nó le heintitis i dtríú tír a fhorchuireann ceanglais atá coibhéiseach leo siúd a leagtar síos sa Rialachán seo, agus go bhfuil siad faoi réir rúndacht ghairmiúil agus ceanglais um chosaint sonraí pearsanta.
|
|
Airteagal 73 6
|
6. I gcás ina bhféachfaidh na heintitis faoi oibleagáid dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe 3(a) agus (b), le cliant a chur ó ghabháil do ghníomhaíocht mhídhleathach, ní hionann é sin agus nochtadh de réir bhrí mhír 1 den Airteagal seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|