4. I gcás, an 10 Iúil 2027, go mbeidh imeachtaí dlíthiúla a bhaineann le sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta amhrasta a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh ar feitheamh i mBallstát, agus i gcás ina mbeidh faisnéis nó doiciméid a bhaineann leis na himeachtaí sin ar feitheamh i seilbh ag eintiteas faoi oibleagáid, féadfaidh an t-eintiteas faoi oibleagáid an fhaisnéis nó na doiciméid sin a choinneáil, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ar feadh tréimhse 5 bliana ón 10 Iúil 2027.
Gan dochar don dlí coiriúil náisiúnta maidir le fianaise is infheidhme i ndáil le himscrúduithe coiriúla leanúnacha agus imeachtaí dlíthiúla leanúnacha, féadfaidh na Ballstáit coinneáil faisnéise nó sonraí den sórt sin a cheadú nó a cheangal ar feadh tréimhse bhreise 5 bliana, i gcás inar suíodh riachtanas agus comhréireacht na coinneála breise sin chun sciúradh amhrasta airgid nó maoiniú amhrasta sceimhlitheoireachta a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh.