1. De bhun Airteagal 8(3) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (48), déanfaidh gach FIU torthaí a anailísí agus aon fhaisnéis ábhartha bhreise a tharchur gan mhoill chuig OLAF i gcás ina bhfuil forais réasúnacha ann le bheith in amhras go bhfuil calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais á ndéanamh nó déanta a bhféadfadh OLAF a inniúlacht a fheidhmiú ina leith i gcomhréir le hAirteagal 8 den Rialachán sin.