+Airteagal 83 Comhar idir FIUnna agus OLAF
---+Airteagal 83 1
---+Airteagal 83 2
---+Airteagal 83 3

Airteagal 83 Comhar idir FIUnna agus OLAF

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 83 1

1.   De bhun Airteagal 8(3) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (48), déanfaidh gach FIU torthaí a anailísí agus aon fhaisnéis ábhartha bhreise a tharchur gan mhoill chuig OLAF i gcás ina bhfuil forais réasúnacha ann le bheith in amhras go bhfuil calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais á ndéanamh nó déanta a bhféadfadh OLAF a inniúlacht a fheidhmiú ina leith i gcomhréir le hAirteagal 8 den Rialachán sin.

Airteagal 83 2

2.   Freagróidh FIUnna go tráthúil d’iarrataí ar fhaisnéis ó OLAF i ndáil le calaois nó le héilliú nó le haon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal 83 3

3.   Féadfaidh FIUnna agus OLAF torthaí anailísí straitéiseacha a mhalartú, lena n-áirítear típeolaíochtaí agus táscairí riosca, i gcás ina mbaineann anailísí den sórt sin le calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile dá dtagraítear i mír 1.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas