1. Déanfaidh comhlacht earnála poiblí, an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach nó comhlacht de chuid an Aontais a fhaigheann sonraí de bhun iarraidh arna déanamh faoi Airteagal 14 an méid seo a leanas:
|
(a)
|
ní úsáidfidh sé na sonraí ar bhealach atá ar neamhréir leis an gcuspóir dár iarradh iad;
|
|
(b)
|
bearta teicniúla agus eagraíochtúla a bheith curtha chun feidhme acu lena gcaomhnaítear rúndacht agus sláine na sonraí arna n-iarraidh agus slándáil na n-aistrithe sonraí, go háirithe sonraí pearsanta, agus lena gcosnaítear cearta agus saoirsí na ndaoine is ábhar do na sonraí;
|
|
(c)
|
na sonraí a léirscriosadh a luaithe nach bhfuil gá leo a thuilleadh chun na críche sonraithe agus a chuir iúl don sealbhóir sonraí agus do na daoine aonair nó do na heagraíochtaí a fuair na sonraí de bhun Airteagal 21(1) gur scriosadh na sonraí, mura rud é go bhfuil gá leis na sonraí a chartlannú i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid i gcomhthéacs oibleagáidí trédhearcachta.
|