+Airteagal 19 Oibleagáidí na gcomhlachtaí earnála poiblí, an Choimisiúin, an Bhainc Cheannais Eorpaigh agus na gcomhlachtaí de chuid an Aontais
---+Airteagal 19 1
---+Airteagal 19 2
---+Airteagal 19 3
---+Airteagal 19 4
|
Airteagal 19 Oibleagáidí na gcomhlachtaí earnála poiblí, an Choimisiúin, an Bhainc Cheannais Eorpaigh agus na gcomhlachtaí de chuid an Aontais
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 19 1
|
1. Déanfaidh comhlacht earnála poiblí, an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach nó comhlacht de chuid an Aontais a fhaigheann sonraí de bhun iarraidh arna déanamh faoi Airteagal 14 an méid seo a leanas:
|
(a)
|
ní úsáidfidh sé na sonraí ar bhealach atá ar neamhréir leis an gcuspóir dár iarradh iad;
|
|
(b)
|
bearta teicniúla agus eagraíochtúla a bheith curtha chun feidhme acu lena gcaomhnaítear rúndacht agus sláine na sonraí arna n-iarraidh agus slándáil na n-aistrithe sonraí, go háirithe sonraí pearsanta, agus lena gcosnaítear cearta agus saoirsí na ndaoine is ábhar do na sonraí;
|
|
(c)
|
na sonraí a léirscriosadh a luaithe nach bhfuil gá leo a thuilleadh chun na críche sonraithe agus a chuir iúl don sealbhóir sonraí agus do na daoine aonair nó do na heagraíochtaí a fuair na sonraí de bhun Airteagal 21(1) gur scriosadh na sonraí, mura rud é go bhfuil gá leis na sonraí a chartlannú i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid i gcomhthéacs oibleagáidí trédhearcachta.
|
|
|
Airteagal 19 2
|
2. Maidir le comhlacht earnála poiblí, an Coimisiún, an Banc Ceannais, comhlacht de chuid an Aontais nó tríú páirtí a fhaigheann sonraí faoin gCaibidil seo, ní dhéanfaidh sé an méid seo a leanas:
|
(a)
|
sonraí nó léargais maidir le staid eacnamaíoch, sócmhainní agus modhanna táirgthe nó oibriúcháin an tsealbhóra sonraí a úsáid chun táirge nasctha nó seirbhís ghaolmhar a fhorbairt nó a fheabhsú a bheidh in iomaíocht le táirge nasctha nó le seirbhís ghaolmhar an tsealbhóra sonraí;
|
|
(b)
|
na sonraí a chomhroinnt le tríú páirtí eile chun aon cheann de na críocha sin dá dtagraítear i bpointe (a).
|
|
|
Airteagal 19 3
|
3. Ní cheanglófar rúin trádála a nochtadh do chomhlacht earnála poiblí, don Choimisiún, don Bhanc Cheannais Eorpach ná do chomhlacht de chuid an Aontais ach amháin a mhéid a bhfuil géarghá leis chun cuspóir iarrata a bhaint amach faoi Airteagal 15. I gcás mar sin, déanfaidh an sealbhóir sonraí nó, i gcás nach iad an duine céanna iad, an sealbhóir rúin trádála,, na sonraí atá faoi chosaint mar rúin trádála a shainaithint, lena n-áirítear sna meiteashonraí ábhartha. Déanfaidh an comhlacht earnála poiblí, an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach nó comhlacht de chuid an Aontais, sula ndéanfar nochtadh na rún trádála, gach beart teicniúil agus eagraíochtúil is gá agus is iomchuí chun rúndacht na rún trádála a chaomhnú, lena n-áirítear, de réir mar is iomchuí, téarmaí conarthacha eiseamláireacha, caighdeáin theicniúla agus cur i bhfeidhm cód iompair a úsáid.
|
|
Airteagal 19 4
|
4. Beidh comhlacht earnála poiblí, an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach nó comhlacht de chuid an Aontais freagrach as slándáil na sonraí a fhaigheann sé.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|