2. Maidir le comhlacht earnála poiblí, an Coimisiún, an Banc Ceannais, comhlacht de chuid an Aontais nó tríú páirtí a fhaigheann sonraí faoin gCaibidil seo, ní dhéanfaidh sé an méid seo a leanas:
|
(a)
|
sonraí nó léargais maidir le staid eacnamaíoch, sócmhainní agus modhanna táirgthe nó oibriúcháin an tsealbhóra sonraí a úsáid chun táirge nasctha nó seirbhís ghaolmhar a fhorbairt nó a fheabhsú a bheidh in iomaíocht le táirge nasctha nó le seirbhís ghaolmhar an tsealbhóra sonraí;
|
|
(b)
|
na sonraí a chomhroinnt le tríú páirtí eile chun aon cheann de na críocha sin dá dtagraítear i bpointe (a).
|