4. Ní bheidh sealbhóirí sonraí i dteideal cúitimh as sonraí a chur ar fáil agus iarraidh arna déanamh de bhun Airteagal 15(1), pointe (b), á comhlíonadh, i gcás inarb é an cúram sonrach a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail staidreamh oifigiúil a tháirgeadh agus i gcás nach gceadaítear leis an dlí náisiúnta an cúiteamh as sonraí a cheannach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún i gcás nach gceadaítear faoin dlí náisiúnta an cúiteamh as sonraí a cheannach chun staidreamh oifigiúil a tháirgeadh.