+Airteagal 20 Cúiteamh i gcásanna ina bhfuil riachtanas eisceachtúil ann
---+Airteagal 20 1
---+Airteagal 20 2
---+Airteagal 20 3
---+Airteagal 20 4
---+Airteagal 20 5

Airteagal 20 Cúiteamh i gcásanna ina bhfuil riachtanas eisceachtúil ann

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 20 1

1.   Déanfaidh sealbhóirí sonraí seachas micrifhiontair agus fiontair bheaga, na sonraí atá riachtanach chun freagairt d’éigeandáil phoiblí de bhun Airteagal 15(1), pointe (a), a chur ar fáil saor in aisce. Déanfaidh an comhlacht earnála poiblí, an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach nó an comhlacht de chuid an Aontais a fuair sonraí admháil phoiblí a thabhairt do shealbhóir na sonraí má iarrann sealbhóir na sonraí amhlaidh.

Airteagal 20 2

2.   Beidh an sealbhóir sonraí i dteideal cúiteamh cóir as sonraí a chur ar fáil agus iarraidh arna déanamh de bhun Airteagal 15(1), pointe (b) á comhlíonadh. Le cúiteamh den sórt sin, clúdófar na costais theicniúla agus eagraíochtúla a tabhaíodh i dtaca leis an iarraidh a chomhlíonadh, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, na costais maidir le hanaithnidiú, bréagainmniú, comhiomlánú agus oiriúnú teicniúil, agus móide corrlach réasúnta. Arna iarraidh sin don chomhlacht earnála poiblí, don Choimisiún, don Bhanc Ceannais Eorpach nó do chomhlacht de chuid an Aontais, soláthróidh an sealbhóir sonraí faisnéis ar bhonn ríomh na gcostas agus an chorrlaigh réasúnta.

Airteagal 20 3

3.   Chomh maith leis sin, bheidh feidhm ag mír 2 i gcás ina n-éilíonn micrifhiontar agus fiontar beag cúiteamh as sonraí a chur ar fáil.

Airteagal 20 4

4.   Ní bheidh sealbhóirí sonraí i dteideal cúitimh as sonraí a chur ar fáil agus iarraidh arna déanamh de bhun Airteagal 15(1), pointe (b), á comhlíonadh, i gcás inarb é an cúram sonrach a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail staidreamh oifigiúil a tháirgeadh agus i gcás nach gceadaítear leis an dlí náisiúnta an cúiteamh as sonraí a cheannach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún i gcás nach gceadaítear faoin dlí náisiúnta an cúiteamh as sonraí a cheannach chun staidreamh oifigiúil a tháirgeadh.

Airteagal 20 5

5.   I gcás ina n-easaontóidh an comhlacht earnála poiblí, an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach nó comhlacht de chuid an Aontais maidir leis an leibhéal cúitimh a d’iarr an sealbhóir sonraí, féadfaidh siad gearán a thaisceadh leis an údaráis inniúil arna ainmniú de bhun Airteagal 37 den Bhallstát ina bhfuil an sealbhóir sonraí bunaithe.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas