1. Maidir le haistriú baisc-chomhaid ó íocóir aonair i gcás ina bhfuil soláthraithe seirbhísí íocaíochta na n-íocaithe bunaithe lasmuigh den Aontas, ní bheidh feidhm ag Airteagal 4(1) maidir leis na haistrithe aonair cuachta le chéile iontu, ar choinníoll go bhfuil san aistriú baisc-chomhaid an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 4(1), (2) agus (3), gur fíoraíodh an fhaisnéis sin i gcomhréir le hAirteagal 4(4) agus (5), agus go bhfuil uimhir chuntais íocaíochta an íocóra nó, i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 4(3), go bhfuil an t-aitheantóir idirbhirt uathúil ar na haistrithe aonair.