1. Agus na critéir a leagtar amach in Airteagal 31(2) de Rialachán (AE) 2022/2554 á mbreithniú acu chun soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí atá criticiúil d’eintitis airgeadais a ainmniú, cuirfidh na ÚMEnna an cur chuige seo a leanas i bhfeidhm:
|
(a)
|
mar chéad chéim, déanfaidh na ÚMEnna measúnú i dtaobh an gcomhlíonann an soláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí na fo-chritéir uile ‘céim 1’ a leagtar amach in Airteagail 2(1), 3(1) agus 5(1);
|
|
(b)
|
mar dhara céim, i gcás na soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí sin a chomhlíonann na fo-chritéir uile ‘céim 1’ dá dtagraítear i bpointe (a), déanfaidh ÚMEnna a measúnú i bhfianaise na bhfo-chritéar ‘céim 2’ dá dtagraítear in Airteagail 2(5), 3(4), 4(1) agus 5(5).
|
De mhaolú ar an gcéad fhomhír, chun measúnú a dhéanamh ar chritéar (c) d’Airteagal 31(2) de Rialachán (AE) 2022/2554, cumhdófar an chéad chéim leis an measúnú a dhéanfar i dtaca le critéir (a), (b) agus (d) d’Airteagal 31(2) de Rialachán (AE) 2022/2554.