2. Chun gur féidir faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na mbeart a rinneadh nó na réitigh a chuir an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúil chun feidhme i ndáil leis na moltaí a fuarthas, déanfaidh an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúil an méid seo a leanas a chomhroinnt leis an bPríomh-Fhormhaoirseoir arna iarraidh sin dó:
|
(a)
|
tuarascálacha eatramhacha ar dhul chun cinn agus doiciméid tacaíochta ghaolmhara ina sonraítear an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí agus na mbeart a leagtar amach sa tuarascáil arna soláthar ag an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúil don Phríomh-Fhormhaoirseoir laistigh den amlíne arna sainiú ag an bPríomh-Fhormhaoirseoir;
|
|
(b)
|
tuarascálacha críochnaitheacha agus doiciméid tacaíochta ghaolmhara ina sonraítear na bearta a rinneadh nó na réitigh a chuir an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúil chun feidhme chun na rioscaí a shainaithnítear sna moltaí a fuarthas a mhaolú.
|