+RIALACHÁN (AE) 2018/1724 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 2 Deireadh Fómhair 2018 maidir le ►C1 tairseach ◄ aonair dhigiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
---+CAIBIDIL I FORÁLACHA GINEARÁLTA
------+Airteagal 1 Ábhar
---------+Airteagal 1 1.
---------+Airteagal 1 2.
---------+Airteagal 1 3.
------+Airteagal 2 Bunú na►C1tairsí◄aonair digití
---------+Airteagal 2 1.
---------+Airteagal 2 2.
---------+Airteagal 2 3.
------+Airteagal 3 Sainmhínithe
---+CAIBIDIL II SEIRBHÍSÍ►C1TAIRSÍ◄
------+Airteagal 4 Rochtain ar fhaisnéis
---------+Airteagal 4 1.
---------+Airteagal 4 2.
------+Airteagal 5 Rochtain ar fhaisnéis nach n-áirítear in Iarscríbhinn I
---------+Airteagal 5 1.
---------+Airteagal 5 2.
---------+Airteagal 5 3.
------+Airteagal 6 Nósanna imeachta le bheith curtha ar fáil go hiomlán ar líne
---------+Airteagal 6 1.
---------+Airteagal 6 2.
---------+Airteagal 6 3.
---------+Airteagal 6 4.
---------+Airteagal 6 5.
------+Airteagal 7 Rochtain ar sheirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna
---------+Airteagal 7 1.
---------+Airteagal 7 2.
---------+Airteagal 7 3.
---------+Airteagal 7 4.
------+Airteagal 8 Ceanglais cháilíochta a bhaineann le hinrochtaineacht gréasáin
---+CAIBIDIL III CEANGLAIS CHÁILÍOCHTA
------+ROINN 1 Ceanglais cháilíochta a bhaineann le faisnéis faoi chearta, oibleagáidí agus rialacha, faoi nósanna imeachta agus faoi sheirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna
---------+Airteagal 9 Cáilíocht na faisnéise faoi chearta, oibleagáidí agus rialacha
------------+Airteagal 9 1.
------------+Airteagal 9 2.
---------+Airteagal 10 Cáilíocht na faisnéise faoi nósanna imeachta
------------+Airteagal 10 1.
------------+Airteagal 10 2.
------------+Airteagal 10 3.
------------+Airteagal 10 4.
---------+Airteagal 11 Cáilíocht na faisnéise faoi sheirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna
------------+Airteagal 11 1.
------------+Airteagal 11 2.
---------+Airteagal 12 Aistriúchán a dhéanamh ar an bhfaisnéis
------------+Airteagal 12 1.
------------+Airteagal 12 2.
------------+Airteagal 12 3.
------------+Airteagal 12 4.
------+ROINN 2 Ceanglais a bhaineann le nósanna imeachta ar líne
---------+Airteagal 13 Rochtain trasteorann ar nósanna imeachta ar líne
------------+Airteagal 13 1.
------------+Airteagal 13 2.
------------+Airteagal 13 3.
---------+Airteagal 14 Córas teicniúil don mhalartú trasteorann uathoibrithe fianaise agus cur i bhfeidhm an phrionsabail “aonuaire”
------------+Airteagal 14 1.
------------+Airteagal 14 2.
------------+Airteagal 14 3.
------------+Airteagal 14 4.
------------+Airteagal 14 5.
------------+Airteagal 14 6.
------------+Airteagal 14 7.
------------+Airteagal 14 8.
------------+Airteagal 14 9.
------------+Airteagal 14 10.
------------+Airteagal 14 11.
---------+Airteagal 15 Fianaise idir na Ballstáit a fhíorú
------+ROINN 3 Ceanglais cháilíochta a bhaineann le seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna
---------+Airteagal 16 Ceanglais cháilíochta a bhaineann le seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna
------+ROINN 4 Faireachán cáilíochta
---------+Airteagal 17 Faireachán cáilíochta
------------+Airteagal 17 1.
------------+Airteagal 17 2.
------------+Airteagal 17 3.
---+CAIBIDIL IV RÉITIGH THEICNIÚLA
------+Airteagal 18 Comhéadan coiteann úsáideora
---------+Airteagal 18 1.
---------+Airteagal 18 2.
---------+Airteagal 18 3.
---------+Airteagal 18 4.
---------+Airteagal 18 5.
------+Airteagal 19 Stór do naisc
---------+Airteagal 19 1.
---------+Airteagal 19 2.
---------+Airteagal 19 3.
---------+Airteagal 19 4.
---------+Airteagal 19 5.
---------+Airteagal 19 6.
---------+Airteagal 19 7.
------+Airteagal 20 An cuardaitheoir coiteann seirbhísí cúnaimh
---------+Airteagal 20 1.
---------+Airteagal 20 2.
---------+Airteagal 20 3.
------+Airteagal 21 Freagrachtaí as feidhmchláir TFC lena dtacaítear leis an►C1tairseach◄
---------+Airteagal 21 1.
---------+Airteagal 21 2.
---+CAIBIDIL V CUR CHUN CINN
------+Airteagal 22 Ainm, lógó agus lipéad cáilíochta
---------+Airteagal 22 1.
---------+Airteagal 22 2.
------+Airteagal 23 Cur chun cinn
---------+Airteagal 23 1.
---------+Airteagal 23 2.
---------+Airteagal 23 3.
---------+Airteagal 23 4.
---+CAIBIDIL VI BAILIÚ AISEOLAIS Ó ÚSÁIDEOIRÍ AGUS STAITISTICÍ ÚSÁIDEOIRÍ
------+Airteagal 24 Staidreamh faoi úsáideoirí
---------+Airteagal 24 1.
---------+Airteagal 24 2.
---------+Airteagal 24 3.
---------+Airteagal 24 4.
------+Airteagal 25 Aiseolas ó úsáideoirí faoi sheirbhísí na►C1tairsí◄
---------+Airteagal 25 1.
---------+Airteagal 25 2.
---------+Airteagal 25 3.
---------+Airteagal 25 4.
---------+Airteagal 25 5.
------+Airteagal 26 Tuairisciú ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh
---------+Airteagal 26 1.
---------+Airteagal 26 2.
---------+Airteagal 26 3.
------+Airteagal 27 Forléargais achoimre ar líne
---+CAIBIDIL VII RIALACHAS NA►C1TAIRSÍ◄
------+Airteagal 28 Comhordaitheoirí náisiúnta
---------+Airteagal 28 1.
---------+Airteagal 28 2.
---------+Airteagal 28 3.
------+Airteagal 29 An Grúpa Comhordaithe
------+Airteagal 30 Cúraimí ghrúpa comhordaithe na►C1tairsí◄
---------+Airteagal 30 1.
---------+Airteagal 30 2.
------+Airteagal 31 Clár oibre bliantúil
---------+Airteagal 31 1.
---------+Airteagal 31 2.
---+CAIBIDIL VIII FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
------+Airteagal 32 Costais
---------+Airteagal 32 1.
---------+Airteagal 32 2.
------+Airteagal 33 Sonraí pearsanta a chosaint
------+Airteagal 34 Comhar le líonraí eile faisnéise agus cúnaimh
---------+Airteagal 34 1.
---------+Airteagal 34 2.
------+Airteagal 35 Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh
---------+Airteagal 35 1.
---------+Airteagal 35 2.
------+Airteagal 36 Tuairisciú agus athbhreithniú
------+Airteagal 37 Nós imeachta coiste
---------+Airteagal 37 1.
---------+Airteagal 37 2.
------+Airteagal 38 Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012
------+Airteagal 39 Teacht i bhfeidhm
---+IARSCRÍBHINN I Liosta de réimsí faisnéise atá ábhartha do shaoránaigh agus gnólachtaí atá ag feidhmiú a gceart i ndáil leis an margadh inmheánach dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 2(2)
---+IARSCRÍBHINN II Nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 6(1)
---+IARSCRÍBHINN III Liosta de na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 2(2)
|
English -
European Union -
ICT -
RIALACHÁN (AE) 2018/1724 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 2 Deireadh Fómhair 2018 maidir le ►C1 tairseach ◄ aonair dhigiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
RIALACHÁN (AE) 2018/1724 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 2 Deireadh Fómhair 2018
maidir le
►C1
tairseach ◄ aonair dhigiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
CAIBIDIL I FORÁLACHA GINEARÁLTA
|
CAIBIDIL I FORÁLACHA GINEARÁLTA
|
|
CAIBIDIL II SEIRBHÍSÍ►C1TAIRSÍ◄
|
CAIBIDIL II SEIRBHÍSÍ►C1TAIRSÍ◄
|
|
CAIBIDIL III CEANGLAIS CHÁILÍOCHTA
|
CAIBIDIL III CEANGLAIS CHÁILÍOCHTA
|
|
CAIBIDIL IV RÉITIGH THEICNIÚLA
|
CAIBIDIL IV RÉITIGH THEICNIÚLA
|
|
CAIBIDIL V CUR CHUN CINN
|
CAIBIDIL V CUR CHUN CINN
|
|
CAIBIDIL VI BAILIÚ AISEOLAIS Ó ÚSÁIDEOIRÍ AGUS STAITISTICÍ ÚSÁIDEOIRÍ
|
CAIBIDIL VI BAILIÚ AISEOLAIS Ó ÚSÁIDEOIRÍ AGUS STAITISTICÍ ÚSÁIDEOIRÍ
|
|
CAIBIDIL VII RIALACHAS NA►C1TAIRSÍ◄
|
CAIBIDIL VII RIALACHAS NA►C1TAIRSÍ◄
|
|
CAIBIDIL VIII FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
|
CAIBIDIL VIII FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
|
|
IARSCRÍBHINN I Liosta de réimsí faisnéise atá ábhartha do shaoránaigh agus gnólachtaí atá ag feidhmiú a gceart i ndáil leis an margadh inmheánach dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 2(2)
|
IARSCRÍBHINN I
Liosta de réimsí faisnéise atá ábhartha do shaoránaigh agus gnólachtaí atá ag feidhmiú a gceart i ndáil leis an margadh inmheánach dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 2(2)
Réimsí faisnéise a bhaineann le saoránaigh:
|
Réimse
|
FAISNÉIS FAOI CHEARTA, OIBLEAGÁIDÍ AGUS RIALACHA A EASCRAÍONN AS DLÍ AN AONTAIS AGUS AS AN DLÍ NÁISIÚNTA
|
|
A. Taisteal laistigh den Aontas
|
1. doiciméid nach mór a bheith ag saoránaigh an Aontais, daoine muinteartha leo nach saoránaigh den Aontas iad, mionaoisigh atá ag taisteal ina n-aonar agus saoránaigh nach saoránaigh den Aontas iad nuair atá siad ag taisteal thar theorainneacha laistigh den Aontas (cárta aitheantais, víosa, pas)
2. cearta agus oibleagáidí daoine agus iad ag taisteal ar eitleán, ar an traein, ar bhord loinge agus ar an mbus san Aontas agus amach as, agus cearta agus oibleagáidí daoine a cheannaíonn pacáistí taistil nó socruithe taistil gaolmhara
3. cúnamh i gcás soghluaisteacht laghdaithe daoine agus iad ag taisteal san Aontas agus amach as
4. iompar ainmhithe, plandaí, alcóil, tobac, toitíní agus earraí eile ag daoine agus iad ag taisteal san Aontas
5. guthghlaonna a chur agus teachtaireachtaí leictreonacha agus sonraí leictreonacha a sheoladh agus a fháil laistigh den Aontas
|
|
B. Obair agus scor laistigh den Aontas
|
1. fostaíocht a lorg i mBallstát eile
2. fostaíocht a ghlacadh i mBallstát eile
3. aitheantas do cháilíochtaí d’fhonn fostaíocht a fháil i mBallstát eile
4. cáin i mBallstát eile
5. rialacha maidir le dliteanas agus le hárachas éigeantacha atá nasctha le cónaí nó fostaíocht i mBallstát eile
6. téarmaí agus coinníollacha fostaíochta, lena n-áirítear d’oibrithe ar postú, mar a sonraítear i ndlíthe nó in ionstraim reachtúil (lena n-áirítear faisnéis maidir le huaireanta oibre, saoire íoctha, teidlíochtaí saoire, cearta agus oibleagáidí maidir le ragobair, scrúduithe sláinte, foirceannadh conarthaí, briseadh as post agus iomarcaíochtaí)
7. cóir chomhionann (rialacha a chuireann cosc ar idirdhealú san áit oibre, rialacha maidir le pá comhionann d’fhir agus do mhná, pá comhionann d’fhostaithe ar chonarthaí téarma sheasta/fostaíochta buaine)
8. oibleagáidí sláinte agus sábháilteachta maidir le cineálacha difriúla gníomhaíochta
9. cearta agus oibleagáidí slándála sóisialta san Aontas, lena n-áirítear iad sin a bhaineann le pinsin a fháil
|
|
C. Feithiclí san Aontas
|
1. mótarfheithicil a thabhairt go sealadach nó go buan chuig Ballstát eile
2. ceadúnas tiomána a fháil agus a athnuachan
3. árachas mhótarfheithiclí éigeantach a ghlacadh
4. mótarfheithicil a cheannach agus a dhíol i mBallstát eile
5. rialacha náisiúnta tráchta agus ceanglais ar thiománaithe, lena n-áirítear rialacha ginearálta maidir le húsáid an bhonneagair bóthair náisiúnta: muirir ambhunaithe (greamán), muirir acharbhunaithe (dola), greamáin astaíochtaí
|
|
D. Cónaí i mBallstát eile
|
1. bogadh chuig Ballstát eile go sealadach nó go buan
2. ceannach agus díol maoine dochorraithe, lena n-áirítear aon choinníollacha agus oibleagáidí a bhaineann le cánachas, úinéireacht nó úsáid maoine, lena n-áirítear mar áit chónaithe thánaisteach
3. páirt a ghlacadh i dtoghcháin bhardasacha agus toghcháin chuig Parlaimint na hEorpa
4. ceanglais ar shaoránaigh an Aontais agus a ndaoine muinteartha maidir le cártaí cónaithe a bheith acu, lena n-áirítear daoine muinteartha nach saoránaigh den Aontas iad
5. coinníollacha is infheidhme don eadóirseachta náisiúnaigh ó Bhallstát eile
6. rialacha is infheidhme i gcás báis, lena n-áirítear rialacha maidir le haisdúichiú coirp chuig Ballstát eile
|
|
E. Oideachas nó cúrsa oiliúna i mBallstát eile
|
1. córas oideachais i mBallstát eile, lena n-áirítear oideachas agus cúram luath-óige, bunoideachas agus meánoideachas, ardoideachas agus foghlaim aosach
2. obair dheonach a dhéanamh i mBallstát eile
3. cúrsaí oiliúna i mBallstát eile
4. taighde a dhéanamh i mBallstát eile mar chuid de chlár oideachais
|
|
F. Cúram sláinte
|
1. cóireáil leighis a fháil i mBallstát eile
2. táirgí cógaisíochta ordaithe a cheannach ar líne nó go pearsanta i mBallstát nach ionann é agus an Ballstát inar eisíodh an t-oideas
3. rialacha árachais sláinte is infheidhme i gcás ghearrfhanacht nó fadfhanacht i mBallstát eile, lena n-áirítear conas iarratas a dhéanamh ar an gCárta Eorpach um Árachas Sláinte
4. creat ginearálta faisnéise maidir le cearta nó oibleagáidí rochtana chun rannpháirt a ghlacadh i mbearta cúraim sláinte coisctheacha poiblí atá ar fáil
5. seirbhísí a sholáthraítear trí uimhreacha náisiúnta éigeandála, lena n-áirítear uimhir “112” agus uimhir “116”
6. cearta agus coinníollacha le haghaidh bogadh chuig ionad cúraim chónaithe
|
|
G. Cearta saoránach agus teaghlaigh
|
1. breith, coimeád leanaí mionaoiseacha, freagrachtaí ar thuismitheoirí, rialacha maidir le máthairionadaíocht agus uchtáil, lena n-áirítear uchtáil ag an dara tuismitheoir, oibleagáidí cothabhála maidir le leanaí in imthosca trasteorann teaghlaigh
2. cónaí mar lánúin ag a bhfuil náisiúntachtaí difriúla, lena n-áirítear lánúineacha comhghnéis (pósadh, páirtnéireacht shibhialta nó chláraithe, idirscaradh, colscaradh, cearta maoine pósta, cearta comhchónaitheoirí)
3. rialacha maidir le haitheantas inscne
4. cearta agus oibleagáidí maidir le comharbas i mBallstát eile, lena n-áirítear rialacha cánach
5. cearta agus rialacha is infheidhme i gcás fuadach leanaí trasteorann arna dhéanamh ag tuismitheoir
|
|
H. Cearta tomhaltóirí
|
1. earraí, inneachar digiteach nó seirbhísí (lena n-áirítear earraí agus seirbhísí airgeadais) a cheannach ar líne nó go pearsanta ó Bhallstát eile
2. cuntas bainc a choimeád i mBallstát eile
3. ceangal le fóntais amhail gás, leictreachas, uisce, diúscairt dramhaíola tí, teileachumarsáid agus an t-idirlíon
4. íocaíochtaí, lena n-áirítear aistrithe creidmheasa, moilleanna ar íocaíochtaí trasteorann
5. cearta agus ráthaíochtaí tomhaltóirí a bhaineann le hearraí agus seirbhísí a cheannach, lena n-áirítear nósanna imeachta maidir le réiteach díospóidí agus cúiteamh do thomhaltóirí
6. sábháilteacht agus slándáil táirgí tomhaltais
7. mótarfheithicil a thógáil ar cíos
|
|
I. Cosaint sonraí pearsanta
|
1. cearta na n-ábhar sonraí maidir le cosaint sonraí pearsanta a fheidhmiú
|
Réimsí faisnéise a bhaineann le gnólachtaí:
▼M3
▼B
|
Réimse
|
FAISNÉIS FAOI CHEARTA, OIBLEAGÁIDÍ AGUS RIALACHA
|
|
J. Gnólacht a thosú, a reáchtáil agus a dhúnadh
|
1. gnólacht a chlárú, a dhúnadh nó a chineál dlíthiúil a athrú (nósanna imeachta clárúcháin agus foirmeacha dlí le haghaidh gnó a dhéanamh)
2. gnólacht a bhogadh chuig Ballstát eile
3. cearta maoine intleachtúla (iarratas a dhéanamh ar phaitinn, trádmharc, líníocht nó dearadh a chlárú, ceadúnas atáirgthe a fháil)
4. cothroime agus trédhearcacht i gcleachtais tráchtála, lena n-áirítear cearta tomhaltóirí agus ráthaíochtaí a bhaineann le hearraí agus seirbhísí a dhíol
5. saoráidí ar líne a thairiscint le haghaidh íocaíochtaí trasteorann nuair atáthar ag díol earraí agus seirbhísí ar líne
6. cearta agus oibleagáidí a eascraíonn as dlí na gconarthaí, lena n-áirítear ús ar riaráistí
7. imeachtaí dócmhainneachta agus leachtú cuideachtaí
8. árachas creidmheasa
9. cuideachtaí a chumasc nó gnólacht a dhíol
10. dliteanas sibhialta stiúrthóirí cuideachta
11. rialacha agus oibleagáidí maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil
|
|
K. Fostaithe
|
1. téarmaí fostaíochta a sonraítear síos i ndlíthe nó in ionstraim reachtúil(lena n-áirítear uaireanta oibre, saoire íoctha, teidlíochtaí saoire, cearta agus oibleagáidí maidir le ragobair, scrúduithe sláinte, foirceannadh conarthaí, briseadh as post agus iomarcaíochtaí)
2. cearta agus oibleagáidí slándála sóisialta san Aontas (clárú mar fhostóir, fostaithe a chlárú, fógra a thabhairt d’fhostaí faoi dheireadh conartha, ranníocaíochtaí slándála sóisialta a íoc, cearta agus oibleagáidí a bhaineann le pinsin)
3. oibrithe a fhostú i mBallstáit eile (oibrithe a phostú, rialacha maidir le saoirse chun seirbhísí a chur ar fáil, ceanglais chónaithe d’oibrithe)
4. cóir chomhionann (rialacha lena dtoirmeasctar idirdhealú san áit oibre, rialacha maidir le pá comhionann d’fhir agus do mhná agus le pá comhionann d’fhostaithe ar chonarthaí téarma sheasta nó fostaíochta buaine)
5. rialacha maidir le hionadaíocht foirne
|
|
L. Cánacha
|
1. CBL: faisnéis faoi na rialacha ginearálta, rátaí agus díolúintí, clárú le haghaidh CBL agus CBL a íoc, aisíocaíocht a fháil
2. dleachtanna máil: faisnéis faoi na rialacha ginearálta, rátaí agus díolúintí, clárú chun críocha cánach máil agus íocaíocht cánach máil, aisíocaíocht a fháil
3. dleachtanna custaim agus cánacha agus dleachtanna eile a bhailítear ó allmhairí
4. nósanna imeachta custaim d’allmhairí agus d’onnmhairí faoi Chód Custaim an Aontais
5. cánacha eile: íocaíocht, rátaí, tuairisceáin chánach
|
|
M. Earraí
|
1. comhartha CE a fháil
2. rialacha agus ceanglais táirgí
3. caighdeáin is infheidhme a shainaithint, sonraíochtaí teicniúla, agus táirgí a dheimhniú
4. aitheantas frithpháirteach do tháirgí nach bhfuil faoi réir shonraíochtaí an Aontais
5. ceanglais maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú do cheimiceáin ghuaiseacha
6. ciandíol/díol seacháitribh: faisnéis nach mór a thabhairt do chustaiméirí roimh ré, an conradh a dheimhniú i scríbhinn, aistarraingt ó chonradh, na hearraí a sheachadadh, oibleagáidí sonracha eile
7. táirgí lochtacha: cearta agus ráthaíochtaí tomhaltóirí, freagrachtaí iardhíola, modhanna sásaimh do pháirtí díobhálaithe
8. deimhniúchán, lipéid (EMAS, lipéid fuinnimh, éicidhearthóireacht, éicilipéad AE)
9. athchúrsáil agus bainistíocht dramhaíola
|
|
N. Seirbhísí
|
1. ceadúnais, údaruithe nó ceadanna a fháil d’fhonn gnólacht a thosú agus a fheidhmiú 2. fógra a thabhairt do na húdaráis faoi ghníomhaíochtaí trasteorann 3. aitheantas do cháilíochtaí gairmiúla, lena n-áirítear gairmoideachas agus gairmoiliúint
►M2
4. faisnéis faoi rialacha lena rialaítear soláthar na seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach, lena n-áirítear na liostaí dá dtagraítear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2024/1028 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2)
◄
|
|
O. Gnólacht a chistiú
|
1. rochtain a fháil ar mhaoiniú ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear cláir chistiúcháin agus deontais ghnó an Aontais
2. rochtain a fháil ar mhaoiniú ar an leibhéal náisiúnta
3. tionscnaimh atá dírithe ar fhiontraithe (malartuithe a eagraítear le haghaidh fiontraithe nua, cláir mheantóireachta, etc.)
|
|
P. Conarthaí poiblí
|
1. páirt a ghlacadh i dtairiscintí poiblí: rialacha agus nósanna imeachta
2. tairiscint a chur isteach ar líne mar fhreagairt do ghlao poiblí ar thairiscintí
3. neamhrialtachtaí a thuairisciú maidir leis an bpróiseas tairisceana
|
|
Q. Sláinte agus sábháilteacht ag an obair
|
1. oibleagáidí sláinte agus sábháilteachta maidir le cineálacha difriúla gníomhaíochta, lena n-áirítear rioscaí a chosc, faisnéis agus oiliúint
|
|
►M4
R. Tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta ◄
|
►M4
1. faisnéis faoin bpróiseas deonaithe ceadanna; 2. seirbhísí maoiniúcháin agus infheistíochta; 3. deiseanna cistiúcháin ar leibhéal an Aontais nó ar leibhéal na mBallstát; 4. seirbhísí tacaíochta gnó, lena n-áirítear dearbhú cánach corparáide, dlíthe cánach áitiúla, dlí an tsaothair, ach gan bheith teoranta dóibh sin. ◄
|
|
▼M3
|
|
AJ. Tionscadail amhábhar criticiúil
|
1. na pointí teagmhála aonair a bhunaítear nó a ainmnítear de bhun Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) 2024/1252 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1)
2. faisnéis maidir leis an bpróiseas deonaithe ceadanna.’
3. faisnéis maidir le seirbhísí maoiniúcháin agus infheistíochta’
4. faisnéis maidir le deiseanna maoiniúcháin ar leibhéal an Aontais nó ar leibhéal na mBallstát’
5. seirbhísí tacaíochta gnó, lena n-áirítear dearbhú cánach corparáide, dlíthe cánach áitiúla nó dlí saothair ach gan a bheith teoranta dóibh sin
|
|
▼B
|
(1)
Rialachán (AE) 2024/1252 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 lena mbunaítear creat chun soláthar slán inbhuanaithe amhábhar criticiúil a áirithiú agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 168/2013, (AE) 2018/858, 2018/1724 agus (AE) 2019/1020 (IO L, 2024/1252, 3.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1252/oj).
(2)
Rialachán (AE) 2024/1028 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 maidir le bailiú agus comhroinnt sonraí a bhaineann le seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1724 (IO L, 2024/1028, 29.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1028/oj).
▼B
|
|
|
IARSCRÍBHINN II Nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 6(1)
|
IARSCRÍBHINN II
Nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 6(1)
|
Imeachtaí saoil
|
Nósanna imeachta
|
Aschur ionchasach faoi réir measúnú ar an iarratas ag an údarás inniúil i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, i gcás inarb ábhartha
|
|
Breith
|
Iarratas a dhéanamh ar chruthúnas maidir le clárú breithe
|
Cruthúnas maidir le clárú breithe nó teastas breithe
|
|
Cónaí
|
Iarratas a dhéanamh ar chruthúnas maidir le cónaí
|
Deimhniú de chlárú ag an seoladh reatha
|
|
Staidéar a dhéanamh
|
Iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú staidéir don oideachas treasach, amhail deontais agus iasachtaí staidéir ó chomhlacht poiblí nó ó institiúid phoiblí
|
Cinneadh faoin iarratas ar mhaoiniú nó admháil fála
|
|
Iarratas tosaigh a thíolacadh ar chead isteach in institiúid oideachais triú léibhéal phoiblí
|
Deimhniú go bhfuarthas an t-iarratas
|
|
Aitheantas acadúil a iarraidh i gcás dioplómaí, teastas nó cruthúnas eile staidéir nó cúrsaí
|
Cinneadh ar an iarraidh ar aitheantas
|
|
Obair
|
Iarratas ar an reachtaíocht is infheidhme a chinneadh i gcomhréir le Teideal II de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ()
|
Cinneadh maidir le reachtaíocht infheidhme
|
|
Fógra a thabhairt maidir le hathruithe i gcúinsí pearsanta nó gairmiúla an té a fhaigheann sochair slándála sóisialta, a bheidh ábhartha i dtaca leis na sochair sin
|
Deimhniú go bhfuarthas fógra faoi athruithe den sórt sin
|
|
Iarratas ar Chárta Eorpach um Árachas Sláinte (CEÁS)
|
Cárta Eorpach um Árachas Sláinte (CEÁS)
|
|
Dearbhú cánach ioncaim a thíolacadh
|
Deimhniú go bhfuarthas an dearbhú
|
|
Bogadh
|
Athrú ar sheoladh a chlárú
|
Deimhniú maidir leis an seoladh a bhí ag duine roimhe seo a dhíchlárú agus maidir leis an seoladh nua a chlárú
|
|
Mótarfheithicil de thionscnamh nó atá cláraithe cheana féin i mBallstát, a chlárú, i nósanna imeachta caighdeánacha ()
|
Cruthúnas ar mhótarfheithicil a chlárú
|
|
Greamáin a fháil chun críocha an bonneagar bóithre náisiúnta a úsáid: muirir ambhunaithe (greamán), muirir acharbhunaithe (dola), arna eisiúint ag comhlacht poiblí nó institiúid phoiblí
|
Greamán dola nó greamán nó cruthúnas eile ar íocaíocht a fháil
|
|
Greamáin astaíochtaí a fháil arna n-eisiúint ag comhlacht poiblí nó institiúid phoiblí
|
Greamán astaíochtaí nó cruthúnas eile ar íocaíocht a fháil
|
|
Dul ar scor
|
Sochair phinsin agus sochair réamhscoir a éileamh ó scéimeanna éigeantacha
|
Deimhniú ar fháil an éilimh nó cinneadh ar an éileamh ar shochair phinsin nó réamhscoir
|
|
Faisnéis a iarraidh maidir leis na sonraí a bhaineann le pinsean ó scéimeanna éigeantacha
|
Ráiteas de shonraí pearsanta pinsin
|
|
▼M1
|
|
Gnólacht a thosú, a reáchtáil agus a dhúnadh
|
Fógra faoi ghníomhaíocht ghnó, cead ar ghníomhaíochta gnó a fheidhmiú, athruithe ar ghníomhaíocht ghnó agus foirceannadh gníomhaíocht ghnó nach mbaineann le nósanna imeachta dócmhainneachta nó leachtaithe, cé is moite den chéad uair a chláraítear gníomhaíocht ghnó leis an gclár gnó agus, cé is moite de na nósanna imeachta a bhaineann le bunú cuideachtaí nó gnólachtaí nó aon chomhdú ina dhiaidh sin ag cuideachtaí nó gnólachtaí de réir bhrí an dara mír d’Airteagal 54 CFAE
►M2
Dearbhuithe ó óstaigh le haghaidh nósanna imeachta clárúcháin i ndáil le seirbhísí cóiríochta ar chíos gearrthéarmach ◄
|
Deimhniú ar fháil an fhógra nó an athraithe, nó na hiarrata ar chead gníomhaíochta gnó
►M2
Uimhir chlárúcháin a eisiúint ◄
|
|
|
Fostóir (duine nádúrtha) a chlárú le scéimeanna éigeantacha pinsean agus árachais
|
Deimhniú ar chlárú nó ar uimhir chlárúcháin leasa shóisialaigh
|
|
Fostaithe a chlárú le scéimeanna éigeantacha pinsean agus árachais
|
Deimhniú ar chlárú nó ar uimhir chlárúcháin leasa shóisialaigh
|
|
Dearbhú cánach corparáide a thíolacadh
|
Deimhniú go bhfuarthas an dearbhú
|
|
Fógra a thabhairt do na scéimeanna slándála sóisialta faoi dheireadh conartha le fostaí, cé is moite de nósanna imeachta chun conarthaí fostaithe a fhoirceannadh go comhchoiteann
|
Deimhniú go bhfuarthas an dearbhú
|
|
Ranníocaíochtaí slándála sóisialta d’fhostaithe a íoc
|
Admháil nó foirm eile deimhnithe gur íocadh ranníocaíochtaí slándála sóisialta d’fhostaithe
|
|
Fógra a thabhairt faoi sholáthraí seirbhísí idirghabhála sonraí
|
Deimhniú go bhfuarthas an t-iarratas
|
|
Clárú mar eagraíocht altrúchais sonraí a aithnítear san Aontas
|
Deimhniú an chlárúcháin
|
|
▼M3
|
|
Tionscadail amhábhar criticiúil
|
Nós imeachta a bhaineann le gach cead ábhartha chun tionscadail amhábhar criticiúil a thógáil agus a oibriú, lena n-áirítear ceadanna nasctha tógála, ceimiceán agus eangaí agus measúnuithe agus údaruithe comhshaoil i gcás inar gá sin, agus lena gcuimsítear na hiarratais agus na nósanna imeachta uile ón tráth a dhéantar a admháil go bhfuil an t-iarratas curtha i gcrích go dtí go dtabharfaidh an pointe teagmhála aonair lena mbaineann de bhun Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2024/1252 fógra faoin gcinneadh cuimsitheach maidir le toradh an nós imeachta.
|
Na haschuir uile a bhaineann leis na nósanna imeachta idir iomláine an iarratais a admháil agus an fógra faoin gcinneadh cuimsitheach maidir le toradh an nós imeachta tríd an bpointe teagmhála aonair lena mbaineann de bhun Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2024/1252.
|
|
▼B
|
|
►M4
Tionscadail monaraíochta teicneolaíochta glan-nialasachta ◄
|
►M4
Nósanna imeachta le haghaidh na gceadanna ábhartha uile chun tionscadail monaraíochta teicneolaíochtaí glan-nialasachta agus tionscadail straitéiseacha ghlan-nialasachta a thógáil, a shíneadh, a thiontú agus a oibriú, lena n-áirítear ceadanna maidir le tógáil, ceimiceáin agus nascacht eangaí, measúnuithe comhshaoil agus údaruithe, i gcás inar gá, agus lena gcuimsítear na hiarratais agus nósanna imeachta uile. ◄
|
►M4
Gach aschur a bhaineann leis na nósanna imeachta a théann ón admháil go bhfuil an t-iarratas tugtha i gcrích go dtí an fógra ón bpointe teagmhála ainmnithe faoin gcinneadh cuimsitheach maidir le toradh an nós imeachta. ◄
|
(1)
Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta (IO L 166, 30.4.2004, lch. 1).
(2)
Cumhdaítear leis seo na feithiclí seo a leanas: (a) aon mhótarfheithicil nó leantóir mar a thagraítear dóibh in Airteagal 3 de Threoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 263, 9.10.2007, lch. 1) agus (b) aon mhótarfheithicil ar a bhfuil dhá nó trí roth, bíodh nó ná bíodh rotha cúplacha orthu, ar feithicil í atá beartaithe chun taisteal ar an mbóthar, mar a thagraítear di in Airteagal 1 de Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 60, 2.3.2013, lch. 52).
|
|
|
IARSCRÍBHINN III Liosta de na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 2(2)
|
IARSCRÍBHINN III
Liosta de na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 2(2)
(1)
Ionaid ilfhreastail (
1
)
(2)
Pointí Teagmhála do Tháirgí (
2
)
(3)
Pointí Teagmhála do Tháirgí Foirgníochta (
3
)
(4)
Lárionaid chúnaimh náisiúnta um cháilíochtaí gairmiúla (
4
)
(5)
Pointí Teagmhála don tSláinte (
5
)
(6)
Líonra Eorpach na seirbhísí fostaíochta (EURES) (
6
)
▼M5
(7)
Liosta na n-eintiteas um réiteach malartach díospóide tomhaltais arna bhunú ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 20(4) de Threoir 2013/11/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
7
).
▼M4
(8)
Pointí teagmhála aonair a bhunaítear nó a ainmnítear de bhun Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2024/1735 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
8
), lena n-áirítear chun críocha Airteagal 18(1) den Rialachán sin agus pointí teagmhála a bhunaítear nó a ainmnítear de bhun Airteagal 33(1) de
▼M3
(9)
An pointe teagmhála aonair lena mbaineann de bhun Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2024/1252 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|