+RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/301 ÓN gCOIMISIÚN an 23 Deireadh Fómhair 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear an t-ábhar agus na teorainneacha ama maidir leis an bhfógra tosaigh i leith mórtheagmhais a bhaineann le TFC, agus maidir leis an tuarascáil idirmheánach agus chríochnaitheach ina leith, agus ábhar an fhógra dheonaigh i leith cibearbhagairtí suntasacha (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
---+Preamble: 1
---+Airteagal 1 Faisnéis ghinearálta atá le soláthar i bhfógraí tosaigh agus i dtuarascálacha idirmheánacha agus críochnaitheacha maidir le mórtheagmhais a bhaineann le TFC
------+Airteagal 1 (a)
------+Airteagal 1 (b)
------+Airteagal 1 (c)
------+Airteagal 1 (d)
------+Airteagal 1 (e)
------+Airteagal 1 (f)
------+Airteagal 1 (g)
---+Airteagal 2 Faisnéis shonrach atá le soláthar sna fógraí tosaigh
------+Airteagal 2 (a)
------+Airteagal 2 (b)
------+Airteagal 2 (c)
------+Airteagal 2 (d)
------+Airteagal 2 (e)
------+Airteagal 2 (f)
------+Airteagal 2 (g)
------+Airteagal 2 (h)
------+Airteagal 2 (i)
------+Airteagal 2 (j)
---+Airteagal 3 Faisnéis shonrach atá le soláthar i dtuarascálacha idirmheánacha
------+Airteagal 3 (a)
------+Airteagal 3 (b)
------+Airteagal 3 (c)
------+Airteagal 3 (d)
------+Airteagal 3 (e)
------+Airteagal 3 (f)
------+Airteagal 3 (g)
------+Airteagal 3 (h)
------+Airteagal 3 (i)
------+Airteagal 3 (j)
------+Airteagal 3 (k)
------+Airteagal 3 (l)
---+Airteagal 4 Faisnéis shonrach atá le soláthar i dtuarascálacha críochnaitheacha
------+Airteagal 4 (a)
------+Airteagal 4 (b)
------+Airteagal 4 (c)
------+Airteagal 4 (d)
------+Airteagal 4 (e)
------+Airteagal 4 (f)
---+Airteagal 5 Teorainneacha ama don fhógra tosaigh, agus do na tuarascálacha idirmheánacha agus críochnaitheacha
------+Airteagal 5 1
------+Airteagal 5 2
------+Airteagal 5 3
------+Airteagal 5 4
------+Airteagal 5 5
------+Airteagal 5 6
---+Airteagal 6 Ábhar an fhógra dheonaigh faoi chibearbhagairtí suntasacha
------+Airteagal 6 (a)
------+Airteagal 6 (b)
------+Airteagal 6 (c)
------+Airteagal 6 (d)
------+Airteagal 6 (e)
------+Airteagal 6 (f)
------+Airteagal 6 (g)
------+Airteagal 6 (h)
------+Airteagal 6 (i)
------+Airteagal 6 (j)
---+Airteagal 7 Teacht i bhfeidhm
English - European Union - Financial Industry - DORA -

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/301 ÓN gCOIMISIÚN an 23 Deireadh Fómhair 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear an t-ábhar agus na teorainneacha ama maidir leis an bhfógra tosaigh i leith mórtheagmhais a bhaineann le TFC, agus maidir leis an tuarascáil idirmheánach agus chríochnaitheach ina leith, agus ábhar an fhógra dheonaigh i leith cibearbhagairtí suntasacha (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/301 ÓN gCOIMISIÚN

an 23 Deireadh Fómhair 2024

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear an t-ábhar agus na teorainneacha ama maidir leis an bhfógra tosaigh i leith mórtheagmhais a bhaineann le TFC, agus maidir leis an tuarascáil idirmheánach agus chríochnaitheach ina leith, agus ábhar an fhógra dheonaigh i leith cibearbhagairtí suntasacha

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Preamble: 1

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014, (AE) Uimh. 909/2014 agus (AE) 2016/1011 (1), agus go háirithe Airteagal 20, an tríú fomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Chun comhchuibhiú agus simpliú na gceanglas maidir le fógra agus tuairisciú le haghaidh mórtheagmhais a bhaineann le TFC dá dtagraítear in Airteagal 19(4) de Rialachán (AE) 2022/2554 a áirithiú, ba cheart cur chuige comhsheasmhach a leanúint maidir le gach cineál eintitis airgeadais leis na teorainneacha ama chun mórtheagmhais a bhaineann le TFC a thuairisciú. Ar na cúiseanna sin, ba cheart do na teorainneacha ama freisin, a mhéid is féidir, cur chuige comhsheasmhach a leanúint leis na ceanglais a leagtar amach i dTreoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus ba cheart dóibh a bheith ar a laghad ar comhéifeacht leis na ceanglais sin (2).

(2)

Ionas nach gcuirfear ualach tuairiscithe míchuí ar eintitis airgeadais tráth a bheidh an teagmhas a bhaineann le TFC á láimhseáil acu, ba cheart ábhar an fhógra tosaigh a theorannú don fhaisnéis is tábhachtaí. Chun bheith in ann gníomhaíocht mhaoirseachta chuí a dhéanamh, ní mór d’údaráis inniúla faisnéis a fháil faoi mhórtheagmhais a bhaineann le TFC a luaithe is féidir tar éis don eintiteas airgeadais teagmhas a bhaineann le TFC a aicmiú mar mhórtheagmhas. Dá bhrí sin, ba cheart an teorainn ama chun fógra tosaigh a chur isteach dá dtagraítear in Airteagal 19(4), pointe (a), de Rialachán (AE) 2022/2554 a bheith chomh gearr agus is féidir tar éis teagmhas a bhaineann le TFC a aicmiú mar mhórtheagmhas, agus solúbthacht á ceadú ag an am céanna, go háirithe le haghaidh samhlacha gnó seirbhíse nach bhfuil thar a bheith criticiúil ó thaobh ama de, i gcás ina mbeidh níos mó ama ag teastáil ó eintitis airgeadais chun an teagmhas a bhaineann le TFC a láimhseáil tar éis dóibh a bheith ar an eolas faoi.

(3)

Tar éis dóibh an fógra tosaigh a fháil, ba cheart do na húdaráis inniúla faisnéis níos mionsonraithe a fháil faoin teagmhas a bhaineann le TFC sa tuarascáil idirmheánach agus an fhaisnéis ábhartha uile sa tuarascáil chríochnaitheach. Leis an bhfaisnéis sna tuarascálacha sin, ba cheart é a chur ar a gcumas d’údaráis inniúla measúnú breise a dhéanamh ar an teagmhas a bhaineann le TFC agus meastóireacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí maoirseachta ar mian leo a dhéanamh.

(4)

Dá bhrí sin, leis na teorainneacha ama tuairiscithe dá dtagraítear in Airteagal 20, an chéad mhír, pointe (a)(ii), de Rialachán (AE) 2022/2554, ba cheart cothromaíocht a bhaint amach idir an gá atá ann d’údaráis inniúla an fhaisnéis a fháil go tapa, agus an gá atá ann am leordhóthanach a thabhairt d’eintitis airgeadais chun faisnéis iomlán chruinn a fháil.

(5)

Agus na critéir a leagtar amach in Airteagal 20, an chéad mhír, pointe (a), de Rialachán (AE) 2022/2554 á gcur san áireamh, níor cheart ualach díréireach a bheith ag baint leis na hamlínte tuairiscithe ar mhicrifhiontair ná ar eintitis airgeadais eile nach móreintitis iad. Ina theannta sin, chun ualach díréireach ar eintitis airgeadais a sheachaint, ba cheart deireadh seachtaine agus laethanta saoire bainc a chur san áireamh sna teorainneacha ama tuairiscithe.

(6)

Ós rud é go bhfuil fógra le tabhairt faoi chibearbhagairtí suntasacha ar bhonn deonach, níor cheart ábhar na bhfógraí sin ualach a chur ar eintitis airgeadais agus ba cheart é a bheith níos teoranta ná an fhaisnéis a iarrtar le haghaidh mórtheagmhais a bhaineann le TFC.

(7)

Tá an Rialachán sin bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin ag na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha.

(8)

Rinne na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha comhairliúcháin phoiblí oscailte a reáchtáil maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán sin bunaithe, rinne siad anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo ann agus d’iarr siad comhairle ar na Grúpaí Geallsealbhóirí arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 (3), (AE) Uimh. 1094/2010 (4) agus (AE) Uimh. 1095/2010 (5) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(9)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus thug sé tuairim dhearfach uaidh an 22 Iúil 2024. Aon phróiseáil ar shonraí pearsanta a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin sin, ba cheart í a dhéanamh i gcomhréir leis na prionsabail agus na forálacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí ó Rialachán (AE) 2018/1725,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SIN A GHLACADH:

Beidh an Rialachán sin ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Deireadh Fómhair 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN

Airteagal 1 Faisnéis ghinearálta atá le soláthar i bhfógraí tosaigh agus i dtuarascálacha idirmheánacha agus críochnaitheacha maidir le mórtheagmhais a bhaineann le TFC

Áireoidh eintitis airgeadais san fhógra tosaigh, sa tuarascáil idirmheánach agus sa tuarascáil chríochnaitheach, dá dtagraítear in Airteagal 19(4) de Rialachán (AE) 2022/2554, an fhaisnéis ghinearálta seo a leanas:

Airteagal 2 Faisnéis shonrach atá le soláthar sna fógraí tosaigh

Beidh an fhaisnéis shonrach seo a leanas ar fad ar a laghad sna fógraí tosaigh dá dtagraítear in Airteagal 19(4), pointe (a), de Rialachán (AE) 2022/2554:

Airteagal 3 Faisnéis shonrach atá le soláthar i dtuarascálacha idirmheánacha

Beidh an fhaisnéis shonrach seo a leanas ar fad ar a laghad sna tuarascálacha idirmheánacha dá dtagraítear in Airteagal 19(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2022/2554:

Airteagal 4 Faisnéis shonrach atá le soláthar i dtuarascálacha críochnaitheacha

Beidh an fhaisnéis shonrach uile seo a leanas sna tuarascálacha críochnaitheacha dá dtagraítear in Airteagal 19(4), pointe (c), de Rialachán (AE) 2022/2554:

Airteagal 5 Teorainneacha ama don fhógra tosaigh, agus do na tuarascálacha idirmheánacha agus críochnaitheacha -
Airteagal 6 Ábhar an fhógra dheonaigh faoi chibearbhagairtí suntasacha

Le hábhar an fhógra dheonaigh i ndáil le cibearbhagairtí suntasacha dá dtagraítear in Airteagal 19(2) de Rialachán (AE) 2022/2554, cumhdófar an méid uile seo a leanas:

Airteagal 7 Teacht i bhfeidhm

Airteagal 7

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán sin i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.


(1)   IO L 333, 27.12.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2554/oj.

(2)  Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Treoir (AE) 2018/1972 agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 (Treoir NIS 2) (IO L 333, 27.12.2022, lch. 80, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2022/2555/oj).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1093/oj).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 48, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1094/oj).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1095/oj).

(6)  6 Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).

(7)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1772 ón gCoimisiún an 13 Márta 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na critéir maidir le haicmiú teagmhas a bhaineann le TFC agus cibearbhagairtí, lena leagtar amach tairseacha ábharthachta agus lena sonraítear sonraí tuairiscithe mórtheagmhas (IO L, 2024/1772, 25.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/1772/oj).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas

Saincheisteanna nasctha