+Airteagal 1 Faisnéis ghinearálta atá le soláthar i bhfógraí tosaigh agus i dtuarascálacha idirmheánacha agus críochnaitheacha maidir le mórtheagmhais a bhaineann le TFC
---+Airteagal 1 (a)
---+Airteagal 1 (b)
---+Airteagal 1 (c)
---+Airteagal 1 (d)
---+Airteagal 1 (e)
---+Airteagal 1 (f)
---+Airteagal 1 (g)

Airteagal 1 Faisnéis ghinearálta atá le soláthar i bhfógraí tosaigh agus i dtuarascálacha idirmheánacha agus críochnaitheacha maidir le mórtheagmhais a bhaineann le TFC

Áireoidh eintitis airgeadais san fhógra tosaigh, sa tuarascáil idirmheánach agus sa tuarascáil chríochnaitheach, dá dtagraítear in Airteagal 19(4) de Rialachán (AE) 2022/2554, an fhaisnéis ghinearálta seo a leanas:

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 1 (a)

an cineál aighneachta (fógra tosaigh, tuarascáil idirmheánach, nó tuarascáil chríochnaitheach);

Airteagal 1 (b)

ainm an eintitis airgeadais, a chód LEI, agus an cineál eintitis airgeadais, dá dtagraítear in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2022/2554;

Airteagal 1 (c)

ainm agus cód aitheantais an eintitis a chuireann isteach an fógra tosaigh, nó an tuarascáil idirmheánach nó an tuarascáil chríochnaitheach, le haghaidh an eintitis airgeadais;

Airteagal 1 (d)

i gcás inarb infheidhme, ainmneacha agus cóid LEI na n-eintiteas airgeadais uile a chumhdaítear san fhógra tosaigh comhiomlánaithe nó sa tuarascáil idirmheánach chomhiomlánaithe nó sa tuarascáil chríochnaitheach;

Airteagal 1 (e)

sonraí teagmhála na ndaoine atá freagrach as cumarsáid a dhéanamh leis an údarás inniúil maidir leis an mórtheagmhas a bhaineann le TFC;

Airteagal 1 (f)

i gcás inarb infheidhme, aitheantas mháthairghnóthas an ghrúpa lena mbaineann an t-eintiteas airgeadais;

Airteagal 1 (g)

i gcás ina bhfuil tionchar airgeadaíochta ann, an t-airgeadra ar a bhfuil na méideanna bunaithe.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas