+RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/295 ÓN gCOIMISIÚN an 24 Deireadh Fómhair 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála maidir le coinníollacha lena gcumasaítear stiúradh na ngníomhaíochtaí formhaoirseachta a chomhchuibhiú (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
---+Preamble: 1
---+Airteagal 1 Faisnéis atá le soláthar ag soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí san iarratas ar ainmniú mar sholáthraí criticiúil
------+Airteagal 1 1
------+Airteagal 1 2
---+Airteagal 2 Ábhar, struchtúr agus formáid na faisnéise atá le cur isteach, le nochtadh nó le tuairisciú ag soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúla
------+Airteagal 2 1
------+Airteagal 2 2
---+Airteagal 3 Faisnéis ó sholáthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúla tar éis moltaí a eisiúint
------+Airteagal 3 1
------+Airteagal 3 2
---+Airteagal 4 Struchtúr agus formáid na faisnéise arna soláthar ag soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúla
------+Airteagal 4 1
------+Airteagal 4 2
------+Airteagal 4 3
---+Airteagal 5 Teimpléad chun faisnéis a sholáthar maidir le socruithe fochonraitheoireachta
---+Airteagal 6 Measúnú na n-údarás inniúil ar na rioscaí a dtugtar aghaidh orthu i moltaí an Phríomh-Fhormhaoirseora
------+Airteagal 6 1
------+Airteagal 6 2
------+Airteagal 6 3
------+Airteagal 6 4
---+Airteagal 7 Teacht i bhfeidhm
---+ANNEX TEMPLATE FOR SHARING INFORMATION ON SUBCONTRACTING ARRANGEMENTS
English - European Union - Financial Industry - DORA - ICT - Cybersecurity -

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/295 ÓN gCOIMISIÚN an 24 Deireadh Fómhair 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála maidir le coinníollacha lena gcumasaítear stiúradh na ngníomhaíochtaí formhaoirseachta a chomhchuibhiú (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/295 ÓN gCOIMISIÚN

an 24 Deireadh Fómhair 2024

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála maidir le coinníollacha lena gcumasaítear stiúradh na ngníomhaíochtaí formhaoirseachta a chomhchuibhiú

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Preamble: 1

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014, (AE) Uimh. 909/2014 agus (AE) 2016/1011 (1), agus go háirithe Airteagal 41(2), an tríú fomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leis an gcreat maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais a bhunaítear le Rialachán (AE) 2022/2554, tugtar isteach creat formhaoirseachta de chuid an Aontais le haghaidh soláthraithe seirbhísí tríú páirtí teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC) don earnáil airgeadais a ainmnítear mar sholáthraí criticiúil i gcomhréir le hAirteagal 31 den Rialachán sin.

(2)

Ba cheart do sholáthraí seirbhísí TFC tríú páirtí a chinneann iarraidh dheonach a chur isteach le bheith ainmnithe mar sholáthraí criticiúil an fhaisnéis uile is gá a sholáthar don Údarás Maoirseachta Eorpach (ÚME) is faighteoir chun a chriticiúlacht a léiriú de réir na bprionsabal agus na gcritéar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2022/2554. Ar an gcúis sin, ba cheart an fhaisnéis atá le háireamh san iarratas ar iarraidh dheonach a bheith mionsonraithe agus iomlán go leor chun gur féidir measúnú soiléir agus iomlán a dhéanamh ar chriticiúlacht faoi Airteagal 31(11) den Rialachán sin. Ba cheart do ÚME ábhartha aon iarratas neamhiomlán a dhiúltú agus an fhaisnéis atá in easnamh a iarraidh.

(3)

Ba cheart sainaithint dhlíthiúil soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí a thagann faoi raon feidhme an Chaighdeáin Theicniúil Rialála sin a ailíniú leis an gcód aitheantais a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28(9) ó Rialachán (AE) 2022/2554.

(4)

Mar obair leantach ar na moltaí arna n-eisiúint ag an bPríomh-Fhormhaoirseoir chuig soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúla, ba cheart don Phríomh-Fhormhaoirseoir faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na moltaí ag soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúla. D’fhonn faireachán éifeachtúil agus éifeachtach a áirithiú ar na gníomhaíochtaí a rinne na soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúla nó ar na réitigh a chuir siad chun feidhme i ndáil leis na moltaí sin, ba cheart don Phríomh-Fhormhaoirseoir a bheith in ann na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 35(1), pointe (c), de Rialachán (AE) 2022/2554 a éileamh, tuarascálacha ar dhul chun cinn eatramhacha agus tuarascálacha críochnaitheacha.

(5)

Chun críoch an mheasúnaithe a shonraítear in Airteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2022/2554, ar dá réir a bhfuil sé d’oibleagáid ar an bPríomh-Fhormhaoirseoir meastóireacht a dhéanamh i dtaobh an leor an míniú a thugann soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúil, agus maidir leis an bhfógra ón soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúil chuig an bPríomh-Fhormhaoirseoir ina insítear go bhfuil sé ar intinn aige na moltaí a fhaightear a leanúint, ba cheart é a chomhlánú le tuairisc ar na gníomhaíochtaí agus ar na bearta a rinneadh chun na rioscaí a leagtar amach sna moltaí a mhaolú, mar aon lena spriocdhátaí faoi seach. Ba cheart an míniú sin a bheith i bhfoirm plean feabhsúcháin.

(6)

Ós rud é go bhfuiltear ag súil go ndéanfaidh an Príomh-Fhormhaoirseoir measúnú ar shocruithe fochonraitheoireachta an tsoláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí chriticiúil, is gá teimpléad a fhorbairt chun faisnéis maidir leis na socruithe sin a sholáthar. Ba cheart a chur san áireamh sa teimpléad go bhfuil struchtúir ag na soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúla nach ionann agus na struchtúir atá ag eintitis airgeadais.

(7)

A luaithe a eiseoidh an Príomh-Fhormhaoirseoir na moltaí do sholáthraí seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúil, agus a luaithe a chuirfidh na húdaráis inniúla na heintitis airgeadais ábhartha ar an eolas faoi na rioscaí a shainaithnítear sna moltaí sin, ba cheart don Phríomh-Fhormhaoirseoir faireachán agus measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí agus na réitigh chun na moltaí a chomhlíonadh ag an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúil. Ba cheart do na húdaráis inniúla faireachán agus measúnú a dhéanamh ar a mhéid atá na heintitis airgeadais neamhchosanta ar na rioscaí a shainaithnítear sna moltaí sin. D’fhonn cothrom iomaíochta a choinneáil ar bun agus a gcúraimí faoi seach á ndéanamh acu, go háirithe nuair a bhíonn na rioscaí a shainaithnítear sna moltaí dian agus comhroinnte i measc líon mór eintiteas airgeadais i roinnt Ballstát, ba cheart do na húdaráis inniúla agus don Phríomh-Fhormhaoirseoir araon aon toradh ábhartha atá riachtanach dóibh chun a gcúraimí faoi seach a dhéanamh a chomhroinnt le chéile. Is é is cuspóir don chomhroinnt faisnéise a áirithiú go gcuirfear san áireamh an tionchar ar rioscaí na n-eintiteas airgeadais san aiseolas ón bPríomh-Fhormhaoirseoir chuig an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúil i ndáil leis na gníomhaíochtaí agus na leigheasanna atá á gcur chun feidhme ag an soláthraí sin, agus go mbeidh na gníomhaíochtaí maoirseachta a dhéanann na húdaráis inniúla bunaithe ar an measúnú a dhéanann an Príomh-Fhormhaoirseoir.

(8)

Chun go mbeifear in ann faisnéis a chomhroinnt go héifeachtúil agus go héifeachtach, ba cheart do na húdaráis inniúla measúnú a dhéanamh, mar chuid dá ngníomhaíochtaí maoirseachta, ar a mhéid atá na heintitis airgeadais a ndéanann siad maoirseacht orthu neamhchosanta ar na rioscaí a shainaithnítear sna moltaí. Ba cheart an measúnú sin a dhéanamh ar bhealach comhréireach agus rioscabhunaithe. Ba cheart don Phríomh-Fhormhaoirseoir iarraidh ar na húdaráis inniúla torthaí an mheasúnaithe sin a roinnt sna cásanna sonracha ina bhfuil na rioscaí a bhaineann leis na moltaí dian agus comhroinnte i measc líon mór eintiteas airgeadais i roinnt Ballstát. Chun an úsáid is fearr a bhaint as acmhainní na n-údarás inniúil, agus é ag iarraidh torthaí an mheasúnaithe sin a sholáthar, ba cheart don Phríomh-Fhormhaoirseoir a chur san áireamh i gcónaí gurb é cuspóir na n-iarrataí sin meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme ghníomhaíochtaí agus réitigh na soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúla.

(9)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus thug sé tuairim uaidh an 22 Iúil 2024.

(10)

Tá an Rialachán sin bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin ag na ÚMEnna.

(11)

Rinne Comhchoiste ÚMEnna comhairliúcháin phoiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán sin bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo ann agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Árachais agus Athárachais agus ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Pinsean Ceirde arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), agus ar an nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SIN A GHLACADH:

Beidh an Rialachán sin ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Deireadh Fómhair 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN

Airteagal 1 Faisnéis atá le soláthar ag soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí san iarratas ar ainmniú mar sholáthraí criticiúil -
Airteagal 2 Ábhar, struchtúr agus formáid na faisnéise atá le cur isteach, le nochtadh nó le tuairisciú ag soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúla -
Airteagal 3 Faisnéis ó sholáthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúla tar éis moltaí a eisiúint -
Airteagal 4 Struchtúr agus formáid na faisnéise arna soláthar ag soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúla -
Airteagal 5 Teimpléad chun faisnéis a sholáthar maidir le socruithe fochonraitheoireachta

Airteagal 5

Teimpléad chun faisnéis a sholáthar maidir le socruithe fochonraitheoireachta

Déanfaidh soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúil a gceanglaítear air faisnéis a roinnt maidir le socruithe fochonraitheoireachta an fhaisnéis a sholáthar don Phríomh-Fhormhaoirseoir de réir an teimpléid a leagtar amach san Iarscríbhinn.

Airteagal 6 Measúnú na n-údarás inniúil ar na rioscaí a dtugtar aghaidh orthu i moltaí an Phríomh-Fhormhaoirseora -
Airteagal 7 Teacht i bhfeidhm

Airteagal 7

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán sin i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.


(1)   IO L 333, 27.12.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2554/oj.

(2)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1093/oj).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 48, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1094/oj).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1095/oj).

ANNEX TEMPLATE FOR SHARING INFORMATION ON SUBCONTRACTING ARRANGEMENTS

ANNEX

TEMPLATE FOR SHARING INFORMATION ON SUBCONTRACTING ARRANGEMENTS

Information Category

Key Information Elements

General Information

—

Name of the critical ICT third-party service provider.

—

Identification code of the critical ICT third-party service provider.

—

Name of contact person and contact details of the critical ICT third-party service provider.

—

Date of submission of the template.

Overview of Subcontracting Arrangements

—

Mapping of the subcontracting arrangements, including a short description of the purpose and scope of the subcontracting relationships (including an indication on the level of criticality or importance of the subcontracting arrangements for the critical ICT third-party service provider).

—

Specification and description of the types of ICT services subcontracted and their significance to the ICT services provided to financial entities, in line with the implementing technical standards adopted pursuant to Article 28(9) of Regulation (EU) 2022/2554.

—

When specifying the types of ICT services, please refer to the list in Annex IV of the implementing technical standards adopted pursuant to Article 28(9) of Regulation (EU) 2022/2554.

Subcontractors’ Information

—

Name and legal entity details (including identification code) of each subcontractor.

—

Contact information of the staff members responsible for each of the subcontracting relationships in the critical ICT third-party provider management structure.

—

Overview for each subcontractor of the expertise, experience and qualifications related to the contracted ICT services.

Description of Services Provided by Subcontractors

—

Detailed description of the specific ICT services provided by each subcontractor.

—

Breakdown of the responsibilities and tasks allocated to subcontractors by detailing the different roles in the different stages of the ICT processes.

—

Information on the level of access subcontractors have to personal or otherwise sensitive data or systems regarding the ICT services provided to financial entities.

—

Information on the sites from which the services of subcontractors are provided and on the measures taken to address risks arising from services provided outside the Union.

Subcontracting Governance and Oversight

—

Description of the contractual and governance framework in place to manage subcontracting relationships, including clauses restricting the usage of sensitive data.

—

Explanation of the processes for selecting, engaging and monitoring subcontractors.

—

Overview of performance metrics, service level objectives and agreements, and key performance indicators used to assess subcontractor’s performance and reliability monitoring.

Risk Management and Compliance

—

Assessment of the subcontractor’s risk profiles and potential impact on the ICT services provided to financial entities.

—

Explanation of the risk mitigation measures implemented to address subcontracting-related risks.

—

Details of subcontractor’s compliance with relevant regulations, including on data protection and industry standards.

Business Continuity and Contingency Planning

—

Overview of the subcontractor’s business continuity and response and recovery plans.

—

Description of the arrangements in place to ensure service continuity in case of disruptions or termination by the subcontractor.

—

Frequency of tests of the business continuity plans and response and recovery plans by the subcontractors, dates of the latest tests over the past 3 years, and specification if the critical ICT third-party service provider has been involved in those tests.

Reporting

—

Description of the reporting mechanisms and frequency of reporting between the critical ICT third-party service provider and its subcontractors.

Remediation and Incident Management

—

Outline of the procedures for addressing subcontractor-related incidents, breaches or non-compliance.

Certifications and Audits

—

Information on any certifications, independent audits or assessments conducted on subcontractors to validate their security controls, quality standards or regulatory compliance.

—

Date and frequency of the audits of the subcontractors conducted by the critical ICT third-party service provider.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas

Saincheisteanna nasctha