+Airteagal 1 1
|
Airteagal 1 1
1. Cuirfidh an soláthraí seirbhísí tríú páirtí teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC) an fhaisnéis seo a leanas isteach san iarratas réasúnaithe ar iarraidh dheonach faoi Airteagal 31(11) de Rialachán (AE) 2022/2554 lena hainmniú mar sholáthraí criticiúil de bhun Airteagal 31(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2022/2554:
|
(a)
|
ainm an eintitis dhlítheanaigh;
|
|
(b)
|
cód aitheantais an eintitis dhlítheanaigh;
|
|
(c)
|
ainm an teagmhálaí agus sonraí teagmhála an tsoláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí chriticiúil;
|
|
(d)
|
tír ina bhfuil oifig chláraithe an eintitis dhlítheanaigh;
|
|
(e)
|
tuairisc ar an struchtúr corparáideach lena n-áirítear ar a laghad faisnéis faoina mháthairchuideachta agus faoi ghnóthais ghaolmhara eile a sholáthraíonn seirbhísí TFC d’eintitis airgeadais de chuid an Aontais. Áireofar san fhaisnéis sin, i gcás inarb infheidhme,
|
(i)
|
ainm na n-eintiteas dlítheanach;
|
|
(ii)
|
cód aitheantais an eintitis dhlítheanaigh;
|
|
(iii)
|
tír ina bhfuil oifig chláraithe an eintitis dhlítheanaigh;
|
|
|
(f)
|
meastachán ar an sciar den mhargadh atá ag an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí in earnáil airgeadais an Aontais agus meastachán ar an sciar den mhargadh de réir chineál an eintitis airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2022/2554 ón mbliain a cuireadh isteach an t-iarratas ar ainmniú mar sholáthraí criticiúil agus ón mbliain roimh an iarratas sin;
|
|
(g)
|
tuairisc ar gach seirbhís TFC a sholáthraítear d’eintitis airgeadais an Aontais lena n-áirítear:
|
(i)
|
tuairisc ar chineál an ghnó agus ar chineál na seirbhísí TFC a sholáthraítear d’eintitis airgeadais;
|
|
(ii)
|
liosta d’fheidhmeanna na n-eintiteas airgeadais a fhaigheann tacaíocht ó na seirbhísí TFC a sholáthraítear, i gcás ina mbeidh fáil orthu;
|
|
(iii)
|
faisnéis maidir le cé acu a thacaíonn nó nach dtacaíonn na seirbhísí TFC a sholáthraítear d’eintitis airgeadais le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha, i gcás ina mbeidh fáil orthu;
|
|
|
(h)
|
liosta d’eintitis airgeadais a bhaineann úsáid as na seirbhísí TFC arna soláthar ag an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí, lena n-áirítear an fhaisnéis seo a leanas le haghaidh gach ceann den eintiteas airgeadais a ndéantar seirbhísiú air, i gcás ina mbeidh fáil uirthi:
|
(i)
|
ainm an eintitis dhlítheanaigh;
|
|
(ii)
|
cód aitheantais an eintitis dhlítheanaigh, i gcás inarb eol don soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí é;
|
|
(iii)
|
an cineál eintitis airgeadais mar a shonraítear in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2022/2554;
|
|
(iv)
|
an suíomh geografach óna soláthraítear na seirbhísí TFC don eintiteas dlíthiúil sonrach sin;
|
|
|
(i)
|
liosta de na soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúla a áirítear sa liosta is déanaí atá ar fáil de na soláthraithe sin arna fhoilsiú ag ÚMEnna de bhun Airteagal 31(9) de Rialachán (AE) 2022/2554 a bhraitheann ar na seirbhísí arna soláthar ag an iarratasóir i gcás ina mbeidh fáil orthu;
|
|
(j)
|
féinmheasúnú maidir leis an méid seo a leanas:
|
(i)
|
méid inionadaitheachta gach seirbhíse TFC arna soláthar ag an iarratasóir agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:
|
—
|
an sciar den mhargadh atá ag an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí in earnáil airgeadais an Aontais;
|
|
—
|
an líon iomaitheoirí ábhartha aitheanta in aghaidh an chineáil seirbhísí TFC, nó an ghrúpa seirbhísí TFC;
|
|
—
|
tuairisc ar shainiúlachtaí a bhaineann leis na seirbhísí TFC arna dtairiscint, lena n-áirítear i ndáil le haon teicneolaíocht dhílsithe, nó na gnéithe sonracha d’eagraíocht nó de ghníomhaíocht an tsoláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí;
|
|
|
(ii)
|
eolas faoi infhaighteacht na soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí malartacha, chun na seirbhísí TFC céanna a sholáthar agus a sholáthraíonn an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí a chuireann an t-iarratas isteach;
|
|
|
(k)
|
faisnéis faoi straitéis ghnó a bheidh ann amach anseo i ndáil le seirbhísí agus bonneagar TFC a sholáthar d’eintitis airgeadais san Aontas, lena n-áirítear aon athrú atá beartaithe ar an ngrúpa nó ar an struchtúr bainistíochta, ar dhul isteach i margaí nó gníomhaíochtaí nua;
|
|
(l)
|
sainaithint fhochonraitheoirí an tsoláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí a ainmníodh mar sholáthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúla;
|
|
(m)
|
aon chúis eile atá ábhartha maidir le hiarratas an tsoláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí ar ainmniú mar sholáthraí criticiúil.
|
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|