+8.1 Liúntais
---+129. Féadfaidh comhpháirteanna éagsúla a bheith i luach saothair athraithe agus seasta gnólachtaí …
---+130. Go sonrach, i gcás go meastar gur luach saothair seasta iad liúntais, ach go léiríonn siad aon …
---+131. I gcás go bhfuil na liúntais bunaithe ar ról, ar fheidhm nó ar fhreagracht eagraíochtúil na …
---+132. Ba cheart d’údaráis inniúla a áirithiú nach bealach nó modh iad liúntais lena n-éascaítear …
|
8.1 Liúntais
8.1 Liúntais
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
129. Féadfaidh comhpháirteanna éagsúla a bheith i luach saothair athraithe agus seasta gnólachtaí …
|
Féadfaidh comhpháirteanna éagsúla a bheith i luach saothair athraithe agus seasta gnólachtaí infheistíochta, lena n-áirítear íocaíochtaí nó sochair bhreise nó choimhdeacha. Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta anailís a dhéanamh ar liúntais18 agus iad a leithdháileadh ar chomhpháirt inathraithe nó ar chomhpháirt sheasta an luach saothair. Ba cheart go mbeadh an leithdháileadh bunaithe ar na critéir in alt 7.
18 Féadfaidh an lipéad a bheith difriúil ag brath ar an ngnólachta infheistíochta: ‘pá rólbhunaithe, liúntas foirne, liúntas róil inchoigeartaithe, liúntas pá sheasta’, etc.
|
|
130. Go sonrach, i gcás go meastar gur luach saothair seasta iad liúntais, ach go léiríonn siad aon …
|
Go sonrach, i gcás go meastar gur luach saothair seasta iad liúntais, ach go léiríonn siad aon cheann de na gnéithe seo a leanas, ba cheart don ghnólacht infheistíochta torthaí na measúnuithe a rinneadh faoi alt 7 a thaifeadadh go cuí: EBA Public - a. ní íoctar iad ach le baill foirne shainaitheanta19 ;
- b. tá siad teoranta do chásanna ina sáródh an cóimheas idir comhpháirteanna inathraithe agus comhpháirteanna seasta an luach saothair an cóimheas a leagtar síos sa bheartas luach saothair seachas sin;
- c. tá na liúntais nasctha le táscairí a d’fhéadfaí a thuiscint mar sheachvótálaithe le haghaidh feidhmíochta. Sa chás sin ba cheart go mbeadh an gnólacht infheistíochta ábalta a léiriú nach bhfuil na táscairí sin nasctha le feidhmíocht an ghnólachta infheistíochta, e.g. trí anailís a dhéanamh ar an gcomhghaol leis na táscairí feidhmíochta a úsáidtear.
19 Níor cheart a mheas gur ionann ball foirne sainaitheanta agus ról nó feidhm.
|
|
131. I gcás go bhfuil na liúntais bunaithe ar ról, ar fheidhm nó ar fhreagracht eagraíochtúil na …
|
I gcás go bhfuil na liúntais bunaithe ar ról, ar fheidhm nó ar fhreagracht eagraíochtúil na mball foirne, chun iad a mhapáil i gceart le comhpháirt sheasta an luach saothair, ba cheart dóibh na critéir atá leagtha amach i mír 128 a chomhlíonadh agus na sonraí uile seo a leanas á gcur san áireamh: - a. tá an liúntas ceangailte le ról nó le freagracht eagraíochtúil agus dámhtar é fad is nach dtarlóidh aon athruithe ábhartha maidir le freagrachtaí agus údaráis an róil ionas go mbeadh ról difriúil nó freagracht eagraíochtúil dhifriúil eile ag an mball foirne;
- b. ní bhraitheann an méid ar thosca ar bith seachas ról áirithe a chomhlíonadh nó freagracht eagraíochtúil áirithe a bheith air nó uirthi agus na critéir i mír 14;
- c. bheadh aon bhall foirne eile a chomhlíonfadh an ról céanna nó a mbeadh an fhreagracht eagraíochtúil chéanna aige nó aici agus atá i staid inchomparáide i dteideal liúntas inchomparáide.
|
|
132. Ba cheart d’údaráis inniúla a áirithiú nach bealach nó modh iad liúntais lena n-éascaítear …
|
Ba cheart d’údaráis inniúla a áirithiú nach bealach nó modh iad liúntais lena n-éascaítear neamhchomhlíonadh gnólachtaí infheistíochta maidir le Treoir (AE) 2019/2034.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA -
EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.
DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.
|