+58. Ba cheart go mbeadh an méid seo a leanas ar fáil don choiste riosca: a. rochtain ar an …
|
58. Ba cheart go mbeadh an méid seo a leanas ar fáil don choiste riosca: a. rochtain ar an …
Ba cheart go mbeadh an méid seo a leanas ar fáil don choiste riosca: - a. rochtain ar an bhfaisnéis agus ar na sonraí ábhartha uile is gá chun a ról a chomhlíonadh, lena n-áirítear faisnéis agus sonraí ó fheidhmeanna ábhartha corparáideacha agus rialaithe (e.g. dlí, airgeadas, acmhainní daonna, TF, iniúchadh inmheánach, riosca agus comhlíonadh, lena n-áirítear faisnéis maidir le comhlíonadh AML/CTF agus faisnéis chomhiomlánaithe maidir le tuarascálacha ar idirbhearta amhrasacha, agus fachtóirí riosca ML/TF);
- b. tuarascálacha rialta, faisnéis, teachtaireachtaí agus tuairimí ad hoc a fháil ó chinn feidhmeanna rialaithe inmheánaigh maidir le próifíl riosca reatha an ghnólachta infheistíochta, a chultúr riosca agus a theorainneacha riosca, chomh maith le haon sáruithe ábhartha16 a tharla, agus faisnéis mhionsonraithe agus moltaí maidir le bearta ceartaitheacha a glacadh, a bheidh le déanamh nó le moladh chun déileáil leo; athbhreithniú agus cinneadh a dhéanamh go tráthrialta maidir le hábhar, formáid agus minicíocht na faisnéise maidir leis an riosca a bheidh le tuairisciú dó; agus
- c. más gá, rannpháirtíocht chuí na bhfeidhmeanna rialaithe inmheánaigh agus feidhmeanna ábhartha eile (acmhainní daonna, dlí agus airgeadas) a áirithiú ina réimsí saineolais faoi seach agus/nó comhairle ó shaineolaithe seachtracha a lorg.
16 Maidir le sáruithe tromchúiseacha i réimse AML/TF, féach freisin ar na treoirlínte atá le heisiúint faoi Airteagal 117 (6) de Threoir 2013/36/AE, ina sonraítear an modh comhair agus malartaithe faisnéise idir na húdaráis dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, go háirithe i ndáil le grúpaí trasteorann agus i gcomhthéacs sáruithe tromchúiseacha ar rialacha frithsciúrtha airgid a shainaithint.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA -
EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.
DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.
|